Páipéar a Dó na Gaeilge – ‘dúshlánach, beagáinín difriúil ach indéanta’ 

Bhí meascán tuairimí ag múinteoirí i scoileanna Gaeltachta, scoileanna Lán-Ghaeilge agus scoileanna Béarla faoin dara páipéar i scrúdú Gaeilge na hArdteiste

Páipéar a Dó na Gaeilge – ‘dúshlánach, beagáinín difriúil ach indéanta’ 

Páipéar níos dúshlánaí ná mar a bhí súil ag roinnt múinteoirí agus daltaí Ardteiste leis a bhí i bPáipéar a dó sa Ghaeilge ar maidin.

Bíonn ceisteanna le freagairt ag daltaí ar pháipéar a dó bunaithe ar dhá léamhthuiscint chomh maith le trí cheist próis/litríochta, atá ar fad le déanamh in achar trí uair an chloig agus cúig bhomaite.

Dúirt Tríona Uí Mhurchú, múinteoir Gaeilge agus príomhoide Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara, gur páipéar “spéisiúil, difriúil ach indéanta” a bhí ann.

“Bhí na tuartha cearta don fhilíocht ach seans go raibh ionadh ar dhaltaí gur tháinig Dís, aníos don dara bliain as a chéile.”

Bhí dhá shliocht sna léamhthuiscintí, ceann faoi pholasaí náisiúnta do na hOileáin agus ceann eile faoi na deiseanna agus dúshláin a bhaineann leis an intleacht shaorga.

“Bhí ceisteanna ann faoin bhriathar saor, an aimsir fháistineach agus láithreach agus an modh coinníollach agus breischéim na haidiachta. Ar fad an-deas agus faic nach mbeifeá ag súil leo,” a dúirt Uí Mhurchú.

D’aontaigh Tony Ó Murchú, múinteoir Gaeilge agus príomhoide Ghaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór, gur “ceisteanna deasa” a bhí sna ceisteanna gramadaí i mbliana.

“Uaireanta, goilleann na ceisteanna gramadaí ar dhaltaí ach ní raibh aon rud deacair sa pháipéar seo don dalta a raibh tuiscint acu ar chúrsaí gramadaí.”

“Bhí ceisteanna próis, mórán mar a cuireadh roimhe seo iad, ní raibh aon rud aisteach san fhilíocht agus cuireadh ceist bhreá ghinearálta ar na daltaí, a roghnaigh A Thig ná Tit orm, faoi óige Mhaidhc Dainín Ó Sé. Ní bheadh aon údar gearáin ag éinne a rinne an obair ullmhúcháin,” a dúirt Ó Murchú.

Cheap Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gContae na Mí, gur páipéar é a raibh “dúshlán” ag baint leis ó thaobh na téarmaíochta agus na foclaíochta de.

“Bhí sé dúshlánach agus difriúil in áiteanna. An cheist sa dara léamhthuiscint, 6B, ceist í a chothaíonn imní do dhaltaí mar go bhfuil 12 marc ar fáil di, agus lorgaíodh ‘dhá léargas’, tá sin saghas casta.

“Bhí ceist eile ann faoin dán ‘Géibheann’ ar an gcodarsnacht idir ‘dhá thréimhse éagsúla i saol an ainmhí’. D’fhéadfadh an téarmaíocht sin a bheith deacair do dhaltaí,” a dúirt Breathnach.

“D’fhéadfadh an gearán céanna a bheidh ag an dream a thug faoin bpáipéar gnáthleibhéil. Bhí na ceisteanna gairide sa pháipéar sin ródheacair in amanna do dhaltaí agus ní bheadh rochtain acu orthu. Sílim go bhféadfadh Coimisiún na Scrúduithe Stáit breathnú ar an bhfoclaíocht agus an téarmaíocht a bhíonn in úsáid sna ceisteanna, go háirithe don pháipéar gnáthleibhéil,” a dúirt Breathnach.

Déanann formhór mór na ndaltaí a thugann faoin pháipéar ardleibhéal Gaeilge an cheist faoi An Triail, dráma le Máiréad Ní Ghráda. Iarradh sa pháipéar ar maidin ar dhaltaí plé a dhéanamh ar an ráiteas ‘Is mór an tionchar atá ag an náire ar an gcaoi a chaitheann cuid mhaith de na carachtair leis an gcailín óg neamhphósta, Máire Ní Chathasaigh’.

Ceist a bhí “sách pointeáilte” a dúirt Breathnach i gcomparáid leis na ceisteanna “breá ginearálta” a cuireadh sna roghanna eile.

D’aontaigh Uí Mhurchú gur ceist í a mbeadh ar dhaltaí “machnamh cheart a dhéanamh uirthi sula dtabharfaidís freagra uirthi”.

B’údar “frustrachais” do mhúinteoirí Gaeilge nach raibh Seal i Neipeal le Cathal Ó Searcaigh agus An Gnáthrud le Deirdre Ní Ghrianna ar an pháipéar ach oiread i mbliana.

Ó tháinig an cúrsa nua isteach in 2012, níor cuireadh ceist riamh faoin dá shaothar sin.

Bhí ceist cheana faoi shaothar de chuid Chathail Uí Shearcaigh, duine d’fhilí móra na hÉireann, a bheith ar chúrsa na hArdteiste i bhfianaise na conspóide a bhain leis an scannán faisnéise Fairytale of Kathmandu inar léiríodh imní faoi ghnéithe de chaidreamh an fhile Ghaeltachta le fir óga i Neipeal.

“Faoin am seo, tuigeann na daltaí go maith nach bhfuil Seal i Neipeal le bheith ar an bpáipéar” a dúirt Uí Mhurchú.

Dúirt Breathnach go bhfuil soiléiriú eile ag teastáil ó mhúinteoirí Gaeilge i bhfianaise na bearna sa pháipéar.

“Cén fáth a bhfuil muid ag caitheamh ama sa seomra ranga leis mura bhfuil sé riamh dul theacht aníos ar an bpáipéar scrúdaithe? Tá sé an-aisteach.

“Tá soiléiriú ag teastáil faoi cad go díreach atá ag tarlú le Seal i Neipeal.  Dá mbeadh ceist ann faoi Seal i Nepal bheadh rogha ann chomh maith tabhairt faoi cheist ar An Gnáthrud, gearrscéal an-tábhachtach ó thaobh na staire de faoi na trioblóidí ó thuaidh.

“Is é an trua é nár tháinig an cheist aníos, is dócha mar go bhfuil fadhb éicint le Seal i Neipeal,” a dúirt Breathnach.

Lorg Tuairisc soiléiriú ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit cheana faoin scéal agus dúradh nach raibh aon pholasaí acu “gan ceist” faoi shaothar le Cathal Ó Searcaigh a chur ar pháipéir scrúdaithe Gaeilge na hArdteiste.

Tá soiléiriú eile iarrtha ag Tuairisc ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit faoin scéal.

Fág freagra ar 'Páipéar a Dó na Gaeilge – ‘dúshlánach, beagáinín difriúil ach indéanta’ '