I bhfochair an ealaíontóra Róisín de Buitléar atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo. In Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin a bhuail Helen le Róisín, mar a bhfuil sampla iontach dá sár-ealaín – fuinneog mhór ina bhfuil 350 píosa gloine.
Tá an oiread pearsantachtaí ag an ngloine – is féidir í a lúbadh, a leá nó a shéideadh – ach draíocht an tsolais agus an tslí a dtéann sé i bhfeidhm ar an ngloine is mó a mheallann í, a deir Róisín.
Cultúr, oidhreacht, nádúr agus muintir na hÉireann an spreagadh a bhíonn aici ina cuid oibre, a deir sí. Labhraíonn siad chomh maith faoi obair thraidisiúnta na lásadóireachta agus faoin tábhacht a bhaineann le bheith ag obair i measc an phobail.
Pléann Róisín chomh maith an imní atá uirthi go bhfuil an cheardaíocht thraidisiúnta – amhail an séideadh gloine – i mbaol. Deir sí freisin go bhfuil na healaíona agus an cheardaíocht in Éirinn rómhór ina gcuid de scéal eacnamaíochta na tíre seachas ina gcuid de scéal cultúrtha na tíre.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
Fág freagra ar 'Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Róisín de Buitléar: ‘Thóg sé trí seachtaine na píosaí gloine a phacáil le tabhairt go dtí Dún Chaoin’'