Pacáiste €11 billiún fógartha i mBuiséad ‘costas maireachtála’

€4.1 an costas a bhainfidh leis na beartais aon uaire atá á dtabhairt isteach roimh dheireadh na bliana le cabhrú le daoine dul i ngleic leis an ngéarchéim costas maireachtála

Pacáiste €11 billiún fógartha i mBuiséad ‘costas maireachtála’

Buiséad ‘costas maireachtála’ a nochtadh inniu agus flaisc á dhéanamh ag an Rialtas as pócaí teanna in iarracht an t-ardú ar phraghsanna a chúiteamh.

€4.1 an costas a bhainfidh leis na beartais aon uaire atá á dtabhairt isteach roimh dheireadh na bliana le cabhrú le daoine dul i ngleic leis an ngéarchéim costas maireachtála. €6.9 billiún an costas ar bheartais na bliana seo chugainn. Pacáiste €11 billiún san iomlán.

Agus an Buiséad á fhógairt sa Dáil aige, dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe, “Buiséad costas maireachtála atá ann agus chaithfeadh sé a bheith ina Bhuiséad costas maireachtála.”

“Is féidir linn tuilleadh a dhéanamh agus déanfaimid” a deir Pascal Donohue.

Cuirfear tuilleadh airgid i bpócaí pinsinéirí, cúramóirí, daoine atá dífhostaithe agus mic léinn agus déanfar cáin a aisíoc le daoine a íocann cíos ar a n-áitreabh.

Fógraíodh go bhfaigheadh líonta tí creidmheasanna fuinnimh agus go laghdófaí na táillí coláiste agus naíolainne.

Ó mhí Eanáir seo chugainn ardófar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. €12 breise sa tseachtain a gheofar. Cosnóidh an t-ardú sin €900 milliún ar an státchiste.

Deir an freasúra nach leor beartais an Rialtais chun cabhrú le daoine atá faoi bhrú mór ag an ngéarchéim costas maireachtála agus fuinnimh. Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, gur deis amú a bhí sa Bhuiséad agus gur léir nach dtuigeann an Rialtas a throime is atá an ghéarchéim ag luí ar an bpobal agus an imní atá orthu faoin ngeimhreadh seo chugainn.

Leas sóisialta

€12 d’ardú ar liúntais leasa shóisialaigha a fógraíodh. Tabharfar íocaíocht dhúbailte do dhaoine i mí na Samhna. Íocfar chomh maith bónas Nollag agus beidh íocaíocht dhúbailte sochar linbh ann. Íocfar cnapshuim €500 do theaghlaigh atá ag fáil an liúntais do theaghlaigh atá i bhfostaíocht.

Tabharfar cnapshuim €500 chomh maith i mí na Samhna do gach cúramóir. Fógraíodh íocaíocht bhreise aon uaire €500 do dhaoine a bhfuil liúntas míchumais acu agus ardú €20, go dtí €320, ar an liúntas cúram baile do pháistí atá tinn.

Cuirfear €200 ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí ina n-aonar agus an liúntas aonair á fháil acu.

Cáin

Ar ioncam os cionn €40,000 amháin a ghearrfar an ráta cánach is airde, 40%, feasta.  €36,800 do dhuine singil a bhí i gceist roimhe seo. D’fhéadfadh go mbeidh an duine singil €800 níos fearr as de bharr an athraithe sin agus €1,600 a bheadh i gceist do pháirtnéirí a bhfuil ioncam ag an mbeirt acu. I gcás an USC, an Muirear Sóisialta Uilíoch, ardófar na bandaí is ísle ionas nach dtitfidh daoine atá ar an íosphá náisiúnta, a ardaíodh le déanaí, isteach sna bandaí is airde. Ardófar an dara banda USC ó €9,283 go dtí €10,908. Ardófar creidmheasanna cánach pearsanta an chúramóra go dtí €1,700, ardú €100.

Ó cháin chorparáide a thagann an t-ochtú cuid de cháin na tíre, a dúirt an tAire Airgeadais.

Cúram leanaí

Tá táillí cúram leanaí le laghdú 25%. Chun íoc as an laghdú sin, ardófar i mí Eanáir an fordheontas a íoctar leis an soláthraí cúram leanaí ó €0.50 go dtí €1.40 san uair, do 45 uair sa tseachtain ar a mhéid.

D’fhéadfadh go mbeadh €280 le fáil ag teaghlach ina bhfuil páiste amháin agus €560 a d’fhéadfadh a bheith i gceist do bheirt pháistí.

Taisteal agus fuinnimh

Tabharfar creidmheas fuinnimh €600 do chuile líon tí an geimhreadh seo. Déanfar é sin a íoc roimh an Nollaig agus i dtús na bliana seo chugainn. 

Cuirfear síneadh ama go dtí an 28 Feabhra leis an gciorrú 15c agus 10c ar an mál a íoctar ar pheitreal agus díosal, ciorrú a bhí le dul in éag ar an 11 Deireadh Fómhair.

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Cuirfear síneadh ama go dtí deireadh na bliana seo chugainn leis an laghdú 20% ar tháillí an chórais phoiblí iompair agus fógraíodh laghduithe breise ar tháillí taistil do dhaoine óga.

Fógraíodh ardú ar an liúntas breosla agus tá an tairseach don liúntas sin le leathnú.

Tithíocht

Tabharfar creidmheas cánach €500 do thionóntaí i mbliana agus beidh siad  i dteideal €500 eile an bhliain seo chugainn. Tá síneadh dhá bhliain beartaithe don scéim Cuidiú chun Ceannaigh, scéim a chuidíonn le ceannaitheoirí tí céaduaire trí lacáiste cánach €30,000 a thabhairt dóibh. Fógraíodh cáin mhaoine foilmhe a fhágann go mbeidh ar úinéirí cáin maoine foilmhe a íoc ar thithe atá folamh chomh maith leis an gcáin mhaoine áitiúil.

€337 milliún atá á chur ar leataobh chun athchóiriú ó thaobh fuinnimh a dhéanamh ar 37,000 tigh agus iasachtaí ar chostas íseal d’aisfheistiú tithe.

Oideachas

Laghdófar táillí na mac léinn ar fad €1,000 i mbliana, beag beann ar ioncam agus déanfar sin láithreach. An bhliain seo chugainn, beidh laghdú €500 ar tháillí mic léinn as teaghlach a shaothraíonn níos lú ná €100,000 sa mbliain agus ní bheidh níos mó ná €1,500 i dtáillí á íoc ag aon mhac léinn a bhfuil ioncam an teaghlaigh faoi €62,000 sa mbliain. 

Gheobhaidh mic léinn atá i dteideal deontas mic léinn íocaíocht dhúbailte agus gheobhaidh mic léinn atá ag staidéar do chéim dochtúireachta íocaíocht costas maireachtála €500 aonuaire roimh an Nollaig. Ní bheidh ar thuismitheoirí a bhfuil a leanaí sa bhunscoil costas na leabhar scoile a íoc feasta.

Cuirfear €100 milliún ar fáil do scoileanna agus don dream a chuireann an córas iompair ar fáil do dhaltaí scoile.

Beidh 2,500 printíseacht bhreise ar fáil agus tabharfar deiseanna do dhaoine a gcuid scileanna a fheabhsú nó scileanna nua a fhoghlaim

Sláinte

Fógraíodh go mbeidh 430,000 duine breise i dteideal cúram saor in aisce ó dhochtúirí teaghlaigh a fháil ó mhí Aibreáin an bhliain seo chugainn. Fágann sin go mbeidh cúram saor in aice ar fáil ag os cionn leath den phobal den chéad uair, idir chártaí cuairte dochtúra agus chártaí leighis.

Cuirfear deireadh le táillí d’othair chónaitheacha in ospidéil. Déanfar scéim frithghiniúna a leathnú chun go mbeidh frithghiniúint saor in aisce ar fáil feasta do mhná atá 30 bliain d’aois.

Beidh €23 billiún le caitheamh ar chúrsaí sláinte le cur leis an tseirbhís, mar a ceapadh sin faoi Sláintecare. Déanfar 600 duine eile a earcú don tseirbhís. Cuirfear €58 milliún breise ar fáil don tseirbhís meabhairshláinte.

Daoine gan dídean

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá €215 milliún á chur ar fáil do na seirbhísí do dhaoine gan dídean, sin ardú €21 milliún.

Alcól agus toitíní

Ní ghearrfar aon cháin bhreise ar alcól ach cuirfear 50 cent le praghas an phaca toitíní.

Gnó

Tá scéim ar fiú €200 milliún í fógartha le cuidiú le gnóthaí móra a bhíonn ag plé leis an easpórtáil agus an déantúsaíocht agus í á riar ag Fiontraíocht Éireann.

Tá €1 billiún á chur ar fáil do Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí faoina n-íocfar 40% den ardú ar bhillí leictreachais nó gáis, suim nach mó ná €10,000 sa mhí in aghaidh an ghnó. Na Coimisinéirí Ioncaim a reáchtálfaidh an scéim seo agus beidh sí i bhfeidhm go dtí mí Feabhra seo chugainn, ar a laghad.

An Ceart

Earcófar 800 Garda breise chomh maith le 400 foireann tacaíochta chun Gardaí a shaoradh le hoibriú ar an líne thosaigh. Cuirfear leis an ragobair a bheidh ar fáil don Gharda Síochána freisin.

Cosaint

Tá an méid is mó riamh á chur ar fáil don chosaint i mbliana – €176 milliún. Leis an maoiniú sin tá sé i gceist radar den chaighdeán is nua-aimseartha a cheannach, chomh maith le longa nua don chabhlach agus aerárthaí nua don aerchór. Tá maoiniú á chur ar fáil chun obair thógála a dhéanamh ag breis is 12 beairic ar fud na tíre agus caithfear €26 milliún ar fheithiclí agus arm d’Óglaigh na hÉireann.

Talmhaíocht

Fógraíodh scéim nua mairteola, cuidiú le costais fuinnimh agus maoiniú chun aol a chur amach ar an talamh.

Beidh cead ag feirmeoirí iarratas a dhéanamh faoin scéim tacaíochta fuinnimh atá á cur ar fáil do lucht gnó, suas go dtí uasmhéid €62,000. Faoi scéim nua tacaíochtaí d’fheirmeoirí le fodar a sholáthar, íocfar suas le €1,000 le feirmeoir chun féar tirim agus fodar a shábháil an bhliain seo chugainn.

Cuirfear scéim nua ar fáil d’fheirmeoirí mairteola in áit Clár Éifeachtúlachta Comhshaoil na Mairteola – Ainmhithe Diúil (BEEP-S) agus meastar go mbeidh an €28 milliún a bhí ag an gclár sin ar fáil dó. Maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CAP), tá maoiniú á chur ar fáil do 30,000 áit ar an Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath in 2023, chomh maith le maoiniú breise don Scéim Shonraithe Nuachóirithe Talmhaíochta, don fhoraoiseacht agus don fheirmeoireacht orgánach. Feabhsófar an tacaíocht d’fheirmeoirí caorach agus ba diúil.

Tá maoiniú curtha ar leataobh mar thacaíocht ar leith leis an díleá anaeróbach a fhorbairt ar mhaithe le bithmheatán a tháirgeadh mar chuid de bhearta gníomhaithe ar son na haeráide in 2023.

Tá €8 milliún curtha ar fáil don scéim deontais atá á tabhairt isteach le cuidiú le feirmeoirí aol a chur amach ar an talamh ó tharla praghsanna leasú talún a bheith ardaithe go mór agus beidh €10 milliún ar fáil faoi scéim nua eile le cuidiú le feirmeoirí curaíochta.

Eile

Tá €2 billiún le cur isteach sa Chúlchiste Náisiúnta i mbliana agus cuirfear €4 billiún eile ann in 2023.

Tá costas ar an ordú díolúine speisialta do chlubanna oíche á laghdú ó €110 go dtí €55 agus tá faoiseamh 50% le tabhairt ar an mál a ghearrtar ar chomhlachtaí neamhspleácha a dhéanann ceirtlis agus leanna piorraí.

Tá an CBL ar nuachtáin á laghdú ó 9% go dtí 0% ón 1 Eanáir 2023 chun cabhrú leis na meáin. Beidh ráta CBL 0% chomh maith i gceist do dhífhibrileoirí, do theiripe athchurtha nicitín, do theiripe athsholáthair hormón agus d’earraí áirithe a bhaineann leis an bhfuil mhíosta.

Tá tobhach ar bhrící tógála coincréite le tabhairt isteach chun íoc as cúiteamh Mica. 10% a ghearrfar ar earraí áirithe agus tá súil le €80 milliún a fháil ón tobhach seo.

Ardú 10% fógartha ar bhuiséad na Gaeilge do 2023, €7.3 milliún breise do TG4

Fág freagra ar 'Pacáiste €11 billiún fógartha i mBuiséad ‘costas maireachtála’'