Oibrithe Harland and Wolff i mbun agóide i nGaeilge ag Stormont inniu

Bhí oibrithe Harland and Wolff agus feachtasóirí An Dream Dearg i measc na ngrúpaí a bhí i mbun agóide le linn chuairt Boris Johnson inniu

Oibrithe Harland and Wolff i mbun agóide i nGaeilge ag Stormont inniu

Ghlac oibrithe Harland and Wolff páirt in agóid dhátheangach ag Stormont inniu i dteannta An Dream Dearg.

Bhí fostaithe de chuid an longtógálaí iomráitigh in Oirthear Bhéal Feiste i mbun agóide in Stormont, tráth a raibh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ar cuairt ar an Tuaisceart.

Agus aird á tarraingt acu ar chás an longchlóis atá i mbaol a dhúnta, bhí oibrithe Harland and Wolff le cloisteáil i mbun cantaireachta i nGaeilge agus ‘sábháil ár gclós’ á rá acu.

Bhí agóid á reáchtáil ag An Dream Dearg ag an am céanna chun an t-éileamh ar acht Gaeilge ó thuaidh a chur ar a shúile don Phríomh-Aire Johnson.

Fág freagra ar 'Oibrithe Harland and Wolff i mbun agóide i nGaeilge ag Stormont inniu'