Pat Lam iompaithe ar an nGaeilge arís roimh thús an PRO 12

Cé go bhfuil ceathrar imreoirí Éireannacha le feiceáil ar fhógra nua rugbaí ag TG4, is é an Nua-Shéalannach Pat Lam an t-aon fhear a labhraíonn Gaeilge ann

Pat Lam iompaithe ar an nGaeilge arís roimh thús an PRO 12

Séasúr nua agus cúpla focal eile Gaeilge foghlamtha ag Pat Lam.

Tá bainisteoir Chonnacht iompaithe ar an nGaeilge arís agus é le feiceáil ar fhógra nua de chuid TG4 a chaitheann súil chun cinn ar shéasúr nua shraith PRO 12.

Cé go bhfuil ceathrar Éireannach, John Muldoon, Tommy Bowe, Billy Holland agus Leo Cullen, san fhíseán chomh maith, is é an Nua-Shéalannach an t-aon fhear a labhraíonn Gaeilge ann.

Ní hé seo an chéad uair do Lam iompú ar an nGaeilge, áfach. Nuair a bhuaigh na Connachtaigh cluiche ceannais an PRO12 sa Bhealtaine seo caite, choinnigh Lam leis an nGaeilge agus é ag déanamh a chuid agallamh teilifíse i ndiaidh an bhua stairiúil i gcoinne Chúige Laighean. Agus é ag labhairt le Marcus Horan ar TG4, dúirt Lam gur “lá bródúil do dhaoine Chonnacht” a bhí sa bhua.

Tá sé ráite cheana ag an Nua-Shéalannach go mbaineann a fhoireann leas as an teanga chun “ceangal a dhéanamh le chéile agus leis an bpobal a ndéanaimid ionadaíocht air”.

Ón am ar tháinig sé isteach, rinne Lam iarracht mhór spiorad a chothú i measc a chuid imreoirí agus mhothaigh sé gur bealach iontach í an Ghaeilge chun é sin a dhéanamh.

I dtús báire, ní raibh i gceist ach go ndéarfadh na himreoirí ‘Dia Dhuit’ lena chéile gach maidin ach ní fada go raibh tuilleadh Gaeilge le cloisteáil uathu agus an teanga ina dlúthchuid de spiorad na foirne.

“Fiú buachaillí na hÉireann nuair a thosaigh siad ag rá ‘Dia Dhuit’ ansin thosaigh siad ag labhairt níos mó Gaeilge agus spreag sé bród ionainn maidir leis an áit as a dtagann muid, agus ba rud millteanach mór dúinn na ceangail sin,” a dúirt Pat Lam ar Newstalk tar éis don bhua PRO 12 sin ag tús an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'Pat Lam iompaithe ar an nGaeilge arís roimh thús an PRO 12'