Aighneas i measc mic léinn i gColáiste na Tríonóide de bharr costais aistriúcháin €15 ar nuachtlitir Ghaeilge

Theip ar iarracht a rinneadh i gColáiste na Tríonóide an tseachtain seo caite deireadh a chur leis an nós go gcuireann Aontas na Mac Léinn ansin a ríomhphost seachtainiúil amach i nGaeilge agus i mBéarla

Aighneas i measc mic léinn i gColáiste na Tríonóide de bharr costais aistriúcháin €15 ar nuachtlitir Ghaeilge

Theip ar mholadh a rinne Oifigeach Cumarsáide Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide go gcuirfí deireadh le ríomhphost ‘Gaeilge’ an Aontais, mar gheall ar chostais aistriúcháin agus cúrsaí eagarthóireachta.

De réir tuairisc ar The University Times, nuachtán na mac léinn sa choláiste, bhí díospóireacht theasaí an tseachtain seo caite ag cruinniú de chuid an Aontais faoi cheist an ríomhphoist Ghaeilge.

Mhaígh Páraic McLean, Oifigeach Cumarsáide an Aontais i gColáiste na Tríonóide, an té a mhol go gcuirfí deireadh leis an leagan Gaeilge den ríomhphost seachtainiúil, go sábhálfaí airgead mura seolfaí amach ach an leagan Béarla. Tuairiscíodh gur €15 an costas a bhaineann le haistriúchán a fháil ar an ríomhphost gach seachtain.

Mheas McLean freisin go mbeadh sé níos éasca píosaí a thagann isteach deireanach a chur isteach sa nuachtlitir gan a bheith ag fanacht nó go n-aistreofaí iad.

Cé nach féidir líon na ndaoine a léann an nuachtlitir a thomhas go cruinn, dúirt McLean gur oscail 1,183 mac léinn nasc amháin a bhí sa leagan Béarla den nuachtlitir sheachtainiúil. Dúirt sé gur 40 duine an líon is mó a d’oscail an nasc chun an leagan Gaeilge a léamh.

 Agus é ag labhairt ar son an leagan Gaeilge a choinneáil, dúirt Roy Codd go raibh sé tábhachtach an t-aistriúchán a chur ar fáil agus go raibh a leithéid mar chuid “d’fhéiniúlacht Éireannach” an choláiste. Dúirt Codd gur cheart airgead a bhaint ó sheirbhísí eile a chuireann an tAontas ar fáil chun an leagan Gaeilge den ríomhphost a choinneáil.

 Is í Cúnla Morris, Oifigeach na Gaeilge sa choláiste, a íoctar as an nuachtlitir a aistriú ach dúirt sí ag an gcruinniú go ndéanfadh sí an obair sin saor in aisce más fadhb airgeadais amháin a bhí ann.

Ar deireadh, dúirt McLean go dtarraingeodh sé siar an moladh.

Fág freagra ar 'Aighneas i measc mic léinn i gColáiste na Tríonóide de bharr costais aistriúcháin €15 ar nuachtlitir Ghaeilge'