An uair dheireanach go raibh mé sa bhaile, trí mhí sular deimhníodh go raibh galar Alzheimer ar mo mháthair dáiríre, thug mé sean-iPhone di nach raibh á úsáid agam féin a thuilleadh. Le tamall de mhíonna roimhe sin, ní raibh ag éirí léi físghlao a chur orm tríd an ríomhaire, agus bhí sé sin ag cur isteach ar an teagmháil eadrainn: tá cónaí ar mo mháthair san Ísiltír, agus tá cónaí ormsa sa Bhrasaíl.
Ar Skype a bhí an locht á chur ag mo mháthair, ach ba léir dom féin nach é an bogearra sin ba chúis leis na deacrachtaí cumarsáide. Shíl mé go mbeadh gléas níos lú níos fusa di agus nach mbeadh FaceTime, an bogearra físchomhrá a thagann leis an iPhone, chomh casta céanna do sheanbhean a raibh meath ag teacht ar a meabhair: ag deireadh an lae, nach moltar comhéadain iomasacha Apple go hard na spéire?
Bhí dul amú orm. Ar an gcéad dul síos, níl comhéadan an iPhone chomh hiomasach agus a d’fhéadfadh sé a bheith. Ar an dara dul síos, tuigeadh dom, agus an bealach chun an diabhal iPhone a lasadh agus a mhúchadh á mhíniú agam don seachtú huair is fiche as a chéile, go raibh cuimhne ghearrthéarmach mo mham chóir a bheith imithe.
Tar éis cúpla lá, shocraigh mé gurbh fhearr díriú ar an mbogearra físchomhrá FaceTime amháin – agus gan bacadh le haip ar bith eile. Bhí an t-ádh orm go raibh mí iomlán sa bhaile agam agus gur ag tús na míosa sin a thug mé an iPhone do mo mháthair. Trí nó ceithre huaire sa lá, gach lá, chleacht muid ‘an chaoi le físghlao a chur’: ghabhainn suas an staighre agus chuirinn físghlao ar mo mham, d’iarrainn uirthi crochadh suas agus glao a chur ar ais. Sháraigh an diantraenáil na deacrachtaí leis an gcuimhne ghearrthéarmach sa deireadh. Faoin am ar fhág mé an Ísiltír, bhí mo mháthair in ann físghlao a chur orm léi féin, gan cabhair uaimse.
Tá sí fós in ann sin a dhéanamh inniu, agus b’fhéidir gurb é seo an chomhairle is práinní a bheadh agam do léitheoirí a mbeadh galar Alzheimer ar ghaol leo: déan cinnte go bhfuil an t-othar in ann guthán cliste a láimhseáil sula mbíonn sé rómhall.
Labhraím le mo mham gach lá. Ní amháin go bhfuil sé go hiontach go mbímid in ann a chéile a fheiceáil agus muid ag caint; cuireann na físchomhráite ar mo chumas fadhbanna beaga a réiteach do mo mháthair gan mé a bheith i láthair go fisiciúil. Pé rud nach dtuigeann mo mham, díríonn sí an ceamara air. Ar an gcaoi sin, cabhraím léi le comhfhreagras nach dtuigeann sí, míním di conas cadhnraí nua a chur i ngléas láimhe na líne talún nó conas an ríomhaire (a mbaineann sí úsáid as fós chun ríomhphost a léamh) a athdhúiseacht nuair is gá.
An lá cheana, ba é an t-oigheann micreathonn a bhí ag tabhairt trioblóide di: ní raibh an bia á théamh ar chor ar bith. Agus ceamara an iPhone á dhíriú ar an oigheann micreathonnach ag mo mháthair, chuaigh muid tríd an bpróiseas le chéile. Ach tar éis trí iarracht, ní raibh rath ar bith orainn. Bhí an t-oigheann micreathonnach briste dáiríre.
Uaireanta, ní ar mheabhair mo mham a bhíonn an locht.
Nuala
An-suimiuil agus praiticiuil. Go raibh maith agat.