Croí agus anam Dolores Keane a theagmhaigh le do chroí agus d’anam féin

Chomh maith lena nádúr tíriúil féin, ba í a tuiscint do cheol agus amhráin a dúchais a thuill meas phobal na n-amhrán do Dolores Keane

Croí agus anam Dolores Keane a theagmhaigh le do chroí agus d’anam féin

Is deacair cuimhneamh ar aon bhean eile as saol an cheoil sa tír a raibh tóir chomh mór uirthi agus gean agus ómós ag sean is óg di le breis is leathchéad bliain mar a bhí do Dolores Keane a bhásaigh Dé Luain.

Scéimh is loinnir a folt fada gruaige agus binneas a glóir neadaithe aici in ár gcuimhne go deo. Ní haon iontas go mbeadh na hamhráin agus an ceol ina cnámha mar gur tógadh í lena beirt aintíní Sarah agus Rita Keane i gCathair Loistreáin, réalta na n-amhrán agus a dteach ina acadamh ceoil is airneáin. Ní raibh Dolores fhéin ach cúig bliana d’aois nuair a chas sí don raidió ag ceann de na hoícheanta airneáin sin.

Duine dínn fhéin a bhí in Dolores Keane d’ainneoin ardáin mhóra an domhain a bheith mar stáitse aici, níor bhac sí leis an gcaidreamh poiblí pearsanta ná an ghalamaisíocht a chothaíonn meáin go leor.

Chomh maith lena nádúr tíriúil fhéin, ba í a tuiscint do cheol agus amhráin a dúchais a thuill meas agus comhbhá phobal na n-amhrán di. Croí agus anam Dolores agus na bhfonnadóirí a chas roimpi a theagmhaigh le do chroí agus d’anam féin agus Dolores ag canadh, bíodh sin ag féile, in amharclann, ar phláta nó caiséad sa mbaile. Agus í ag caint ar a cuid ceoil, níor loic sí riamh an oidhreacht a fágadh aici a lua agus an dualgas a bhraith sí aire a thabhairt don saibhreas sin. Ionracas an cheoil agus an cheoltóra.

Ar ndóigh ní taobh le ceoltóir amháin a bhí a muintir mar go bhfuil ainm a beirt deartháireacha, Seán agus Matt in airde mar shárcheoltóirí agus Seán agus a chlann fós ag ceol.

I 1975 bhí Dolores ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna ceoil Dé Dannan, agus is iomaí sin amhránaí is ceoltóir mór le rá a bhí sa mbanna sin i rith na mblianta agus aithne mhór orthu Tigh Hughes agus timpeall an Spidéil mar a raibh cónaí ar Alec Finn, chomh maith lena n-ainm a bheith in airde ar fud na cruinne.

Ní taobh le ceol a bhí ag Dolores mar thug sí faoin ardán aisteoireachta chomh maith i ndráma Synge Playboy of the Western World agus i ndráma le Behan The Hostage. Pé acu ag ceol nó ag aisteoireacht a bhíodh sí, ba léi-se an stáitse agus chuir sí a croí sa ról.

Níor éalaigh Dolores ón mbrón óna dtáinig a hainm. B’iomaí sin cros a bhí ina cinniúint. Teach a muintire a fhágáil ina cailín beag de bharr tubaistí na heasláinte, scaradh óna páirtithe saoil, dúshláin sláinte a mic, agus a comhraic féin leis an ailse, an t-airtríteas agus an t-alcólachas. Is beag againn nach dtitfeadh faoi cheann amháin fhéin de na dúshláin sin ach rinne Dolores téarnamh agus níor tachtadh an ceol inti. Ba mhinic Dolores ag cur comhairle faoin alcól agus ag rá nach aon chara a bhí ann agus a dheacra a bhíonn sé a admháil go bhfuil tú i ngreim aige, dúshlán a thuig sí go maith óna haistear féin.

I dtús na nóchaidí thug an t-albam A Woman’s Heart misneach agus spreagadh do mhná na tíre seo agus plódaíodh ionaid cheoil agus siopaí ceirníní leis an éileamh a bhí air agus Dolores Keane i dteannta phlúr na gceoltóirí eile as an tír seo – Sharon Shannon, Eleanor McEvoy, Maura O’Connell agus Frances agus Mary Black.

Is iomaí sin ceoltóir a chas i gcomhluadar Dolores Keane ar an thart ar 30 albam dá saothar atá againn agus is iomaí sin scríbhneoir a thug amhráin di le casadh. In 2023, tháinig an t-albam deireanach uaithi, The Refuge.

Tá a comhbhrón curtha in iúl ag an Uachtarán Catherine Connolly dá muintir ag rá go raibh Dolores “ar dhuine de ghlórtha móra an oileáin seo agus na cruinne. Ní fhágann glór dá leithéid sinn, is amhlaidh a neadaíonn sé san aer agus maireann go deo”.

Faoi bhrón ina diaidh tá a mac Joseph, a hiníon Tara is a páirtí Colin, a garchlann Megan agus Cian, a deirfiúr agus a ceathrar deartháireacha, chomh maith le neart lucht aitheantais, cairdis is ceoil.

Déanfar saol agus saothar Dolores Keane a cheiliúradh ag a 3.00pm i dTeach Pobail Chill Chuanna, i mBaile Chláir Dé hAoine agus cuirfear a corp ina dhiaidh sin i Reilig Dhomhnach Pádraig.

Go raibh tearmann is comhluadar ceolmhar aici sa tsíoraíocht.

Fág freagra ar 'Croí agus anam Dolores Keane a theagmhaigh le do chroí agus d’anam féin'

  • Seosaimhín Ni Bheaglaoich

    Bean uasal álainn. Amhránaí aoibhinn. Comhluadar spleodrach. Suaimhneas síoraí tuillte aici.