Ardú 10% fógartha ar bhuiséad na Gaeilge do 2023, €7.3 milliún breise do TG4

€8.5 milliún breise a fógraíodh do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2023 agus cuireadh breis is €7 milliún eile ar fáil do TG4

Ardú 10% fógartha ar bhuiséad na Gaeilge do 2023, €7.3 milliún breise do TG4

Tá ardú 10% fógartha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, ardú do mhná tí na Gaeltachta san áireamh.

€8.5 milliún breise a fógraíodh do chiste na teanga i mBuiséad 2023 agus buiséad na Gaeltachta ardaithe ó €85.6 milliún i mbliana go dtí €94.2 milliún in 2023.

Chomh maith leis sin, tá €7.3 milliún curtha ar leataobh do TG4. Fágann sin go mbeidh os cionn €50 milliún ag TG4 an bhliain seo chugainn ón Roinn.

Rannóg na Gaeltachta a fuair an t-ardú is mó i measc rannóga na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán.

Laghdú a bhí i gceist i gcás na rannóg go léir seachas rannóg na Gaeltachta agus na meán, a fuair ardú 4%.

A mhalairt a tharla i mBuiséad 2022 nuair nár tugadh don Ghaeilge agus do TG4 ach thart ar 5% den €199 milliún breise a cuireadh ar leataobh don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Níl na sonraí go léir tugtha ag an Roinn go fóill a i dtaobh an €8.5 milliún breise atá le caitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.

Fógraíodh go gcaithfear €2.25 milliún den €8.5 milliún breise ar scéimeanna Gaeilge, ar phlean digiteach don Ghaeilge agus ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga nua.

Caithfear €1.25 milliún eile ar Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus scoláireachtaí Gaeltachta do dhaltaí i scoileanna DEIS.

€500,000 den €1.25 milliún atá á lua leis na scoláireachtaí sin. €1 milliún breise atá luaite d’Údarás na Gaeltachta agus don Fhoras Teanga.

Tuairiscítear go mbaineann cuid mhór eile den €8.5 milliún le tacaíocht bhreise do thionscal na gcoláistí samhraidh. Pacáiste €2.5 milliún atá á lua.

Bhí caint ar ardú 10% ar an liúntas a íoctar le mná tí na Gaeltachta i measc na mbeartas buiséid a bhí á scrúdú ag an Rialtas.

€11 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íocfar le fir agus mná tí na gcoláistí samhraidh ó ardaíodh an liúntas ó €10 níos túisce i mbliana.

Tá ardú le déanamh ar an deontas a íoctar le teaghlaigh eile sa Ghaeltacht lena mealladh lóistín a chur ar fáil do na coláistí samhraidh. Ardófar an deontas tosaithe sin ó €2,000 go €6,000.

Dúirt Roinn na Gaeltachta go bhfógrófar na sonraí go léir faoi bhuiséad na bliana seo chugainn ag preasócáid a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath maidin amárach.

Pacáiste €11 billiún fógartha i mBuiséad ‘costas maireachtála’

Fág freagra ar 'Ardú 10% fógartha ar bhuiséad na Gaeilge do 2023, €7.3 milliún breise do TG4'