Plean €112 billiún fógartha ag an rialtas d’fhorbairt infreastruchtúir

Deirtear san athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta €36 billiún ar fáil do thithíocht, ach tá a laghad sonraí atá sa phlean cáinte ag an bhfreasúra

Plean €112 billiún fógartha ag an rialtas d’fhorbairt infreastruchtúir

Tá plean €112 billiún an rialtais d’fhorbairt infreastruchtúir sna cúig bliana seo romhainn fógartha agus é ráite ann go gcuirfear €36 billiún ar fáil do thithíocht.

San athbhreithniú seo ar an bPlean Forbartha Náisiúnta tá maoiniú luaite le tithíocht, fuinneamh, uisce agus tograí iompair sna blianta idir 2026 agus 2030.

Maoiniú nua a deirtear atá i €30 billiún den €100 billiún sin, cuid de a tháinig ón €14 billiún a tháinig ó cháin an chomhlachta Apple agus cuid de a fuarthas ó na scaireanna i mBanc-Aontas Éireann [AIB] a bhíodh ag an rialtas agus a díoladh.

Cuid den mhaoiniú breise seo is airgead é a bhí i dtaisce i gcuntais an stáit, an Ciste Infreastruchtúir, Aeráide agus Dúlra san áireamh.

Deirtear go ndéanfar €102.4 billiún den airgead atá geallta a dháileadh ar na ranna rialtais éagsúla agus go gcaithfear an an €10 billiún eile ar thograí móra uisce fuinnimh agus iompair.

Tá maoiniú €4 billiún geallta d’Uisce Éireann agus €2.5 billiún de sin le caitheamh ar chuidiú le 300,000 teach breise a thógáil faoi 2030.

€9.25 billiún á chur ar fáil don tseirbhís sláinte.

Tá €24 billiún sa bplean forbartha do chúrsaí iompair agus dhá bhilliún de sin le caitheamh ar an Metrolink i gcathair Bhaile Átha Cliath. Tá €3.5 billiún ann do sheirbhísí aibhléise agus ESB Networks agus Eirgrid.

Príomhchuspóir don phlean maoiniú breise a chur ar fáil do thógáil tithíochta tráth a bhfuil géarchéim sa soláthar áiteanna cónaithe sa tír.

Tá an caiteachas is mó a rinneadh riamh ar an gcosaint curtha i leataobh do na Fórsaí Cosanta a mbeidh fáil acu ar €1.7 billiún mar infheistíocht chaipitil nua. Sa bplean seo tá €2 billiún á ghealladh don Roinn Dlí agus Cirt.

Tabharfaidh an maoiniú breise seo an acmhainn don tír cur lena cumas cosanta, Seirbhís Chabhlaigh níos mó agus scairdtrodairí san áireamh.

Dúirt páirtithe an fhreasúra agus daoine eile go raibh easpa sonraí sa phlean forbartha agus gurb amhlaidh nach raibh ann ach caint theibí arb é a cuspóir ná mearbhall a chur ar daoine.

Dúirt an Taoiseach go raibh an rialtas “dáiríre faoi thograí a fhorbairt” i ngach cuid den tír, go háirithe infreastruchtúr bóthair, iompar poiblí, agus aon infreastruchtúr “a dhéanfadh soláthar tithe a éascú”.

Dúirt sé “nach bhfacthas a leithéid seo d’infheistíocht riamh cheana” agus go dtabharfadh an maoiniú seo “cosaint agus cinnteacht do bhunriachtanais infreastruchtúir gach aon sochaí – uisce, fuinneamh agus seirbhís iompair”.

Fág freagra ar 'Plean €112 billiún fógartha ag an rialtas d’fhorbairt infreastruchtúir'