‘Parlaimint Chonamara’, Sanna Marin agus Damhsa na gCoiníní i nGarraí na hEorna

Polaiteoirí ag damhsa? Ní hí Príomh-Aire na Fionlainne an chéad pholaiteoir nach raibh drogall uirthi a bheith páirteach in imeachtaí croíúla agus sóisialta an tsaoil 

‘Parlaimint Chonamara’, Sanna Marin agus Damhsa na gCoiníní i nGarraí na hEorna

“By dad, níorbh fhacthas domsa gur damhsa ceart ar bith a bhí ann, ní raibh croíúlacht ar bith ag baint leis,” a deir m’uncail Patsy Sonaí Josie. Is gearr a bheadh Patsy ag fáil meabhair ar dhamhsa, bhí mianach Oileán Fhínse ina chroí agus ina chreatacha. 

Théis a bheith ag cóisir nó ‘time’ a bhí sé i dteach éigin agus bhí damhsa de chineál nuaí ann. B’fhear géimiúil é Patsy, chuir scairt gháirí as agus chuir sé aguisín leis an gcaint: “Ach ar ndóigh, b’fhéidir gurb é an damhsa is croíúla uilig é!” 

An válsáil mhall nó an ‘slow fox trot’ a bhí feicthe aige i dteach na comharsan. Fir agus mná fáiscthe isteach ar a chéile agus gan deifir ar bith orthu ag dul thimpeall an urláir. Bhíodar níos moille ag dul thimpeall ná an ceol. Athrú poirt agus athrú saoil!

Caithfear ceist chrua a chur faoin tráth seo – ceist nach bhfuil freagra simplí uirthi ach ceist a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi: céard is damhsa ann? 

Dháiríre an raibh Príomh-Aire na Fionlainne, Sanna Marin, ag damhsa ar chor ar bith ag an gcóisir seo atá ag tarraingt cainte? Níor cheart go gcuirfí rud ina leith mura raibh sí á dhéanamh. Shílfeá go raibh sí ag lúbadh anonn agus anall agus cromtha síos ar a gogaide scaití ach ní fhéadfá a rá go raibh sí ag coinneáil leis an gceol – an chuid de a chonaic muide ar aon nós. 

Cuireann sé i gcuimhne dom an rud a dúirt fear i gConamara faoi fhear eile a bhí ag damhsa agus ag baint aithinníocha as an urlár leis an bhfuadar a bhí faoi. “Tá sé alright,” a deir an fear a bhí ag tabhairt breithiúnais air “ach ní theastódh ceol ar bith uaidh!” I leaba a bheith taobh thiar den cheol, mar a bhí na daoine ar thug m’uncail breithiúnas orthu, bhí an damhsóir eile seo chomh spleodrach agus é go maith chun tosaigh ar an gceol!

Leis an gceart a dhéanamh ní fheictear domsa go raibh mórán airde ar an gceol ag Príomh-Aire na Fionlainne; sé an chaoi a raibh sí ligthe amach an oíche sin agus gan fhios aice cén spéir ba ghaire di. Ach níl aon locht air sin. Go deimhin, chuir mé suim san alt a bhí ag Eoin Ó Catháin anseo ar Tuairisc ar an ábhar uilig. 

Ba cheart, a deir Eoin, go leanfadh tuilleadh polaiteoirí sampla Phríomh-Aire na Fionlainne, sin scaoileadh leo féin agus a dhul ag ‘damhsa’ agus ag lúbadh ar an urlár i measc na ndaoine. 

Cuireann sé i gcuimhne dom oícheanta a raibh mé ag ócáidí a bhí ag Cumann Gailf na Dála agus an tSeanaid sa gclub Gailf i mBaile Conaola i gConamara – ‘Parlaimint Chonamara’ mar a thugtaí air. Bhíodh an pobal ann agus bhíodh polaiteoirí de chuile chineál ann ach amháin b’fhéidir lucht Shinn Féin. I Meiriceá a bhíonn siadsan ag cóisirí go hiondúil. Ach i mBaile Conaola i gConamara, an oíche seo, bhí Brian Cowen ann, agus é ina Thaoiseach, ann. (Tá carbhán aige féin agus an teaghlach in aice láthair). 

Bhí Enda Kenny ann agus é ina cheannasaí ar Fhine Gael agus ar an bhfreasúra. Bhí go leor acu ann – Mark Killilea, go ndéana Dia grásta air, agus é ag fonóid agus ag feannadh ar a chomhghleacaithe ó chuile thaobh den pholaitíocht. Thosaigh an ceol ar ball agus seo chugainn Brian Cowen agus fonn damhsa air. (Duine géimiúil agus gealgháireach é, rud nár thuig go leor den phobal). 

“Fair play dhuit,” arsa muid féin. “A, caithfidh duine an chraic a bheith aige,” a deir an Taoiseach. “Bhí mé ag iarraidh go dtiocfadh Enda anall ach bhí cineál imní air go bhfaigheadh an preas greim ar an scéal agus dúirt mé féin leis gur chuma liom faoin bpreas.” 

D’fhear téagartha bhí Brian Cowen stuama ar an urlár – ba léir go raibh ceol ina chroí – agus b’fhearr ná sin é nuair a chuireadh sé fonn faoin ‘Offaly Rover’. Ar ndóigh, ní raibh a shárú le fáil nuair a théadh sé ag aithris ar phearsana poiblí agus ag inseacht scéalta ón teach tábhairne atá ag muintir Cowen i gClóirtheach. Fear den phobal a bhí ann ach bhí daoine ann a shíl – agus é ina Thaoiseach – nár cheart go mbeadh sé ligthe amach mar a bhíodh sé scaití. Is dóigh go mbíonn cúpla taobh ar na scéalta seo; b’fhéidir nár chuidigh sé leis sa bpolaitíocht – go háirithe ag leibhéal Taoisigh – nach raibh drogall air a bheith páirteach in imeachtaí croíúla agus sóisialta an tsaoil. 

Sé an peaca agus an trua é go bhfuair sé droch-iarraidh ón tsláinte agus ba dheas é a fheiceáil ag canadh go croíúil arís ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa Mhuileann gCearr le déanaí. 

Níl a fhios againn an bhfuil buanna eile ceoil ag Sanna Marin chomh maith – nó níos fearr b’fhéidir – ná an damhsa sin a bhíonn sí a dhéanamh. Is ar éigean go mbeadh sí ábalta ar an ‘Offaly Rover’ ach d’fhéadfadh sé go bhfuil amhráin aici ar nós ‘The Finnish Feet’ nó ceol ar aon dul le ‘Damhsa na gCoiníní i nGarraí na hEorna’. 

Céad faraor nach bhfuil m’uncail Patsy linn i gcónaí nó go bhfaighinn breithiúnas níos fearr ar chumas Sanna Marin ar an urlár. 

Fág freagra ar '‘Parlaimint Chonamara’, Sanna Marin agus Damhsa na gCoiníní i nGarraí na hEorna'