Pits, Perverts agus Margaret Thatcher

Fanann tú ar feadh tamaill fhada le dráma faoi na daoine aeracha a chuidigh le mianadóirí guail na Breataine Bige le linn na stailce in 1985. Ansin tagann dhá cheann i ndiaidh a chéile.

Ben Schnetzer i rol Mark Ashton

Fanann tú ar feadh tamaill fhada le dráma faoi na daoine aeracha a chuidigh le mianadóirí guail na Breataine Bige le linn na stailce in 1985. Ansin tagann dhá cheann i ndiaidh a chéile.

Is beag duine a a chuala iomrá riamh ar an LGSM (Lesbians and Gays Support the Miners) agus an obair charthanachta a rinne siad i 1984.

Is lú fós na daoine a raibh a fhios acu gur Éireannach óg, Mark Ashton, as Port Rois i gcontae Aontroma, a bhí mar phríomhbhunaitheoir an LGSM.

Is é Mark an príomhcharachtar in Pride, scannán úr Sasanach, atá á lua leis na Oscars cheana féin.

Gníomhaí sóisialta a bhí riamh i Mark, ball den Pháirtí Cumannach i Sasana, fear a throid in éadan an leatroim agus fear a chreid gurbh ionann streachailt na mianadóirí agus streachailt daoine aeracha sna 1980idí.

Fuair sé bás den SEIF in 1987 ach bíonn a theachtaireacht á chraobhscaoileadh ar leathanach facebook in ómós dó.

Ba eisean ba mhó a sheol an LGSM, dream a thiomsaigh na mílte punt – airgead mór an t-am sin – do phobal mianadóireachta Ghleann Dulais.

Dúirt scríbhneoir script an scannáin, Mark Beresford, go labhraíonn muintir na háite faoi Mark “amhail is dá mba Joan of Arc a bhí ann”.

Bhí fear eile páirteach in LGSM, Micheál Kerrigan, arb as Doire ó dhúchas dó.

Labhair Micheál ar chearta daoine aeracha agus an sóisialachas ag ócáid tigh Sandino i nDoire, mar a rabhthas ag ceiliúradh 40 bliain ó bunaíodh Cumann na gCearta Sibhialta ó thuaidh.

Spreag daoine é le níos mé a scríobh faoin LGSM agus is é toradh a chuid saothair ná Pits and Perverts, ceannlíne a bhí sa Sun ag cur síos ar an chomhghuaillíocht neamhcoitianta.

Scéal pearsanta Mhicheál Kerrigan atá sa dráma agus ar an ardán, feiceann muid carachtar Jim Wray, dlúthchara Mhíchíl, a maraíodh ar Dhomhnach na Fola.

Insíonn Pride agus Pits and Perverts an scéal céanna faoi uafás ré Margaret Thatcher agus cumhacht an phobail, an pobal mianadóireachta agus an pobal aerach sa chás seo, ach is é an teachtaireacht a thagann fríd ná gur cumhachtaí gach duine nuair sheasann pobal le chéile in am an ghátair.

Ni hionann sin is a rá go mbeidh bua acu.

Chaill na mianadóirí an troid in éadan Thatcher agus tá bailte ar fud na Breataine in ísle brí i rith an ama ó druideadh na mianaigh 30 bliain ó shin.

Bhí bua de chineál éigin ag an lucht aerach mar thacaigh Ceardchumann na Mianadóirí le rún ag Ard-Fheis Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain go dtabharfaí reachtaíocht isteach le cothromas a chinntiú do dhaoine aeracha.

Dúirt Thatcher nach raibh a leithéid de rud ann agus “sochaí”.

Bréagnaíonn Pits and Perverts an méid sin.

Ag an tús, bíonn an dá dhream thar a bheith éagsúil seo iontach amhrasach, naimhdeach féin, ar a chéile go dtí go dtagann claochlú agus go bhfásann dlúthpháirtíocht in áit an amhrais.

An dóigh a spreagann dream amháin atá faoi cois dream eile, an tábhacht atá le scéal an duine eile a chluinstin agus aithne phearsanta a chur ar dhaoine a bhfuil tú amhrasach fúthu, sin scéal an dráma agus an scannáin.

Ach tá an dá shaothar iontach láidir mar scéalta pearsanta chomh maith.

In Pride agus Pits an Perverts, tá greim an fhir bháite ar an ghreann, dhá ghrúpa a bhíodh (atá) faoi ionsaí ach a sheasann an fód go diongbháilte agus le dea-ghiúmar.

Ceacht don lá inniu?

Fág freagra ar 'Pits, Perverts agus Margaret Thatcher'