Oifigeach Gaeilge agus oifigeach trasinscne le ceapadh ag Aontas na Mac Léinn Ollscoil na Banríona

Glacadh le rún ag cruinniú de chuid Chomhairle Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona an tseachtain seo go gceapfaí Oifigeach na Gaeilge agus Oifigeach Trasinscne i bpoist páirt-aimseartha nua

Oifigeach Gaeilge agus oifigeach trasinscne le ceapadh ag Aontas na Mac Léinn Ollscoil na Banríona

Tá Oifigeach Gaeilge agus oifigeach Trasinscne le ceapadh ag Aontas na Mac Léinn Ollscoil na Banríona.

Glacadh le rún ag cruinniú de chuid Chomhairle Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona le déanaí go gceapfaí Oifigeach Gaeilge agus Oifigeach Trasinscne i bpoist pháirt-aimseartha nua. 

Dúirt Hamsavani Rajeswaren, Oifigeach Comhionannais agus Éagsúlachta Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona, gur glacadh cinneadh “stairiúil” ag cruinniú na comhairle an tseachtain seo caite agus go mbeadh an bheirt oifigeach a cheapfaí in ann “ionadaíocht” a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus ar an phobal trasinscne, ar ghrúpaí “mionlaigh” iad sa choláiste. 

I ráiteas a chuir sí amach ag tacú leis an phost nua d’Oifigeach na Gaeilge, dúirt Rajeswaren gur “pobal iontach”  iad cainteoirí Gaeilge na hOllscoile agus lucht taca an achta Ghaeilge “nach raibh ionadaíocht cheart acu sa chomhairle ná san ollscoil trí chéile”.

I measc na ndaoine a labhair ar son an rúin go gceapfaí Oifigeach Gaeilge in Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona, bhí Cúnla Morris, Oifigeach na Gaeilge Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide.

Labhair Morris faoin iarracht a rinneadh i gColáiste na Tríonóide an tseachtain seo caite deireadh a chur leis an nós go gcuireann Aontas na Mac Léinn ansin a ríomhphost seachtainiúil amach i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt sí go raibh cáil stairiúil ar Ollscoil na Tríonóide mar ollscoil Phrotastúnach agus mar ollscoil Bhéarla agus go raibh gá a chinntiú go léireofaí “meas” don Ghaeilge sa choláiste.

Moladh leasú ar an rún go gceapfaí Oifigeach Teangacha Mionlaigh a cheapadh in áit Oifigeach Gaeilge ach vótáladh i gcoinne an mholaidh.

Ghlac an chomhairle le rún ag an chruinniú  chomh maith ag tacú le reachtaíocht ar son comhionannais pósta i dTuaisceart na hÉireann a gcuirfeadh daoine trasinscneacha san áireamh.

Fág freagra ar 'Oifigeach Gaeilge agus oifigeach trasinscne le ceapadh ag Aontas na Mac Léinn Ollscoil na Banríona'