‘Operation Fanacht’ na Gaeilge a thug an freasúra ar an bhfeitheamh fada ar an reachtaíocht teanga nua, ach chuir an bille teanga céim eile dá aistear de sa Dáil tráthnóna inné.
Tar éis díospóireacht a mhair breis is trí uair an chloig agus ar ghlac Teachtaí Dála ó gach dream seachas Fine Gael páirt inti, aontaíodh go gcuirfí an bille ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, céim an choiste.
Glac 22 Teachta Dála páirt sa díospóireacht, rud a chuir “áthas” ar dhuine acu, an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, cé gur thug sé suntas dó nach raibh aon duine ó Fhine Gael i láthair.
Déanfaidh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán scagadh ar an reachtaíocht anois agus é i gceist ag an bhfreasúra cuid mhaith leasuithe a mholadh uirthi.
An tAire Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta, Meán agus Spórt, Catherine Martin, a chuir tús leis an bplé sa Dáil.
Dúirt sí gur aithin an Rialtas na laigí a bhí ar an mbille ach go ndéanfadh na leasuithe a bhí molta acu é a láidriú. Ní mór “tacaíocht oifigiúil” an stáit a bheith ag an nGaeilge má táthar len í a chosaint agus a chur chun cinn, a dúirt sí.
Mhaígh sí féin agus Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go gcuirfeadh an bille feabhas ar na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge.
TUAIRISC BHEO: Céim eile dá aistear curtha de ag bille teanga sa Dáil
Chuir Teachtaí Dála an fhreasúra fáilte roimh leasuithe an rialtais, go háirithe an moladh go gcuirfí spriocdháta – an 31 Nollaig 2030 – leis an sprioc sa bhille go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí agus an moladh go neartófaí an chumhacht atá ag an gCoimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar achtanna eile seachas an t-acht teanga.
Ach thagair na Teachtaí Dála go léir do na laigí atá fós ar an mbille, dar leo, agus do na leasuithe a shíleann siad a bhfuil gá leo ag an gcéad chéim eile den bhille.
“Tús maith leath na hoibre,” an breithiúnas a bhí ag duine de Theachtaí Dála an rialtais, Marc Ó Cathasaigh, Comhaontas Glas agus bhí mórán an tuairim chéanna ag beagnach gach duine eile a labhair.
Seachtar Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin a labhair agus ba é urlabhraí Gaeilge an pháirtí, Aengus Ó Snodaigh, a thug ‘Operation Fanacht’ ar scéal fada na reachtaíochta ar cuireadh tús leis ag Oireachtas na Samhna 2011.
Dúirt Ó Snodaigh go raibh sé ag súil go gcabhróidh an bille le “deireadh a chur le ré an fhrustrachais” ó thaobh chás na Gaeilge.
Dúirt sé go raibh sé sásta go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas tabhairt faoi “roinnt de na fadhbanna” a bhaineann leis an mbille agus go bhfuil súil aige go gcuirfear an fháilte chéanna roimh na leasuithe a bheidh aige féin agus daoine eile ag an gcéad chéim eile den bhille.
“Bille easnamhach” a bhfuil “easpa físe” ag baint leis a thug Mairéad Farrell, Sinn Féin, ar an dréachtreachtaíocht, cé gur chuir sí fáilte roimh chuid de leasuithe an rialtais.
Dúirt Mairéad Farrell gur easnamh mór é nach léir sa bhille cé air atá an “dualgas reachtúil” maidir leis na cuspóirí atá ann.
Ach oiread le go leor de na Teachtaí Dála eile, dúirt sí gur údar “imní” é chomh maith nach bhfuil foráil dhíreach i leasuithe an rialtais a chuirfeadh ceangal láidir ar an stát freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.
Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar nár thuig sí “beag ná mór” cén fáth go raibh an Rialtas ag moladh go mbeadh sé de chumhacht ag an Aire an sprioc faoi chúrsaí earcaíochta a chur siar in 2028. Caithfear fáil réidh leis an moladh sin, a dúirt Maireád Farrell.
Bhí an Teachta Dála de chuid na nDaonlathach Soísialta Gary Gannon ar dhuine de na Teachtaí Dála a mhol gur chóir cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga scagadh a dhéanamh ar bhillí nua agus polasaithe rialtais.
Mhol Bríd Smith, Neart le Chéile – Pobal Seachas Brabús, go ndéanfaí athbhreithniú gach dhá bhliain ar an dul chun cinn a bheadh á dhéanamh maidir le cuspóirí an Bhille agus go mbeadh grúpa monatóireachta neamhspleách i mbun na hoibre sin.
Dúirt Smith, mar a dúirt roinnt Teachtaí Dála eile, go raibh “locht mór” ar an leagan amach atá le bheith ar an gCoiste Comhairleach atá le bunú faoin mbille toisc nach bhfuil aon dualgas ann go mbeadh ionadaí Gaeltachta air.
Chuir ceannaire Aontú, Peadar Tóibín, fáilte roimh leasuithe an rialtais ach dúirt sé go raibh laigí i gcónaí sa bhille. Dúirt sé go dteastaíonn spriocdháta daingean maidir le cathain go mbeidh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Marian Harkin gur chóir go mbeadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2030 agus gur gá an bille a leasú dá réir.
Mhol sí go ndéanfaí athbhreithniú bliantúil ar dhul chun cinn an phlean earcaíochta sa bhille agus go ndéanfaí an chuid den bhille a bhaineann leis an síneadh fada agus ainm agus seoltaí daoine a láidriú.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách as Dún na nGall, Thomas Pringle, nach raibh “dóthain” sa bhille nua chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann.
Caithfear, a dúirt Pringle, ráiteas láidir a chur sa bhille a aithníonn go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht, amhail an ráiteas faoin ngéarchéim aeráide sa reachtaíocht aeráide nua.
Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, a thug isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, nár “theip” ar an reachtaíocht sin ach gurb amhlaidh nár cuireadh i bhfeidhm é. Tharla sin mar nach raibh aon spéis ag aon rialtas “le naoi mbliana anuas” sa Ghaeilge.
Dúirt sé gur gá aghaidh a thabhairt ar cheist na fógraíochta sa reachtaíocht lena chinntiú go mbíonn dualgas ar chomhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge, agus é sin a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.
Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil chomh maith go bhfuil an Ghaeltacht “á scrios” ag comhairlí contae ar fud na tíre agus go gcaithfí cosaint níos fearr a thabhairt don teanga sa chóras pleanála.
Dúirt Ó Cuív go raibh súil aige go dtiocfadh “fás úr amháin eile” faoin rialtas nua ar líon na gcainteoirí Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.
Rinne sé comhghairdeachas leis na hairí nua, Catherine Martin agus Jack Chambers. “Is maith an rud go bhfuil aire sinsearach arís ann a bhfuil Gaeilge aici agus spéis sa Ghaeilge aici,” arsa an t-iar-aire.
Donncha Ó hÉallaithe
Mé imníoch faoin tuairisc go bhfuil sprioc sa bhille go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030. Más sin an sprioc, ní fheicfear mórán dul chun cinn ar feadh i bhfad. Más 20% de na hoibrithe sa seibhís poiblí an sprioc, bheadh sé maith go leor ACH le sin a bhaint amach theastódh go mbeadh 40% ar a laghad d’earcaigh nua le Gaeilge as seo go ceann deich mbliana!
Donncha Ó hÉallaithe
Mé imníoch faoin tuairisc go bhfuil sprioc sa bhille go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030. Más sin an sprioc, ní fheicfear mórán dul chun cinn ar feadh i bhfad. Más 20% de na hoibrithe sa seibhís poiblí an sprioc, bheadh sé maith go leo ACH le sin a bhaint amach theastódh go mbeadh 40% ar a laghad d’earcaigh nua le Gaeilge as seo go ceann deich mbliana!
Dáirine Ní Mheadhra
Spriocdháta de 2030? I ndáiríre? Tá sé curtha ar an méar fhada. Céard faoi 2025 mar spriocdháta?
Pól Ó Braoin
Taispeánann sé go soiléir cá seasann Fine Gael maidir le cúrsaí na Gaeilge. In ainm Dé ná creidimis pleananna teanga, bladar, béalghrá, focal ar bith uathu feasta nuair a thiocfas siad amach lena gcuid sifleála faoi phobal na teanga ná na Gaeltachta!
John M.O`Donoghue
A Dhonncha, cad faoi na hearcaigh go léir ata ann anois agus nách raibh aon suim acu sa Ghaeilge leis na cianta.