Fáilte curtha roimh leasuithe ar bhille teanga ach ‘laigí móra’ fós ann

Déanfar plé inniu sa Dáil ar reachtaíocht teanga a gealladh den chéad uair naoi mbliana ó shin

Fáilte curtha roimh leasuithe ar bhille teanga ach ‘laigí móra’ fós ann

Beidh reachtaíocht chun cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú os comhair na Dála arís tráthnóna, naoi mbliana ó gealladh ar dtús é.

Is é an Rialtas féin is túisce a mholfaidh leasuithe ar an mbille a ndearnadh cáineadh géar air nuair a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite é.

Tá fáilte curtha roimh na leasuithe atá molta ag an Rialtas ag polaiteoirí, gníomhaithe teanga agus saineolaithe, ach táthar den tuairim go bhfuil go leor easnamh ar an reachtaíocht i gcónaí.

Cáineadh na leasuithe is déanaí go háirithe mar nach bhfuil foráil láidir á moladh ag an Rialtas a leagfadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí freastal ar mhuintir na Gaeltachta sa Ghaeilge agus mar nach léir fós sa bhille cén dream a bheadh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta earcaíochta atá luaite ann.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an sochtheangeolaí aitheanta agus saineolaí ar an reachtaíocht teanga, an Dr John Walsh, go bhfágfadh na leasuithe nua go mbeadh an bille níos láidre ná an bille a foilsíodh roimh dheireadh na bliana seo caite.

“Cuirim fáilte roimh chuid de na leasuithe a mholtar ann. Mar shampla, dul chun cinn suntasach atá sa leasú a thabharfadh cumhacht bhreise don Choimisinéir Teanga faireacháin a dhéanamh ar achtanna eile ina luaitear an Ghaeilge,” a dúirt an Dr John Walsh.

Cinneadh déanta ag an Rialtas gur chóir cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga

Léiríonn taighde atá déanta ag an Dr Walsh go bhfuil 150 píosa reachtaíochta ann a bhfuil baint acu leis an nGaeilge agus go gclúdaíonn siad réimsí tábhachtacha den saol ar nós na pleanála, an chraolacháin agus an oideachais.

“Céim mhór chun cinn” a bheadh ann ról a bheith ag an gCoimisinéir Teanga maidir le faireachán a dhéanamh ar an reachtaíocht sin, a deir an Dr Walsh.

D’fháiltigh sé chomh maith roimh na leasuithe ón Rialtas a chuirfeadh sprioc-am, an 31 Nollaig 2030, leis an gcuspóir sa bhille go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge.

Ach dúirt an Dr John Walsh go raibh roinnt “laigí móra” fós sna leasuithe rialtais “ar gá aghaidh a thabhairt orthu”.

“Ní luaitear faic faoin éileamh réasúnta atá déanta ag eagraíochtaí Gaeilge agus ag an gCoimisinéir Teanga gur i nGaeilge agus gan cheist a chuirfeadh an stát a chuid seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht.

“Ní bheidh mórán údaráis ag reachtaíocht teanga nach dtabharfaidh aghaidh ar na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga an phobail. Níl aon radharc ach an oiread ar cheart bunúsach a bheith ag duine ainm agus seoladh i nGaeilge a úsáid i ngnó oifigiúil.

“Ina theannta sin, caithfidh ionadaíocht níos leithne a bheith ar an gCoiste Comhairleach agus bheadh imní orm faoin tslí éalaithe a thugtar don Aire síneadh ama a chur le spriocdháta 2030.”

Faoi na leasuithe, d’fhéadfadh aire na Gaeltachta ordú a dhéanamh in 2028 go gcuirfí siar an sprioc-am sin.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh na leasuithe ach mhaígh siad chomh maith go raibh roinnt easnamh iontu a gcaithfí dul i ngleic leo agus an bille ag déanamh a shlí trí Thithe an Oireachtais.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie go gcaithfí foráil níos láidre a chur sa bhille ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus go raibh cuid de na sprioc-amanna nua á bhí á lua leis an bplean earcaíochta “róscaoilte”. Údar imní do Chonradh na Gaeilge chomh maith go mbeadh an chumhacht ag Aire amach anseo an spriocdháta 2030 a chur siar, ina measc leasú a shoiléireodh cén dream a mbeidh dualgas reachtúil orthu i dtaobh an pholasaí nua earcaíochta.

Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?

Ba chóir chomh maith, a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a thuilleadh cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga chun go mbeadh cead aige billí nua agus polasaithe Rialtais a scrúdú “faoi mar a dhéantar sa Bhreatain Bheag”. Tá cuid mhaith leasuithe le moladh ag Conradh na Gaeilge ag an gcéad chéim eile den bhille, céim 3, nuair a chuirfear faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta é.

Ceann de na laigí móra eile a fuarthas ar an mbille ná nach raibh dualgas reachtúil leagtha ar aon duine nó dream ann maidir leis an bplean náisiúnta earcaíochta a chur i bhfeidhm.

Nuair a bheadh an plean curtha i dtoll a chéile ag coiste comhairleach nua chuirfí faoi bhráid an rialtais é, leagfaí os comhair Thithe an Oireachtais é agus d’fhoilseofaí é. Ach níorbh léir dualgas reachtúil a bheith ar aon duine é a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Tá sé i gceist ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra roinnt leasuithe a mholadh ar an mbille chomh maith.

Deir an Rialtas go neartóidh na leasuithe atá á moladh acu an bille go mór agus dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin aréir go raibh sí ag súil go mór leis an bplé faoin mbille sa Dáil inniu.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh leasuithe ar bhille teanga ach ‘laigí móra’ fós ann'