Agus sin sin (go fóill)…
Deir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go gcinnteoidh an bille “go mbeidh an stát in ann seirbhís níos fearr a chur ar fáil i nGaeilge”.
Fágann leasuithe an rialtais gur bille níos láidre atá ann, a deir sé. Gabhann sé buíochas leis na Teachtaí Dála eile as a gcuid moltaí. Féachfar ar aon leasuithe eile ag an gcéad chéim eile den bhille.
Tá an bille molta don Teach aige.
Glactar leis go mbogfar an bille ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, céim an choiste, mar a ndéanfaidh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán scagadh air.
Go raibh maith agaibh as a bheith linn dár dtuairisc bheo.
‘Plean dearfach soiléir’
Deir Pearse Doherty, urlabhraí airgeadais Shinn Féin, go bhfuil infheistíocht sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge ag teastáil chomh maith leis an gcosaint reachtúil.
Tá “plean dearfach soiléir” ag teastáil chun cuspóirí an bhille a chur i gcrích. Caithfear, a deir sé, a shoiléiriú chomh maith cé air a bheidh an fhreagracht as an bplean a chur i gcrích.
Deir sé nach bhfuil “maith ar bith” spriocdháta a bheith sa bhille ó thaobh cúrsaí earcaíochta agus “ansin an chumhacht a thabhairt don aire an spriocdháta sin a chur siar”. An cás d’Ionad Buail Isteach do dhaoine óga i nGaoth Dobhair agus do bhád farantóireachta gasta d’oileán Thoraí déanta chomh maith ag an Teachta Dála de chuid Shinn Féin.
Nósanna gallda…
Deir an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, a thug Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, nár “theip” ar an reachtaíocht sin ach gurb amhlaidh nár cuireadh i bhfeidhm í. Tharla sin mar nach raibh aon spéis ag aon rialtas “le naoi mbliana anuas” sa Ghaeilge.
Déanann sé comhghairdeachas leis na hairí nua, Catherine Martin agus Jack Chambers. Is maith an rud go bhfuil aire sinsearach arís ann a bhfuil Gaeilge aici agus spéis sa Ghaeilge aici, a deir sé. Tá “an-áthas” air faoi líon na dTeachtaí Dála a labhair faoin mbille – 21 go dtí seo – ach tugann sé suntas don scéala nár chualathas ó aon Teachta Dála ó pháirtí amháin “ar an taobh seo den teach”. Fine Gael a bhí i gceist aige.
Deir sé gur gá aghaidh a thabhairt ar cheist na fógraíochta sa reachtaíocht lena chinntiú go mbíonn dualgas ar chomhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge, agus é sin a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.
Deir Ó Cuív go bhfuil sé de cheart ag aon duine gan teideal a thabhairt air féin agus gur nós gallda é an leagan ‘an tUasal’ a chur roimh ainm Ghaeilge.
“Ní théann muintir na Gaeltachta thart ag tabhairt ‘an tUasal seo’ agus ‘an tUasal siúd’ ar dhaoine, mura mbeidís ag scigmhagadh fút,” arsa Ó Cuív.
Muintir Chonradh na Gaeilge “a thug é sin isteach ag tús an chéid, ag aithris ar nósanna Gallda”, ar sé.
Deir an t-iar-aire “go mbrisfeadh sé do chroí an cur in aghaidh an achta teanga a bhíonn ag codanna den státchóras”.
Deir sé chomh maith bhfuil an Ghaeltacht “á scrios” ag comhairlí contae ar fud na tíre agus go gcaithfí cosaint a thabhairt don teanga sa chóras pleanála.
Deir sé agus rialtas nua ann go bhfuil súil aige go dtiocfadh “fás úr amháin eile” ar líon na gcainteoirí Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.
Géarchéim…
Deir an Teachta Dála neamhspleách as Dún na nGall Thomas Pringle nach bhfuil “dóthain” sa bhille nua chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann.
Deir sé nach bhfuil an Rialtas “ag éisteacht”.
Caithfear, a deir sé, ráiteas láidir a chur sa bhille a aithníonn go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht, amhail an ráiteas faoin ngéarchéim aeráide sa reachtaíocht aeráide nua.
Buachaill dána…
Fiafraíonn an Teachta Dála neamhspleách Marian Harkin de Mattie McGrath, atá anois i suíochán an Cheann Comhairle, an raibh sé féin ar dhuine de na “buachaillí dána” a luaigh sé ina phíosa cainte ó chianaibh.
“Go minic and to this day,” a deir Mattie McGrath.
Deir Marian Harkin go gcaithfear an Ghaeilge a chur i lár ghnáthshaol an duine. Tá an bille an-ábhartha sa mhéid sin, a deir sé. Cabhróidh sé le cearta teanga a bhaint amach do chainteoirí Gaeilge. Ba chóir go mbeadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2030 agus is gá an bille a leasú dá réir, a deir sí.
Níor mhór chomh maith a chinntiú go dtugann an stát a cheart don ‘síneadh fada’ in ainmneacha daoine. Ní tharlódh sé i gcás na Fraincise sa Bhruiséil, a deir an t-iarfheisire Eorpach, mar ní ligfeadh aon chainteoir Fraincise d’aon duine drochmheas a léiriú ar a chuid aiceann. Ba chóir chomh maith, a deir sí, athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar dhul chun cinn an phlean earcaíochta sa bhille. Fáiltíonn Marian Harkin roimh an mbille agus tagraíonn sí do Bhuiséad na bliana seo. Ní mór maoiniú breise a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ar sí.
SF arís
Cainteoir eile ó Shinn Féin. Deir Ruairí Ó Murchú go gcaithfear spriocanna níos daingne a chur sa bhille agus molann sé go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta do chraoltóirí na Gaeilge, d’earnáil na Gaeilge agus do na coláistí samhraidh.
‘Use it or lose it’
Tá a gcuid ráite faoin mbille ag Johnny Guirke (SF) agus na Teachtaí Dála neamhspleácha Matt Shanahan, Mattie McGrath agus Michael Collins.
Deir Matt Shanahan gur maith ann an bille ach go dteastaíonn ”circuit breaker” chun meon mhuintir na hÉireann i leith na Gaeilge a athrú má táthar chun an Ghaeilge a thabhairt slán. Teastaíonn “díospóireacht náisiúnta” faoin teanga, a deir sé. Tacaíonn Shanahan leis na leasuithe atá molta ag Conradh na Gaeilge agus daoine eile. Déanann Michael Collins amhlaidh agus deir sé gurb ionann cearta teanga agus cearta daonna. Labhraíonn Mattie McGrath faoina a dhearcadh i leith na teanga agus an tsaoil go ginearálta agus faoi chás na Gaeilge ina thoghcheantair féin. “Why not have the pride in our own Gaeilge?” a fhiafraíonn Mattie McGrath. “Use it or lose it,” a deir sé.
Molann Johnny Guirke na “tireless warriors” i nGaeltacht na Mí. Deir sé gur gá leasuithe áirithe a dhéanamh ar an mbille agus luann sé Raidió Rí Rá, an tseirbhís raidió is ansa le Teachtaí Dála, is léir.
‘Stádas’ na Gaeilge…
Tús maith leath na hoibre, an breithiúnas atá ag Dara Calleary, Fianna Fáil, ar leasuithe an Rialtais chomh maith. “Táimid anseo chun cuidiú libh,” a deir sé le hairí na Gaeltachta.
Deir Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, go bhfuil seans ann nach mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht mura mbítear níos “dáiríre” faoin scéal. Fágtar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta in áit na leathphingne, a deir sé. Maíonn Tóibín go bhfuil laghdú ag teacht ar “stádas” na Gaeilge sa stát agus i dTeach Laighean féin.
Maidir leis an mbille, cuireann Tóibín fáilte roimh leasuithe an rialtais ach deir sé go bhfuil laigí fós ann. Deir sé go dteastaíonn spriocdháta daingean maidir le cathain go mbeidh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta. Molann ceannaire Aontú chomh maith go dtabharfaí cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga maidir le billí nua a scagadh.
Athbhreithniú neamhspleách…
Molann Bríd Smith go ndéanfaí athbhreithniú gach dhá bhliain ar an dul chun cinn atá a dhéanamh maidir le cuspóirí an Bhille agus go mbeadh grúpa monatóireachta neamhspleách i mbun na hoibre sin. Deir sí, mar atá ráite ag roinnt Teachtaí Dála eile, go bhfuil “locht mór” ar an leagan amach atá le bheith ar an gCoiste Comhairleach atá le bunú faoin mbille toisc nach bhfuil aon dualgas ann go mbeadh ionadaí Gaeltachta air.
“Tá sé mícheart,” a deir sí.
Ba chóir ionadaí ó eagraíocht stocaireachta Gaeilge a bheith ar an gcoiste chomh maith, arsa Bríd Smith.
Bille níos láidre ag teastáil…
Deir Donnchadh Ó Laoghaire, urlabhraí oideachais Shinn Féin, go bhfuil bille “níos láidre agus níos daingne” ag teastáil.
Easnamh ann maidir le seirbhísí sa Ghaeltacht agus sonraí breise ag teastáil faoi conas mar a chuirfear an reachtaíocht i bhfeidhm, a deir sé.
Ag filleadh ar an mbille…
Tá ráitis chuimsitheacha faoin mbille déanta ag beirt Teachtaí Dála eile – Gary Gannon ó na Daonlathaigh Shóisialta agus Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas.
I measc na moltaí atá ag Gannon, deir sé gur chóir cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga scagadh a dhéanamh ar bhillí nua agus polasaithe rialtais.
Deir Gannon freisin go gcaithfear an ceart atá ag daoine an Ghaeilge a labhairt san ionad oibre a chosaint. Chaithfí a bheith cúramach “language planning in the wrong direction” a sheachaint.
“Tús maith leath na hoibre,” an breithiúnas ag Marc Ó Cathasaigh. Fáilte curtha aige roimh leasuithe an Rialtais, ach imní air faoin “get-out clause” maidir leis an spriocdháta 2030.
Raidió Rí Rá?
Mar a tharlaíonn go minic i gcás na Gaeilge, níl roinnt Teachtaí Dála ag díriú ar an ábhar atá faoi chaibidil.
Den chuid is mó is faoi Raidió Rí a labhair an Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Duncan Smith. Luaigh sé chomh maith an easpa ábhar i nGaeilge le linn na paindéime agus dualgais an Post faoin reachtaíocht.
Is faoin gcoláiste samhraidh a bhíodh i gCarraig an Chabhaltaigh i gcontae an Chláir a labhair Cathal Crowe, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil as contae an Chláir.
Labhair Pa Daly ó Shinn Féin faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus an éagóir atá, dar leis, á dhéanamh ag an gcóras ar mhuintir na Gaeltachta. Deir sé go bhfuil an bille ar an bpíosa reachtaíochta is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge le “blianta fada”.
Aontaíonn sé le moltaí an Choimisinéara Teanga agus Chonradh na Gaeilge i dtaobh na leasuithe atá ag teastáil.
Bheadh sé deacair tacú leis an mbille mar atá, a deir Daly, ach tá súil aige go ndéanfar a thuilleadh leasuithe air ag an gcead chéim eile.
Bille ‘easnamhach’
Fáilte “chroíúil” curtha ag an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Mairéad Farrell roimh an moladh cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga agus roimh an spriocdháta don pholasaí earcaíochta.
Ach “bille easnamhach” é a bhfuil “easpa físe” ag baint leis, a deir sí.
Deir Mairéad Farrell gur easnamh mór é nach léir sa bhille cé air atá an “dualgas reachtúil” maidir leis na cuspóirí atá ann.
Údar “imní” é chomh maith, a deir sí, nach bhfuil foráil dhíreach sa bhille a chuirfeadh ceangal láidir ar an stát freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.
An teachtaireacht atá á tabhairt, ar sí, ná go bhfuil sé go breá go labhródh daoine sa Ghaeltacht an Ghaeilge lena gcairde agus a muintir, ach nach bhfuil an ceart acu í a labhairt leis an tseirbhís phoiblí.
Deir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin nach dtuigeann sí “beag ná mór” cén fáth go bhfuil an Rialtas ag moladh go mbeadh sé de chumhacht ag an Aire an sprioc faoi chúrsaí earcaíochta a chur siar in 2028. Caithfear fáil réidh leis an moladh seo, a deir Maireád Farrell.
Leasuithe an Rialtais…
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo caite go bhfuil sé i gceist ag an rialtas an bille teanga, a bhfuiltear ag fanacht air le breis is ocht mbliana, a dhéanamh níos láidre sula bhfoilseofar é.
Gheall an Taoiseach go ndéanfadh na leasuithe an bille “a threisiú”.
Tá ocht leasú á moladh ag an Rialtas. Mar chuid de na leasuithe sin, tá cinneadh déanta ag an Rialtas gur chóir cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga agus chuirfí sprioc-am, an 31 Nollaig 2030, leis an gcuspóir sa bhille go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge.
Fáilte curtha roimh leasuithe ar bhille teanga ach ‘laigí móra’ fós ann
Ach faoi na leasuithe céanna, d’fhéadfadh aire na Gaeltachta ordú a dhéanamh in 2028 go gcuirfí siar an sprioc-am sin.
Thabharfadh ceann eile de na leasuithe cead don Aire córas na gcaighdeán a bhunú sula bhfoilseofaí an Plean Náisiúnta.
Tá fáilte curtha roimh na leasuithe ar an mbille ach maítear go bhfuil laigí móra fós iontu…
Operation Fanacht…
Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh gur chóir ‘Operation Fanacht’ a thabhairt ar scéal an bhille teanga, scéal ar cuireadh tús leis in 2011.
Níor tharla “an t-athrú poirt” sa státchóras a rabhthas ag súil leis ó shin, a deir sé.
Níl “muinín tuillte” ag an státchóras, a deir sé, ach tá sé ag súil go gcabhróidh an bille le “deireadh a chur le ré an fhrustrachais” ó thaobh chás na Gaeilge. Is léir an frustrachas sin gach bliain i dtuarascálacha an Choimisinéara Teanga, ar sé.
Ní leor an bille ann féin chun dul i ngleic leis na fadhbanna bunúsacha a bhaineann le cás na teanga sa státchóras, arsa Ó Snodaigh.
Mura dtarlaíonn “athrú meoin” ag an leibhéal is airde “sa státchóras” beifear “ar ais ag plé an ruda chéanna faoi cheann 20 bliain eile”. Liosta aige de cheannlínte scéalta a bhain le teip an stáit le tamall anuas freastal ar phobal na Gaeilge mar ba chóir, ó scéal na paindéime go scéal na hArdteiste.
Deir Ó Snodaigh go bhfuil sé sásta go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas tabhairt faoi “roinnt de na fadhbanna” a bhaineann leis an mbille agus go bhfuil súil aige go gcuirfear an fháilte chéanna roimh na leasuithe a bheidh aige féin agus daoine eile ag an gcéad chéim eile den bhille.
“Ní haon chaitheamh anuas é ar éinne, ach táimid ag iarraidh go mbeadh sé [an Bille] i bhfad Éireann níos fearr,” arsa urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin.
“Níl na daoine cuí fostaithe sna hoifigí cuí,” a deir Jack Chambers. Caithfear dul i ngleic leis seo, a deir an tAire Stáit agus déanfar sin leis an sprioc go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge.
Cinnteoidh an córas bunaithe ar chaighdeáin, a thiocfaidh in áit na scéimeanna teanga, gur ag na heagraíochtaí is mó a bhíonn ag plé le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheidh an caighdeán is airde ó thaobh seirbhísí i nGaeilge.
“Teastaíonn reachtaíocht chun an fhís a léirítear sa Bhunreacht a bhaint amach,” a deir an tAire Stáit.
An tAire Stáit Jack Chambers ag caint
An tAire Stáit Jack Chambers ag caint anois. Cur síos déanta aige ar a chuairt ar Ghaeltacht na Gaillimhe le déanaí agus ar a bhfuil sa bhille (féach thuas).
Tús curtha leis an bplé
Tá tús curtha ag an Aire Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta, Meán agus Spórt, Catherine Martin, leis an bplé.
Tuigeann sí féin agus an Rialtas tábhacht na Gaeilge, a deir sí.
“Tá áthas orm go bhfuilimid anseo ag plé an bhille seo inniu,” a deir sí.
Aithníonn an Rialtas na laigí atá ar an mbille agus sin an fáth go bhfuil leasuithe á moladh aici ar an mbille. Chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn, ní mór “tacaíocht oifgigiúil” an stáit a bheith aici. Sin an fáth go bhfuil tábhacht leis an mbille, a deir sí. Cuirfidh an bille feabhas ar na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge, a deir an tAire Martin. Mhol sí an bille teanga don Teach.
Cúlra an bhille…
Ag Oireachtas na Samhna 2011, d’fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta Dinny McGinley go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, an reachtaíocht a tugadh isteach chun dualgais a leagan ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Dúradh go raibh athbhreithniú le déanamh ar an acht le fáil amach an raibh gá le leasuithe a dhéanamh air, reáchtáladh próiseas comhairliúcháin phoiblí agus rinneadh go leor moltaí ar mhaithe leis an acht a neartú.
In 2014 foilsíodh ceannteidil do bhille nua a dhéanfadh an t-acht a leasú ach is amhlaidh gur mheas an Coimisinéir Teanga agus eagrais teanga gur lagú seachas láidriú ar an acht a dhéanfadh na leasuithe a bhí molta.
Ba léir gur shocraigh comharba Dinny McGinely, an t-aire stáit agus foghlaimeoir Gaeilge aitheanta, Joe McHugh nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid agus caitheadh na ceannteidil i dtraipisí. D’fhág McHugh an phraiseach le hoidhreacht ag a chomharba Seán Kyne agus in 2017 foilsíodh ceannteidil nua. Cuireadh fáilte roimh na ceannteidil nua a bhí i bhfad Éireann níos uaillmhianaí agus níos láidre ó thaobh cearta teanga ná ceannteidil 2014.
Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?
Fáilte go dtí ár dtuairisc bheo ar an bplé faoin mbille teanga atá ar siúl i nDáil Éireann inniu
Tá ceithre uair an chloig curtha ar leataobh don díospóireacht faoin reachtaíocht chun cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú. Bígí i dteagmháil linn ar na meáin shóisialta nó sna tráchtanna thíos…
Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Céim eile dá aistear curtha de ag bille teanga sa Dáil'