GAEILGEOIRÍ SA DÁIL: An 35 cainteoir Gaeilge a toghadh chun an 33ú Dáil…

Tá Gaeilge ag duine as gach cúigear den 160 duine a toghadh in Olltoghchán 2020

GAEILGEOIRÍ SA DÁIL: An 35 cainteoir Gaeilge a toghadh chun an 33ú Dáil…

Is ag Fianna Fáil a bheidh an líon is mó cainteoirí Gaeilge sa 33ú Dáil agus Gaeilge ag 29% de Theachtaí Dála an pháirtí.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie, tá Gaeilge ag 35 den 160 Teachta Dála a toghadh in Olltoghchán 2020, 21.9% nó beagán os cionn duine as gach cúigear.

Is iad Fianna Fáil a bhuaigh an líon is mó suíochán sa toghchán seo agus tá Gaeilge ag 11 den 38 Teachta Dála a bheidh acu i dTeach Laighean, ceannaire an pháirtí Micheál Martin ina measc.

Tá ceannairí na bpáirtithe móra eile, Mary Lou McDonald Shinn Féin agus Leo Varadkar Fhine Gael, san áireamh ar liosta na nGaeilgeoirí a toghadh go dtí an 33ú Dáil, beirt a bhfuil feabhas curtha acu ar a gcuid Gaeilge le blianta beaga anuas.

Is é an tslat tomhais atá againn do chainteoir líofa Gaeilge sa chás seo ná duine atá ábalta agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Gaeilge. Tá an liosta bunaithe ar thaighde réamhthoghcháin a rinne Tuairisc.ie i measc iarrthóirí na bpáirtithe agus ar thaighde eile.

Cé gur chaill triúr de Ghaeilgeoirí Fhianna Fáil, Pat ‘the Cope’ Gallagher, Declan Breathnach agus Eugene Murphy, a gcuid suíochán, toghadh beirt iarrthóirí eile dá gcuid a bhfuil Gaeilge acu, Cathal Crowe (An Clár) agus Norma Foley (Ciarraí), chun na Dála.

Roimh an toghchán, thug Sinn Féin le fios go raibh naonúr iarrthóirí acu a raibh Gaeilge líofa acu agus d’éirigh le hochtar acu siúd suíochán a bhaint.

Choinnigh Mary Lou McDonald, Pearse Doherty, Aengus Ó Snodaigh, Donnchadh Ó Laoghaire agus Dessie Ellis na suíocháin a bhí acu sa 32ú Dáil agus d’éirigh le triúr Gaeilgeoirí eile, Mairéad Farrell (Gaillimh Thiar), Pa Daly (Ciarraí) agus Ruairí Ó Murchú (An Lú), suíochán a bhaint.

Fágann na torthaí sin go bhfuil Gaeilge ag 22% den 37 Teachta Dála nuathofa ag Sinn Féin.

Drochthoghchán ag bhí ann do chainteoirí Gaeilge Fhine Gael. Bhí 12 Teachta Dála le Gaeilge acu sa 32ú Dáil ach níor toghadh go dtí an chéad Dáil eile ach seachtar Gaeilgeoirí, nó 20% dá 35 Teachta Dála.

Buille mór a bhí ann d’Fhine Gael nuair a theip ar Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a shuíochán choinneáil i nGaillimh Thiar. Chaill cainteoir Gaeilge eile de chuid an pháirtí Kate O’Connell a suíochán i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas agus rinne triúr Gaeilgeoirí eile ó Fhine Gael cinneadh gan seasamh in olltoghchán 2020, Enda Kenny, Michael Noonan agus Jim Daly.

Tá Gaeilge ag 25% de 12 Teachta Dála nuathofa an Chomhaontais Ghlais. Ba í leascheannaire an pháirtí Catherine Martin an t-aon Teachta Dála le Gaeilge a bhí acu sa 32ú Dáil ach toghadh beirt Ghaeilgeoirí eile Dé Sathairn, Marc Ó Cathasaigh i bPort Láirge agus Ossian Smyth sa Lú.

Seisear ó Pháirtí an Lucht Oibre a toghadh agus tá Gaeilge ag beirt acu. Toghadh ceannaire an pháirtí Brendan Howlin arís i Loch Garman agus bhuaigh Aodhán Ó Ríordáin arís i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh an suíochán a chaill sé in 2016.

Beidh Bríd Smith ag filleadh ar an Dáil arís, an t-aon Ghaeilgeoir ó Phobal Roimh Bhrabús a toghadh.

Is cainteoir Gaeilge é Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, agus an t-aon iarrthóir ag an bpáirtí sin ar éirigh leis suíochán a bhuachan sa Dáil.

Toghadh triúr iarrthóirí neamhspleácha a bhíonn le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge, Catherine Connolly, a bhí ina cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta le linn an 32ú Dáil, agus Carol Nolan a bhuaigh suíochán i Laois-Uíbh Fhailí.

Ar ndóigh ní hionann go leor Gaeilgeoirí a bheith sa Dáil agus go leor Gaeilge a bheith le cloisteáil sa Dáil.

De réir taighde a rinne Tuairisc.ie in 2018, is ar éigean go mbíonn aon Ghaeilge á labhairt i nDáil Éireann.

De réir an taighde sin, as an os cionn 2.76 milliún focal a labhraíodh le linn téarma Dála 38 lá, níor labhraíodh ach 14,723 focal i nGaeilge.

Fágann sin nach raibh i nGaeilge ach leath d’aon faoin gcéad, nó 0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an téarma sin.

Teachtaí Dála

Fianna Fáil 11/38 (28.9%)
Sinn Féin 8/37 (21.6%)
Fine Gael 7/35 (20%)
An Comhaontas Glas 3/12 (25%)
Páirtí an Lucht Oibre 2/6 (33.3%)
Neart le Chéile/Pobal Roimh Bhrabús 1/6 (16.6%)
Daonlathaigh Shóisialta 0/5 (0%)
Aontú 1/1 (100%)
Neamhspleách 2/20 (15%)
Iomlán 35/160 (22.5%)

Teachtaí Dála Nua (7)

Cathal Crowe (Fianna Fáil)
Norma Foley (Fianna Fáil)
Mairéad Farrell (Sinn Féin)
Pa Daly (Sinn Féin)
Ruairí Ó Murchú (Sinn Féin)
Marc Ó Cathasaigh (An Comhaontas Glas)
Ossian Smyth (An Comhaontas Glas)
Aodhán Ó Ríordáin (Páirtí an Lucht Oibre)*

– Bhí Aodhán Ó Ríordáin ina Theachta Dála cheana idir 2011-2016

Gaeilgeoirí a chaill suíocháin (6)

Declan Breathnach (Fianna Fáil)
Eugene Murphy (Fianna Fáil)
Pat ‘the Cope’ Gallagher (Fianna Fáil)
Seán Kyne (Fine Gael)
Kate O’Connell (Fine Gael)
Jan O’Sullivan (Páirtí an Lucht Oibre)

Gaeilgeoirí a d’éirigh as (5)

Gerry Adams (Sinn Féin)
Enda Kenny (Fine Gael)
Michael Noonan (Fine Gael)
Jim Daly (Fine Gael)
Maureen O’Sullivan (Neamhspleách)

Fág freagra ar 'GAEILGEOIRÍ SA DÁIL: An 35 cainteoir Gaeilge a toghadh chun an 33ú Dáil…'

  • Sibéal

    Go breá. An mbeidh méadú ar bith ar an 0.5% den díospóireacht sa Dáil ina mbíonn an Ghaeilge á úsáid?

  • An Teanga Bheo

    Bille Teanga eile cinnte !

  • Marcas Ó Duinn

    Ossian Smyth i nDún Laoghaire, nach ea?

  • Pól Ó Collata

    I rith laethanta an chomhaireamh, dúirt sibh gur cainteoir Gaeilge é Cian O’Callaghan (DS), mar sin beidh 1/6 ag an bpáirtí sin, agus 36 Teachtaí in iomlán?

  • Nílim-Ach-Dub-Ceart

    Tá an t-alt seo lán de shiombalachas. Agus cur i gcéill le daoine.
    Níl ach soirt gaelige briste ag Mary Lou agus Leo, mar shampla. Cosúil liom féin! Agus i mo thuraim fein, tá an caighdeán Mary Lou níos ísle ná Leo. Ni féidir léi imeacht go nádúrtha gan script a fhoghlaim, go curamach.

  • M Blundell

    Tá muinteoir féin ag Leo – a pháirtí, Matt, d’fhreastail sé ar scoil lán-ghaeilge, chuala mé Matt ag caint as gaeilge ar an teilifís.