Oidhreacht ‘Rí-amhránaí Éireann’ le ceiliúradh ag Tionól Niocláis Tóibín 2021

Beidh Tionól Niocláis Tóibín á reáchtáil ar líne an deireadh seachtaine ach gealltar scoth na gceoltóirí do cheardlanna agus ceolchoirmeacha na féile

Oidhreacht ‘Rí-amhránaí Éireann’ le ceiliúradh ag Tionól Niocláis Tóibín 2021

Beidh idir cheardlanna agus cheolchoirmeacha ar siúl mar chuid de Thionól Niocláis Tóibín 2021 an deireadh seachtaine seo.

Tugann an ócáid aitheantas do dhuine de mhóramhránaithe sean-nóis na tíre, Nioclás Tóibín, a dtugtaí ‘Rí-amhránaí Éireann’ air.

I mbliana beidh an tionól á reáchtáil ar líne ach beidh scoth na gceoltóirí ag teacht le chéile chun ceardlanna agus ceolchoirmeacha a chur ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine. 

Fógrófar an té a gheobhaidh Gradam Niocláis Tóibín 2021 ar an Aoine, 12 Feabhra, agus bronnfar an gradam ag ócáid phoiblí amach anseo nuair a bheidh na srianta scaoilte. Tabharfar Nioclás chun cuimhne ag an ócáid seo agus roinnfear roinnt amhrán in ómós do. 

Beidh ceolchoirm speisialta le feiceáil ar Facebook agus Youtube Dé Sathairn, an 13 Feabhra ag 8.00pm agus craolfar ceolchoirm eile níos déanaí sa bhliain. Taifeadadh na ceolchoirmeacha seo roimh Nollaig i dtearmann tuaithe Ulrich agus Ruth Nebroj i mBaile na hAirde sa Sean-Phobal.

Beidh tionchar Niocláis le cloisteáil sna ceolchoirmeacha agus amhránaithe an cheantair i mbun amhránaíochta – Seán Mac Craith, Aodán Ó Ceallaigh, Ciarán Ó Gealbháín agus Ailbhe Nic Dhonncha. Ina bhfochair, beidh Muireann Nic Amhlaoibh, Nell Ní Chróinín, Benny McCarthy, Paddy Tutty, Nuadán, Donal Clancy, Liam Flanagan, Donnchadh Gough, Éamonn O’Riordan.

Beidh cuid de na ceoltóirí sin i mbun ceardlanna teagaisc i gcaitheamh an deireadh seachtaine chomh maith.

Bhain Nioclás Tóibín, arbh as an Rinn dó, clú agus cáil amach nuair a thug sé leis Corn Chomhlacht an Oideachais’ (Corn Uí Riada mar a tugadh ar ball air) trí huaire as a chéile i 1961, ’62 agus ’63, rud nár deineadh riamh roimhe san ná ó shin. Cailleadh é in 1994.

Tá gach eolas faoi Thionól Nioclás Tóibín 2021 ar fáil anseo

Fág freagra ar 'Oidhreacht ‘Rí-amhránaí Éireann’ le ceiliúradh ag Tionól Niocláis Tóibín 2021'