Plé le déanamh ag an Aire Ealaíon le Bord Gaillimh 2020 faoi athcheapadh Oifigeach Gaeilge

Bhí iarOifigeach Gaeilge Gaillimh 2020, Freda Nic Giolla Chatháin, ar dhuine de sheachtar déag d’fhoireann na féile a chaill a bpostanna de bharr phaindéim an Covid-19

Plé le déanamh ag an Aire Ealaíon le Bord Gaillimh 2020 faoi athcheapadh Oifigeach Gaeilge

Dúirt an tAire Catherine Martin sa Dáil inné go ndéanfadh sí cás Oifigeach Gaeilge Gaillimh 2020, a chaill a post an mhí seo caite, a phlé le bord na féile.

Bhí iarOifigeach Gaeilge Gaillimh 2020, Freda Nic Giolla Chatháin, ar dhuine den seachtar déag d’fhoireann na féile a cuireadh ar iomarcaíocht mar chuid de na hathruithe a chuir an eagraíocht i bhfeidhm de bharr phaindéim an Covid-19.

Agus ceist a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly á freagairt aici sa Dáil inné, dúirt an tAire Meán, Cumarsáide, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin go bpléifeadh sí na féidearthachtaí maidir le hathcheapadh Oifigeach Gaeilge do Gaillimh 2020 le bord stiúrtha na féile.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách do Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly, nár thuig sí cén fáth ar ligeadh an tOifigeach Gaeilge do Gaillimh 2020 chun bealaigh, agus an fhéile á reáchtáil “i gcathair dhátheangach atá buailte ar imeall an cheantair Ghaeltachta is mó sa tír”.

Thagair an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar do na deacrachtaí a bhain le hoifigeach Gaeilge a cheapadh do Ghaillimh 2020 agus dúirt sí go ndearnadh “botúin mhóra” i mbainistiú na féile cheana, go háirithe i leith a cur chuige “uileghabhálach”.

Cé go bhfuil an teanga ar cheann de thrí mhórthéama na féile, níor cuireadh tús leis an phróiseas chun oifigeach Gaeilge a cheapadh go dtí mí Dheireadh Fómhair 2018, tráth ar theip ar an eagraíocht urlabhraí Gaeilge a chur ar fáil do chlár raidió Gaeilge.

“Cheapfá go mbeadh ceapadh Oifigeach Gaeilge ríthábhachtach. Bhí cath le troid againn chun duine a cheapadh mar Oifigeach Gaeilge do Ghaillimh 2020. Drochlá a bhí sa chéad lá d’Aibreán an ceapachán sin a dhéanamh, is cosúil,” a dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly.

Mar fhreagra ar an mhéid sin, dúirt an tAire Martin go raibh sí “lándáiríre” faoina tiomantas do chur chun cinn agus d’úsáid na Gaeilge agus gur “mór an trua é” go mb’éigean deireadh a chur le post “an t-oifigeach Gaeilge iontach, Freda Nic Giolla Chatháin…de bharr srianta airgeadais agus oibríochta”.

“Is maith is eol dom go bhfuil an Ghaeilge ina téama láidir in Gaillimh 2020 agus rachaidh mé ag plé arís le Gaillimh 2020 agus pléifidh mé an ghné sin le bord Gaillimh 2020. Mar a dúirt tú féin, is cathair dhátheangach í Gaillimh agus fiosróidh mé céard is féidir liom a dhéanamh,” a dúirt an tAire Catherine Martin.

Thug an tAire Martin le fios chomh maith go bhfuil seachtar fostaithe go lán-aimseartha chun clár “asamhlaithe’ Gaillimh 2020 a chur i gcrích.

Dúirt an tAire Martin go bhfuil 28 imeacht beartaithe sa chlár nua agus go mbeadh seacht gcinn de na himeachtaí sin á reáchtáil i nGaeilge amháin nó i mBéarla agus i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Plé le déanamh ag an Aire Ealaíon le Bord Gaillimh 2020 faoi athcheapadh Oifigeach Gaeilge'