Ochtar iarrthóirí olltoghcháin le bheith ag cruinniú poiblí i gCois Fharraige anocht

Beidh ochtar iarrthóirí toghcháin i láthair ag cruinniú poiblí anocht in Indreabhán

Toghchán Strap

Gormfhlaith Ní Thuairisg
Gormfhlaith Ní Thuairisg

Beidh ochtar de na hiarrthóirí a bheidh ag seasamh san olltoghchán don dáilcheantar Gaillimh Thiar-Maigh Eo Theas i láthair ag cruinniú poiblí a bheidh ar siúl anocht in Indreabhán i gCois Fharraige.

I láthair ag an gcruinniú, a bheidh ar siúl i Seanscoil Sailearna, beidh Éamon Ó Cuív (FF), John Connolly (FF), Seán Kyne (FG), Séamus Sheridan (CG), Trevor Ó Clochartaigh (SF), Ruairí Ó Néill (DD), Niall Ó Tuathail (DS) agus Catherine Connolly (NS).

Tá an cruinniú á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le deis a thabhairt do phobal na háite ceisteanna a chur ar na hiarrthóirí faoi na nithe is mó atá ag déanamh imní dóibh. Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg, láithreoir an chláir Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bheidh ina cathaoirleach ar chruinniú na hoíche anocht, a thosóidh ag 8.00in.

Fág freagra ar 'Ochtar iarrthóirí olltoghcháin le bheith ag cruinniú poiblí i gCois Fharraige anocht'