Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge bualadh le Ceann Comhairle an 33ú Dáil chun plean a chur faoina bhráid a d’fhágfadh go mbeadh 5% de dhíospóireachtaí na Dála nua i nGaeilge.
Tá sé i gceist ag an eagraíocht teanga chomh maith taighde a dhéanamh i measc iriseoirí agus polaiteoirí féachaint cén fáth a mbaintear a laghad sin úsáid as an nGaeilge sa Dáil.
I measc na moltaí atá ag Conradh na Gaeilge tá go gcuirfí lá amháin sa mhí ar leataobh do dhíospóireachtaí Dála i nGaeilge.
Dúirt leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin an tseachtain seo caite nár chóir “glacadh leis” go ndéanfaí neamhaird sna meáin ar aon chaint a dhéantar sa Dáil i nGaeilge.
Níor bhac na meáin Bhéarla leis an óráid lán-Ghaeilge a thug Catherine Martin le linn an chéad suí den Dáil nua.
Bhí ábhar i dtuairiscí de chuid RTÉ agus na meán eile ó na príomhóráidí ar fad a tugadh sa Dáil an lá céanna seachas óráid Catherine Martin.
Dúirt polaiteoirí ó gach páirtí anuraidh nach labhraítear mórán Gaeilge i nDáil Éireann toisc nach mbíonn aird ag na meáin ach ar an gcaint a dhéantar i mBéarla.
De réir taighde a rinne Tuairisc.ie, deir duine as gach cúigear den 160 duine a toghadh in Olltoghchán 2020 go bhfuil dóthain Gaeilge acu chun agallamh beo a dhéanamh i nGaeilge leis na meáin chraolta.
Tá Conradh na Gaeilge chun an sprioc go mbeadh 5% de chaint na Dála i nGaeilge a phlé chomh maith le haoirí agus urlabhraithe Gaeilge na bpáirtithe.
Bhí plé cheana ag Conradh na Gaeilge le Seán Ó Fearghaíl faoina laghad Gaeilge a labhraítear sa Dáil agus tá súil acu plean a aontú leis agus é atofa ina Cheann Comhairle sa Dáil nua.
Tá an sprioc 5% bunaithe ar thaighde a rinne Tuairisc.ie a léirigh gur ar éigean go bhfuil aon Ghaeilge á labhairt anois i nDáil Éireann.
De réir an taighde, as an os cionn 2.76 milliún focal a labhraíodh sa Dáil le linn an 38 lá a raibh sí ina suí sa dara leath de 2017, níor labhraíodh ach 14,723 focal i nGaeilge.
D’fhág sin nach raibh i nGaeilge ach leath d’aon faoin gcéad, nó 0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an téarma sin.
Chomh maith leis sin, léirigh an taighde a rinne Tuairisc.ie gur ar éigean go raibh aon chaint as Gaeilge ann ach amháin an uair fhánach sin go raibh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta á bplé.
Seachas sin baineann formhór na Gaeilge a labhraítear anois i nDáil Éireann le mionchaint, beannachtaí, focail bhuíochais agus focail chomhbhróin.
Eoghan Ó Néill
Is d’aonturas a dheineann siad neamhaird ar an ghaelig agus is uaidh sin an tost gaelach sa Dáil. Tá na Anglos i réim sa domhan mór anois agus gach cultúr ag úmhlú rompu. Ach níor úmhlaigh Catherine Martin!
Sibéal
Táimid cloíte más 5% an sprioc atá ag Conradh na Gaeilge.
I Senedd na Breataine Bige bíonn 12% den chaint as Breatnais. Ní sásaíonn sin Plaid Cymru, ná na brúghrúpaí teanga Dyfodol yr laith agus Cymdeithas yr laith Gymraeg!
Pól Ó Braoin
Ní thugann na meáin aird ar bith ar aon cheo ráite i nGaeilge sa Dáil agus bíonn faitíos ar na teachtaí nach ndéanfar tuairisciú ar an méid adeir siad agus a laghad ama cead cainte a thugtar dóibh…
Rinne Catherine Martin neamhaird na meán ar a raibh le rá aice a chruthú an uair sin a labhair sí i nGaeilge sa Dáil…