Paul Drury 1958-2015: ‘Iriseoir neamheaglach tablóideach a raibh uaisleacht ag baint leis’

Iriseoir ‘den seandéanamh’ a raibh meas coitianta air agus géire agus fuaimint ag baint lena shaothar go dtí an deireadh

File Photo President Michael D Higgins has led tributes to

Shílfeá gur go cáiréiseach a roghnaigh Paul Drury ráiteas de chuid Oscar Wilde chun tús a chur lena aiste bheoga ‘An saol ar Phláinéad an Táblóideachas’ a foilsíodh sa leabhar Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán.

‘The public have an insatiable curiosity to know everything, except what is worth knowing. Journalism, conscious of this, and having tradesman-like habits, supplies their demands.’

Chreid Mac an Draoi go láidir gur tábhachtaí i gcónaí mianta an léitheora ná mianta an iriseora agus is dá bharr sin, a dúirt sé, gurbh é an tablóideachas an cur chuige iriseoireachta ab ansa leis.

Bhí taithí mhaith aige ar an “ragairne agus gliceas sráide” a bhain le cuid mhaith de na hiriseoirí Éireannacha a thaithigh an “síbín brocach sin i mbarr an tí os cionn shiopa geallghlacadóirí Kilmartins ar a dtugtaí The Irish Times Social Club”, ach ba nuair a thug sé cuairt ar oifig eagarthóir Star Shasana, Brian Hitchen, a daingníodh a dhúil sa tablóideachas.

Pictiúrí de Madaonna ina craiceann a bhí ag dó na geirbe ag Hitchens an lá ar thug eagarthóir nuacheaptha an Irish Daily Star cuairt air.

‘Madonna’s minge!’ a dúirt Hitchens leis féin arís agus arís eile “agus na seacht gcroíthe air” ag an “cúpla céad míle duine breise” a chuirfeadh na pictiúr le díolaíocht a nuachtáin an mhaidin dar gcionn.

Ba é an rud a thuig Paul Drury  “go ríshoiléir den chéad uair an mhaidin sin” in oifig eagarthóir an Star ná “gurb iad na léitheoirí is tábhachtaí” ar ‘phláinéad an tablóideachais’.

“Agus sin í an bhunchúis gur thit mise i ngrá leis an táblóideachas an lá sin, agus go bhfuil mé fós i ngrá leis 20 bliain ina dhiaidh,” a scríobh sé ina aiste ar Scéal Scéil, aiste atá ar phíosa neamhfhicsin chomh bíogúil, suimiúil agus dea-scríofa is a gheofá sa Nua-Ghaeilge.

Dar leis go raibh na tablóidigh chomh tábhachtach céanna, nó níos tábhachtaí fós ná “na páipéir a mbaineann éirí in airde leo” mar gurb iad na tablóidigh “a chothaíonn agus a chaomhnaíonn nós na léitheoireachta i measc na cosmhuintire”.

Ba é a thuairim mheáite ná go gcaithfeadh “idir shúgradh agus dáiríre” a bheith in aon nuachtán mór-ráchairte agus gurbh ionann “sáreagarthóir táblóideach” agus “duine, mar a déarfadh muintir Chonamara, a bhfuil nádúr aige lena chuid léitheoirí…”

“Tá áit ann i gcónaí don chor is nua in Uzbekistan; ach bíodh áit ann freisin do Madonna nó do Beyoncé nó do cibé mór-réalta atá i mbéal an phobail faoi láthair. Is é sin má tá tú ag iarraidh do chuid léitheoirí a choinneáil,” a scríobh sé.

Go deimhin, ceann de na buanna is mó a roinn le Drury is ea gur thuig sé go baileach cérbh iad a chuid léitheoirí agus conas ábhar nuachtáin a chur in oiriúint dóibhsean agus don ‘mhargadh’ a bhí roimhe, cuma cén nuachtán lenar bhain sé.

Bhí meas aige ar an iriseoireacht “nár ghéill do dhuine ná d’údarás ar bith” agus nach mbíodh riamh “ag sodar i ndiaidh na n-uaisle” agus bhí an tuiscint sin ar dhualgais na hiriseoireachta le sonrú ar a shaothar féin.

D’fhág an “cogar mogar leis na húdaráis, idir chléir agus tuatha” a bhíodh ar bun rómhinic ag na meáin sa tír seo a lorg chomh maith air.

Ba mhinic a chuala sé féin agus a chomhghleacaithe scéalta faoi “chlúdaigh litreach dhonna” nó “brúidiúlacht” le linn na n-ochtóidí agus na luathnóchaidí, ach “faic na ngrást” ní dhéantaí faoi.

“Ní raibh suim ag eagarthóirí na linne ann; níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid,” a scríobh sé.

B’fhearr leis féin mar eagarthóir an cineál iriseoireachta a dhéanfadh “conspóid a tharraingt seachas síocháin a scaipeadh” agus ba mhinic an dlí curtha air dá bharr.

In 1992 bhí sé os comhair na cúirte agus é curtha ina leith go raibh sé ag iarraidh cearta bunreachtúla príobháideachais shaoránaigh eile a shárú trí scéal faoi bhean phósta a raibh caidreamh collaí aici le sagart a fhoilsiú ar an Star.

Chinn an Breitheamh Rory O’Hanlon go raibh lánchead aige an scéal a fhoilsiú, bíodh is nach dtaitneodh a leithéid le daoine. I mbreithiúnas stairiúil, dúirt an Breitheamh go raibh an ceart um shaoirse cainte chomh tábhachtach céanna faoi Bhunreacht na hÉireann is a bhí cearta príobháideachais an duine aonair.

D’admhaigh sé féin gur chuaigh sé thar fóir uaireanta, mar a tharla i gcás scéil eile faoi bhean phósta agus sagart a d’fhoilsigh sé ar Ireland on Sunday.

Mar chuid den scéal, d’fhoilsigh sé an téacs den taifead a bhí déanta ag fear céile na mná ar ghlaonna gutháin “te teolaí” idir a bhean agus an sagart.

“Tugadh damáistí móra don bhean – agus iad tuillte aici. Chuaigh mé thar fóir agus b’éigean dom íoc go daor as,” a scríobh sé.

Bhí sé bródúil chomh maith as na scéalta a d’fhoilsigh sé faoi chur i gcéill agus chaimiléireacht lucht na cumhachta, ach mhaígh sé nach mbeadh pobal léitheoireachta “leath chomh leathan” faighte ag na scéalta sin “murach an béadán agus an chúlchaint a chuaigh lámh ar láimh leo”.

B’fhearr i bhfad, a dúirt sé in agallamh leis an iriseoir Breandán Delap, “preas atá misniúil, conspóideach, ceisteach – agus, is ea, gáirsiúil, ceanndána, tuatach agus páistiúil in amanna – ná an rogha eile, peata de chuid na mboc mór”.

“Frustrachas” an mothúchán ba mhó ba chuimhin leis faoina thréimhse dhá bhliain mar eagarthóir ar an nuachtán Gaeilge Amárach i gConamara ag tús na n-ochtóidí. Bhain an frustrachas sin le heaspa airgid, easpa foirne, deacrachtaí clódóireachta agus priondála agus le “deacrachtaí dul i bhfeidhm ar an bpobal Gaeltachta taobh amuigh de Chonamara”.

Ach ba chúis bhróid dó chomh maith gur éirigh leis féin agus a mheitheal bheag “os cionn 4,000 cóip den pháipéar a dhíol gach seachtain – a bhformhór siúd sa nGaeltacht agus an tromlach i gConamara”.

“Go deimhin, bhíodh sé de ghaisce againn gur dhíol muid an oiread céanna cóipeanna i gConamara agus a dhíol an Connacht Tribune ag an am – éacht nár éirigh le haon pháipéar Gaeilge a bhaint amach roimhe sin ná, go bhfios dom, ina dhiaidh,” a dúirt sé.

Fiú an uair sin bhí sé an shoiléir faoina chur chuige eagarthóireachta.

“Cúlchaint, neart pictiúr agus cásanna cúirte na trí bhunchloch ar ar tógadh an díolaíocht sin, dála an scéil – cosúil le haon pháipéar áitiúil maith in aon teanga.”

Go deimhin, ba mar gheall ar chás cúirte a tháinig deireadh le Amárach toisc gur rialaíodh go raibh dlíthe clúmhillte briste ag an bhfoireann eagarthóireachta ansin de bharr an cholúin ‘Cúlchaint’.

Cé gur mó an cháil a bhí air mar eagarthóir ba cholúnaí den chéad scoth chomh maith é, a raibh stíl sholéite ghlinn aige.

“Gontacht, beocht, greann” an trí rud ba mhó a shantaigh sé ina chuid iriseoirí – nó “Mickey Spillane in áit Henry James!” – agus rinne sé beart de réir a bhriathair, agus gan an iomarca aidiachtaí, nuair a chuaigh sé i mbun pinn é féin.

Is iomaí duine i saol na hiriseoireachta atá tar éis a ómós a léiriú dó ó cailleadh maidin Domhnaigh é, agus ba léir an meas coitianta a bhí air ag idir chomhghleacaithe, iriseoirí ar chuir sé oiliúint orthu agus iad siúd a d’oibrigh d’fhoilseacháin eile a raibh sé i ndianiomaíocht leo i gcaitheamh a shaoil oibre.

Ba iriseoir é nár chuir aon fhiacail ann riamh agus roinneadh sé a chuid tuairimí lena phobal léitheoireachta go neamhbhalbh is cuma cén nuachtán lena raibh sé ag obair.

Thug sé tréimhse fhada mar leaseagarthóir ar an Irish Independent agus bhí sé ina eagarthóir ar chuid de na nuachtáin is mó díol sa tír, ina measc an Star, an Evening HeraldIreland on Sunday agus an Daily Mail.

Iriseoir gan eagla gan faitíos a bhí ann agus théadh sé ag lorg eolas íogair faoi institiúidí stáit d’fhonn is go dtabharfaí an fhírinne chun solais agus nach gceiltfí uisce faoi thalamh. D’fhág seo go raibh roinnt daoine faiteach roimhe nó nár thaitin sé leo, fostaithe sna húdaráis Ghaeltachta tráth den saol, san áireamh.

Sa cholún deireanach leis i nGaeilge, a foilsíodh ar an suíomh seo ar an 15 Nollaig 2014, dúirt sé gur ‘thaispeáin an bealach a láimhseáil an Rialtas seo lainseáil Uisce Éireann agus ar bhain leis nach bhfuil tada foghlamtha acu ó na botúin a rinne an dream a chuaigh rompu – go deimhin, gurb iad an dá mhar a chéile iad maidir le mí-eagar, mí-éifeacht, cur i gcéill agus slíomadóireacht’.

Leag sé an milleán san alt céanna ar an Aire Sláinte maidir le cás Áras Attracta agus na liostaí feithimh atá in ospidéil na tíre agus mhol dó beart a dhéanamh de réir a bhriathair, óir ní hionann ‘cás aire Rialtais agus cás duine den chosmhuintir – duine, ar nós na gcéadta míle, atá ag iarraidh maireachtáil ar €200 nó níos lú in aghaidh na seachtaine’.

Bhí géire agus fuaimint ag baint lena thuairimí go dtí an deireadh. Iriseoir ‘den seandéanamh’ ab ea é, ‘fear nuachtán’ go smior a raibh “an dúch sa bhfuil aige”, faoi mar a dúirt tráchtaire amháin faoi inné.

Fear mór cuideachta ab ea é nach raibh aon rud is mó a thaitin leis ná bheith ag éisteacht le daoine sa teach tábhairne ag malartú scéalta agus tuairimí lena chéile. Protastúnach as Baile Átha Cliath agus fear teanga dílis, ba dhuine eisceachtúil ar go leor bealaí é. Fear léannta ab ea é a raibh eolas aige faoi réimse leathan ábhar, ach a bhí umhal faoin méid sin.

Mar dhuine a raibh uaisleacht agus daonnacht ag baint leis a chuimhnigh idir chomhghleacaithe agus chairde air nuair a chualathas an drochscéal go raibh sé caillte in aois a 57 bliain.

Maireann a bhean Áine, a dtriúr clainne, Éanna, Niamh agus Oisín, agus a dheartháir, Luke.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

 

Fág freagra ar 'Paul Drury 1958-2015: ‘Iriseoir neamheaglach tablóideach a raibh uaisleacht ag baint leis’'

  • Margaret Berkery

    AR DHEIS DE GO RAIBH A ANAM DILIS