Bronnfar Gradam Speisialta ar Ros na Rún ag na Gradaim Chumarsáide in Óstán an Radisson Blu i gCathair na Gaillimhe san oíche anocht. Craoladh an sobalchlár Gaeilge den chéad uair scór blianta ó shin ar RTÉ sular bhog sé go Teilifís na Gaeilge nuair a tháinig ann don stáisiún sin i 1996. Comhfhiontar idir Eo Teiliifís agus Tyrone Productions ba é an coimisiún is mó riamh ón earnáil neamhspleách é i stair na teilifíse in Éirinn.
Tá os cionn 140 duine ag obair ar Ros na Rún idir aisteoirí, scríbhneoirí, stiúrthóirí agus an criú agus craoltar trí huaire in aghaidh na seachtaine é ar TG4 – dhá eagrán nua Dé Máirt agus Dé Céadaoin agus an dá chlár arís in Ollchlár an Domhnaigh.
Dúirt Deirdre Ní Fhlátharta, léiritheoir sraithe Ros na Rún gur “léiriú é an Gradam Speisialta ar an tóir agus ar an ngean” atá ag an bpobal féachana ar an gclár.
“Tugann sé aitheantas do chruthaitheacht agus do dhíograis na n-aisteoirí agus na bhfoirne léirithe. Bíonn fáilte i gcónaí roimh ghradaim, ach is onóir ar leith é gradam a fháil ón Oireachtas,” a dúirt sí.
Bhain Ros na Rún cáil amach i gcaitheamh na mblianta i measc an phobail mar gheall ar a chumhachtaí agus, in amanna, a chonspóidí a bhíonn na scéalta agus de bharr na dtéamaí a dtéann sé i ngleic leo. Níl aon fhaitíos roimh aisteoirí ná scríbhneoirí na sraithe dul i ngleic le dúcheisteanna na linne. Seo thíos rogha Ros na Rún de chuid de na scéalta is mó a thit amach sa bhaile beag Gaeltachta ón mbliain 1995 i leith.
1. An Phóg aerach
Tá caidrimh aon insce go mór i mbéal an phobail in Éirinn i láthair na huaire mar gheall ar reifreann an lae inniu agus na feachtais a bhí ar bun le beagnach mí anuas. Ach ba ar Ros na Rún a craoladh an chéad ‘phóg aerach’ i stair na teilifíse in Éirinn, beart ceannródaíoch a bhí ann agus bhain sé áit amach do Ros na Rún ar na tablóidí agus na nuachtáin mhórbhileogach araon. Thíos ar an gcladach amuigh faoin aer a thug Jack agus Tom an chéad phóg aerach dá chéile a craoladh ar stáisiún teilifíse de chuid na hÉireann riamh. Ba chonspóidí fós an phóg sin mar bhí duine den bheirt i gcaidreamh cheana féin le bean sa tsráidbhaile.
2. Éigniú Róise
Tháinig Ciarán, buachaill 17 bliana d’aois, go Ros na Rún i séasúr a seacht le fanacht leis an tseanlánúin Máire agus Peadar. D’fhás cairdeas idir Ciarán agus iníon Vince Róise ach chuaigh an caidreamh ó mhaith agus rinne Ciarán ionsaí gnéis ar Róise. Lean an scéal conspóideach ar aghaidh ar feadh cúpla mí go dtí gur thug Róise Ciarán chun cúirte agus cuireadh i bpríosún é.
3. Foréigean Baile
Is iomaí clóca ag an diabhal agus is iomaí bealaí inaar féidir ionsaí a dhéanamh ar dhuine. Bhain scéal Daniel agus Nancy leis an bhforéigean baile ach ní foréigean ficisiúil a bhí ar bun ag Daniel McLoughlin ach ionsaí siceolaíochta ar a bhean Nancy. Chaith Nancy an chuid is mó dá saol ag tabhairt aire do ghasúir a dearthár agus ba bheag taithí a bhí aici ar chúrsaí grá nuair a casadh Daniel uirthi an chéad lá riamh. De réir a chéile, thuig Nancy nach raibh Daniel chomh deas is cheap sí ar dtús agus go raibh baint aige le bás a chéad mhná.
Rinne Daniel chuile iarracht neamhspleáchas Nancy a bhaint di agus dúirt rudaí uafásacha léi. Is beag muinín a bhí aici as cineáltacht agus daonnacht an duine dá bharr agus bhí faitíos an domhain uirthi roimhe. Tháinig Berni i gcabhair ar Nancy agus d’éalaigh sí ón maistín ar deireadh.
4. An féinmharú cuidithe
Ba í Pauline grá geal Mhíchíl Sheoighe ach rug an ailse greim uirthi le linn shéasúr 10. Chuaigh an tinneas in olcas agus ar deireadh tháinig an lá nuair nár fhéad sí éirí ón leaba fiú. Chinn sí a lámh a chur ina bás féin agus theastaigh cúnamh a fir uaithi lena dhéanamh. Ní raibh Mícheál sásta a bheannacht a thabhairt don phlean i dtús aimsire ach sa deireadh, níor fhéad sé mian a ghrá ghil a chosc agus rinne sé an beart de réir mar ba mhian le Pauline. Go gairid i ndiaidh a báis, áfach, ghabh na Gardaí Mícheál, ceistíodh é agus cuireadh chun príosúin é ar feadh seal.
5. Tadhg Ó Díreáin
Ní fhéadfaí trácht ar chonspóid i Ros na Rún gan tagairt a dhéanamh do Thadhg Ó Díréain, an tábhairneoir deisbhéalach neamhthrócaireach ar beag peaca nach bhfuil ar a choinsias aige. Go deimhin, bhí baint ag Ó Direáin leis an oireadh sin conspóidí in imeacht na mblianta go mba dheacair aon cheann amháin acu a roghnú. Ina áit sin, tá blaiseadh beag anseo de Thadhg i mbun gnó.
Fág freagra ar 'Ón ‘gcéad phóg aerach’ go dtí ‘an féinmharú cuidithe’ – 20 bliain de chonspóid i Ros na Rún'