Is ar ais in Uíbh Ráthach atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag bualadh leis an ealaíontóir gloine Róisín Ní Chionnfhaolaidh.
An dúlra agus an fharraige go háirithe a spreagann Róisín agus formhór a saoil caite aici cois cósta, ar a fód dúchais sa Rinn i nGaeltacht na nDéise go dtí an Rinn Rua i ndeisceart Chiarraí, áit a bhfuil sí anois ina cónaí lena clann.
Labhair sí le Helen faoin tionchar a bhí ag an ealaín ar a hóige, na healaíontóirí i measc a muintire agus faoi bheith ag cur isteach ar chomórtais san Irish Press agus í ina gasúr.
Tá tréimhsí caite ag Róisín mar ealaíontóir cónaithe in ionad Chill Rialaig suas an bóthar uaithi i mBaile an Sceilg agus sa Díseart sa Daingean chomh maith agus d’inis sí dúinn faoin tábhacht a bhíonn le ciúnas agus tearmann don ealaíontóir agus tábhacht na healaíne don phobal.
Labhair Róisín chomh maith faoi na dúshláin a bhaineann le saol an ealaíontóra agus faoi na fadhbanna sláinte a bhí aici féin le blianta beaga anuas.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Fág freagra ar 'Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Róisín Ní Chionnfhaolaidh: ‘Is dóigh liom go mbeadh an saol an-leadránach ar fad gan ealaíontóirí’'