‘Ón gcroí a thagann sé, ní bhíonn air aon chur i gcéill a dhéanamh’ – athair Chillian Murphy ‘an-mhórálach’ as

Agus é faoi agallamh ar An Saol Ó Dheas ar RnaG, dúirt Breandán Ó Murchú gur údar mór sásaimh dó an tuiscint a léirigh a mhac ina óráid ag na gradaim Oscar ar thábhacht an ghrá

‘Ón gcroí a thagann sé, ní bhíonn air aon chur i gcéill a dhéanamh’ – athair Chillian Murphy ‘an-mhórálach’ as

Cheap athair Chillian Murphy gur ag labhairt faoi ‘Brendan Murphy éigin eile’ a bhí a mhac san óráid a thug sé nuair a bronnadh gradam Oscar air.

Agus athair an aisteora faoi agallamh An Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt sé go raibh “an-oíche ar fad” aige féin, a bhean Mary, agus a muintir ag faire ar an teilifís ag baile Dé Domhnaigh ar shearmanas na nGradam Oscar, mar ar bronnadh an gradam don phríomhaisteoir is fearr ar a mac dá ról in Oppenheimer.

Chuaigh an chaint a rinne Cillian Murphy ina óráid faoi thábhacht lucht na síochána i bhfeidhm go mór ar dhaoine, a athair Breandán Ó Murchú ina measc.

“Labhair sé go maith cé go ndúirt sé ina dhiaidh sin nár chuimhin leis cad é a dúirt sé. Thaitin sé go mór liom an rud a dúirt sé sa deireadh thiar thall. [Faoi na daoine] atá ar mhaithe le síocháin.

“Déarfainn go mbeadh fonn air rud éigin a rá. Dúirt sé an rud iomlán ceart, is dóigh liom. Bhíos ana-shásta ar fad leis sin agus luadh ár n-ainmneacha, rud a bhí go hiontach leis. Déarfainn go raibh daoine ana-shásta leis sin.”

Níor thuig Breandán láithreach gurb é féin a bhí i gceist ag a mhac.

“Cheapas ar dtús go raibh Brendan Murphy éigin ag obair dó ar an bhfilm agus ansan thuigeas gur mé a bhí ann!

“Faoi mar a bheadh duine ar scoil agus an rolla á ghlaoch bhíos chun ‘Anseo’ a rá! Dhera, bhí sé go hiontach, chuir sé ionadh orm gur chuimhnigh sé ar a leithéid a dhéanamh.”

Agus é faoi agallamh ag Helen Ní Shé, dúirt Breandán Ó Murchú go raibh an grá agus an meas ar na nithe is tábhachtaí sa saol, tuiscint, a dúirt sé, a léirigh a mhac ina óráid ar stáitse Amharclann an Dolby in Los Angeles.

“Is dóigh liom gur ceart a bheith an-mhórálach, agus bímid ana-mhórálach astu nuair a bhíonn siad óg agus as san is dócha gur cheart go bhfásfadh meas de shaghas éigint, abair,” arsa Breandán Ó Murchú.

“Sé an rud a bhíonn ón déagóir ná meas is dóigh liom agus caitear scaoileadh leo ag an aois sin is dóigh liom ach an meas a bheith ann. Agus ansan ina dhiaidh sin, níl a fhios agam, is dócha, dá ndéanfaidís, nó má dheineann siad gaisce is féidir ionadh a bheith ar dhuine, ar thuismitheoirí.

“Ach is dóigh liom nach féidir gan ach ligint leo agus iad óg. Tá an grá ana-thábhachtach agus an gcreidfeá é tá an grá chomh tábhachtach céanna is atá sé nuair a bhíonn siad óg [is a bhíonn] agus iad ina ndéagóirí, agus iad fásta suas.”

B’údar mór sásaimh dó an tuiscint a léirigh a mhac ar thábhacht an ghrá, ar sé.

“Chuir sé ana-áthas orm aréir nuair a labhair sé lena bheirt mhac agus dúirt sé leo go raibh grá aige dóibh, nó rud éigin. Agus is déagóirí fásta iad san agus ceapaim go bhfuil sé sin fíorthábhachtach ar fad. Ní bhíodh taithí againn air a leithéid nuair a bhíomar óg.

“Ní hé go gcaithfí é a rá i gcónaí nó aon rud den tsaghas sin, ach is dóigh liom gurb in an rud atá ó na daoine óga uaireanta. Agus ó am go chéile chífeá go mbeadh sé in easnamh. Chonac go minic ar scoil é sin, cheapas gurb é sin an easpa ba mhó a bhí ar dhaoine óga, ar chúiseanna éigin nár bhraitheadar an grá chomh mór agus a bhraith daoine eile é.

“Agus is dóigh liom go dtugann sé sin tríd an saol sinn, bíonn sé de dhíth orainn go léir, bíonn gá againn go léir leis is dóigh liom.

“Agus sé sin an rud a thugann thar n-ais go dtí na tuismitheoirí na daoine óga – má bhraitheann siad an grá sin. Bhíos ana-shásta go ndúirt sé é sin. Agus is ón gcroí a thagann sé, is deas liom é sin. Níor mhúineamar riamh dó é. Sin iad na caighdeáin atá aige, is dóigh liom, is tá siad san ag cabhrú go mór leis, is dóigh liom.”

Dúirt Breandán Ó Murchú, Corcaíoch a chaitheann cuid mhór dá shaol i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, go bhfuil muinín ag glúin a mhic nach raibh, b’fhéidir, ag na glúnta a chuaigh rompu.

“Is dócha go bhfuil muinín aige as féin. Ní dóigh liom go mbíonn air aon chur i gcéill a dhéanamh. Is féidir leis labhairt amach go muiníneach, rud ná bíodh coitianta ach oiread. Bhímis-ne difriúil, is dóigh liom. Cheapamar, mar shampla, fadó ó shin, dá mbeadh blas éigin difriúil cainte ag daoine – na Sasanaigh nuair a thagaidís mar shampla – cheapamar go raibh rud éigin ar leith ag baint leis sin, go rabhadar níos fearr ná sinn.

“Ach na hÉireannaigh anois, na daoine óga, tá siad sásta a’ bualadh amach ansin  agus a’ labhairt amach go muiníneach agus tá siad go léir á dhéanamh agus is rud an-mhaith é sin.”

Díol suntais, dar leis, an bualadh bos mór a fuair an t-aisteoir nuair a dúirt sé ina óráid go raibh sé bródúil mar Éireannach.

“Nach ait é? Agus arís bheifeá sásta leis sin. Is dócha go mbíonn orainne é sin a rá níos mó ná daoine eile mar go labhraímid Béarla agus go bhfuilimid ana-chóngarach do thíortha eile a labhrann Béarla. “Braithim é sin nuair théím thar lear, b’fhéidir go n-iarrfá ar dhuine an bhfuil Béarla aige nó nach bhfuil agus díreach bheadh le tuiscint go gceapfadh an duine áirithe seo gur Sasanach thú b’fhéidir.

“Tugaim faoi ndeara go ndeirim i gcónaí gur Éireannach mé. Is maith an rud é, stáitín ana-bheag atá againn agus táimid tábhachtach mar dhaoine. Agus tá sé aige agus is aoibhinn liom é. Tá sé acu go léir.”

Níor éirigh le Breandán ná muintir an aisteora guaim a choimeád orthu féin ar fad nuair a fógraíodh an dea-scéal.

“Chuamar beagáinín beag as ár meabhair. Bhí an brú sin ann. Ní rabhas ag súil leis sin – ach ós na páipéir agus ón raidió agus an teilifís bhí brú orainn go léir agus bhíos-sa agus Mary buartha faoi cad a tharlódh mura bhfaigheadh sé é. Ach bhíomar muiníneach mar sin féin.”

Is beag an baol go rachaidh Cillian Murphy chun uabhair de bharr a ghaisce, a deir a athair.

“Tá déanta go maith aige go dtí seo. Is dóigh liom go mbeidh sé ceart go leor. Ní dóigh liom go bhfuil sé ar thóir an airgid, mar shampla.”

Agus tithe saoire acu i nGaeltacht Chorca Dhuibhne is breá le Breandán agus a mhac Ciarraí agus muintir na Gaeltachta.

“Bíonn sé thiar i gCiarraí agus ní thógann daoine ceann dó,” arsa Breandán.

“Tá ana-ghean aige ar an áit.”

Tá sé i gceist ag an aisteoir saoire a thógáil anois.

“Beidh sos aige go ceann tamaill agus is maith an rud é sin,” a deir a athair.

An Saol ó Dheas

Fág freagra ar '‘Ón gcroí a thagann sé, ní bhíonn air aon chur i gcéill a dhéanamh’ – athair Chillian Murphy ‘an-mhórálach’ as'