Tá sé ráite ag ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal in Éirinn go dteastaíonn “gníomhaíocht” ón stát má tá méadú le teacht ar líon na gcúrsaí a chuireann ollscoileanna ar fáil trí Ghaeilge.
Tá plé ar siúl le tamall anuas faoin easpa soláthair atá ann ó thaobh cúrsaí tríú leibhéal a theagasctar trí Ghaeilge, go háirithe i bhfianaise na sprice earcaíochta 20% sa tseirbhís phoiblí atá le baint amach ag an stát faoi dheireadh 2030.
Tá cúrsaí fochéime agus iarchéime sa mhúinteoireacht a theagasctar trí Ghaeilge bunaithe ag Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste na Tríonóide le blianta beaga anuas chun cur leis an soláthar múinteoirí do scoileanna lán-Ghaeilge.
Bunaíodh na cláracha sin le cabhair mhaoinithe ón Roinn Oideachais agus dúradh ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais le gairid go mbeadh tuilleadh maoinithe den chineál sin ag teastáil chun cur le líon na gcéimeanna atá ar fáil trí Ghaeilge.
“Má fhéachann sibh ar na cúrsaí atá ar fáil ag Marino agus na cúrsaí atá ar fáil [ag Coláiste na Tríonóide] trí mheán na Gaelinne, thángadar san mar thoradh ar ghníomhaíocht an stáit agus ar ghníomhaíocht na Roinne Oideachais. Cuireadh maoiniú ar fáil,” a dúirt an Dr Noel Ó Murchadha, Ollamh Comhlach i gColáiste na Tríonóid.
“Tá na hollscoileanna agus na hinstitiúidí oideachais cumasach, dinimiciúil. Is féidir linn cúrsaí mar sin a chur ar fáil ach ní bheidh cúrsaí mar sin inmharthana ceal maoiniú stáit de ghnáth.
“Ní mheallfaidh tú cuid mhór daoine chun freastal ar na cúrsaí san agus bíonn riosca dá réir san ag dul leo, sé sin go ndéanfadh na hollscoileanna infheistíocht sna cúrsaí seo, go bhfostóidís daoine a bheadh in ann an t-ábhar a theagasc trí mheán na Gaelainne. Bíonn an riosca san rómhór agus ní bhíonn ollscoileanna agus institiúidí eile ag iarraidh dul i ngleic leis an riosca sin” a dúirt Ó Murchadha.
“Má mhaolaítear an riosca san trí mhaoiniú stáit a chur ar fáil, is féidir ana-chuid a dhéanamh, mar atá léirithe leis an B.Oid, an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas ag Marino, leis an M.Oid againne agus leis an Dioplóma iarchéime sa Ghaelainn do mhúinteoirí.”
Dúirt an tOllamh Teresa O’Doherty, Uachtarán Institiúid Oideachais Marino, go mbeidís sásta cúrsa céime d’earnáil na luathbhlianta lán-Ghaeilge a fhorbairt agus a chur ar fáil, mar shampla, cúrsa a bhfuil éileamh déanta ag grúpaí san earnáil air, ach maoiniú a bheith curtha ar fáil.
Tá Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas [MGO] do mhúinteoirí iar-bhunscoile ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair freisin agus an ollscoil i mbun forbartha ar MGO do bhunmhúinteoirí chomh maith.
Is leis an mhúinteoireacht nó leis an teanga féin a bhaineann formhór mór na gcúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge, áfach.
Dúirt Noel Ó Murchadha go raibh sé tábhachtach go gcuirfí le líon agus le réimse na gcúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil trí Ghaeilge ach go raibh sé tábhachtach a bheith ag féachaint ar “chur chuige níos leithne chomh maith”.
Dúirt sé gur cheart go mbeadh deiseanna ag daoine atá ag tabhairt faoi chéimeanna innealtóireachta nó leighis, mar shampla, cur leis an inniúlacht sa nGaeilge atá acu trí “rud breise a dhéanamh” a bheadh ailínithe leis an CEFR agus “go mbeadh aitheantas laistigh den státchóras ag an inniúlacht teanga san”.
Cé gur dhúirt Ó Murchadha nach meallfadh cúrsaí lán-Ghaeilge cuid mhór daoine, dúirt sé nach bhféadfaí glacadh leis an leithscéal nach bhfuil éileamh ar chúrsaí trí Ghaeilge.
“Tá [caint ar easpa éilimh] b’fhéidir áisiúil mar leithscéal. Tá sé feicthe againn i gcásanna eile, mar shampla i gcás an Ghaeloideachais, go bhfuil léirithe i suirbhéanna go leor go bhfuil éileamh ar bhreis scoileanna trí mheán na Gaelainne agus níor lean an soláthar an t-éileamh san. Mar san, is dóigh liom gur leithscéal áisiúil é sin [a rá] nach bhfuil an t-éileamh ann.”
Tá taighde coimisiúnaithe ag an Údarás um Ard-Oideachas (ÚA) chun na heasnaimh atá sa soláthar tríú leibhéal trí Ghaeilge a aithint agus an t-éileamh a bheidh ann amach anseo a mheas.
Fág freagra ar 'Institiúidí tríú leibhéal toilteanach tuilleadh cúrsaí trí Ghaeilge a chur ar fáil ach maoiniú a bheith ar fáil'