Ba cheart do pholaiteoirí eile sampla Sanna Marin a leanúint

Ba chun leas ár bpolaiteoirí a bheadh sé dá mbeidís níos cosúla linn féin

Ba cheart do pholaiteoirí eile sampla Sanna Marin a leanúint

Is minic a bhíonn cúis mhaith againn a bheith ag cáineadh polaiteoirí – rud áiféiseach atá ráite nó déanta acu, cinneadh neamhchiallmhar atá glactha acu nó teip ar an gcóras a bhí faoina stiúir – ach caithfidh mé a rá gur chuir an cáineadh atá á dhéanamh ar Sanna Marin, Príomh-Aire na Fionlainne, iontas orm.

Tá an saol sóisialta atá aici ina ábhar conspóide sa bhFionlainn faoi láthair agus físeán di ar an drabhlás lena cairde scaipthe ar na meáin shóisialta. Tá sé tábhachtach a lua gur bean óg bhreá í Marin atá 36 bliain d’aois. 

Is fiú an cheist a chur: cén fáth nach mbeadh an oiread céanna sin cainte ar fhear aosta ag imirt gailf, nó ag ól cúpla pionta tar éis cluiche peile i bPáirc an Chrócaigh? 

Spéisiúil go leor, agus mé ag labhairt le cairde óga liom sa bhFionlainn, deirtear liom go bhfuil Marin tar éis dul i bhfeidhm go mór ar an aos óg sa tír, cé go bhfuil daoine atá níos sine amhrasach faoina hiompar.

Taibhsítear dom go gcabhródh sé i bhfad níos mó le polaiteoirí caidreamh a bhunú – agus a láidriú – leis an bpobal dá dtaispeánfaidís go bhfuil siad cosúil linn – go bhfuil na suimeanna céanna is na buanna céanna acu agus na lochtanna céanna orthu is a bheadh ar aon duine.

Go minic, labhraítear leis an bpobal ar bhealach atá foirmiúil agus oifigiúil, agus leathnaíonn an bhearna idir an Stát agus an pobal dá bharr. Ar an taobh eile, b’fhéidir go ndéanann muid neamhdhaonnú ar ár bpolaiteoirí agus bíonn muid ag súil leis an iomarca uathu. 

Nóta dearfach uaim: ba cheart dúinn caitheamh leis na húdaráis ar bhealach atá níos trócairí – seans go rachadh sin chun tairbhe dúinn ar fad.

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Easpa snáthaidí arís  

Cheapfá gur sa scannán Groundhog Day atá muid: fógra nua déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (FSS) go bhfuil meitheal oibre bunaithe acu chun féachaint ar scaipeadh galair nua; imní á léiriú ag an bpobal faoi fáil agus dáileadh na vacsaíní, bolgach nua ina hábhar buartha arís. Ní ag caint ar Covid atá mé, ach ar an mbolgach moncaí, atá ag scaipeadh diaidh ar diaidh ar fud na hEorpa agus na Stát Aontaithe ó thús na bliana.

Ar ndóigh, ní hionann an bholgach moncaí agus an coróinvíreas – ar an gcéad dul síos, níl an ráta tolgtha chomh hard leis an mbolgach moncaí is a bhí sé le COVID. 

Is cosúil go dteastaíonn teagmháil leanúnach fhisiciúil ón mbolgach le go scaipfidh sí. Tá an bholgach ag scaipeadh go tréan i measc fir a mbíonn teagmháil ghnéasúil acu le fir eile, agus mar a fógraíodh coicís ó shin, meabhraítear d’fhir sa chatagóir sin go bhfuil siadsan i mbaol a tolgtha, agus gur cheart dóibh an vacsaín a fháil.

Thug an FSS le fios an tseachtain seo, áfach, nach n-éireoidh leo an vacsaín a thabhairt ach do 10% de na daoine a dteastaíonn sí go géar uathu as seo go ceann píosa. Ní hé go bhfuil drogall ar an bpobal an vacsaín a fháil, ach go bhfuil moill ar sholáthar na vacsaíní. 

De réir an méid atá ráite ag oifigigh an chórais sláinte, tá sé d’acmhainn ag an FSS an vacsaín a thabhairt do 10% den phobal is leochailí anois, ach beidh ar gach duine eile ar mian leo vacsaín a fháil fanacht go dtí deireadh na bliana, nó an bhliain seo chugainn.  Idir an dá linn, coinneofar pé vacsaíní eile atá ag an tír do ghartheagmhálacha na ndaoine a tholgann an víreas. 

Is deacair a chreidiúint go bhfuil muid ag snámh in aghaidh easa arís fad is atá galar nua á scaipeadh – nach bhfuil ceacht ar bith foghlamtha ónár dtaithí phaindéimeach. 

Tuairiscítear go bhfuil daoine atá imníoch faoin mbolgach ag taisteal go tíortha eile a bhfuil neart vacsaíní acu – an Fhrainc, an Ísiltír – chun cóir leighis a fháil. Cúis imeachta eile?

Fág freagra ar 'Ba cheart do pholaiteoirí eile sampla Sanna Marin a leanúint'

  • tomás ó muireadhaigh

    A Eoin, mar gheall ar an bhean óg láidir, is é sin go díreach an fhadhb. Is bean óg chliste chumhachtach í, atá ag dul i bhfeidhm ar an t-aos óg, sin an fáth gur imní do na seanleaids í. Agus ba chóir do chuid de na meáin a bheith cosúil leat féin, in áit a bheith ag déanamh rud mór as scéal nach scéal é fiú, déan tuairisc ar scéalta móra ar taobh na bpolaiteóirí nó an ríaltas. Chuir siad leis an tine, bhí siad faoi réir a naimhde. Mar a dúirt tú féin i dtús báire, ní dhearna sí aon rud mícheart, deireadh leis an scéal.
    Mar gheall ar an rud eile, is ea, easpa smaoineamh atá ann. Is ea is groundhog day é, ach níos measa, is cosúil leis a bhí na 80s nuair a síleadh gur galar do na fir aeracha amháín a bhí ann le SEIF, agus tá a fhios againn uilig an deireadh leis an scéal sin. leanann amaidí amaidí agus foghlaimíonn muid nach bhfoghlaimíonn muid aon rud ón stair.