Obair fós le déanamh ag Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann chun breith ar Luimneach agus an Clár

Imreofar na babhtaí leathcheannais sa tsraith iomána an deireadh seachtaine seo agus gá le feabhas ag roinnt foirne roimh thús na craoibhe

Obair fós le déanamh ag Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann chun breith ar Luimneach agus an Clár

Tá babhtaí na ngrúpaí sa tsraith thart agus na háiteanna sna ranna éagsúla don bhliain seo chugainn socraithe. Sa phríomhroinn beidh na ceithre chontae atá ag imirt sna cluichí leathcheannais an deireadh seachtaine seo, Luimneach, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann agus an Clár, agus in éineacht leo beidh Gaillimh, Corcaigh agus Loch Garman.

Dar ndóigh, ar bharr an phaca atá Luimneach agus ón méid atá feicthe againn go dtí seo i mbliana beidh sé thar a bheith deacair iad a shárú in aon cheann de na comórtais. Seachtain i ndiaidh seachtaine tá meascán difriúil imreoirí á úsáid ag John Kiely agus a roghnóirí agus iad an-láidir is cuma cén cúigear déag a thosnaíonn nó a chríochnaíonn.

Tá cúigear nua, ar a laghad, atá ag cruthú go maith ó thosach na sraithe. Tá a chuid déanta ag Donnacha Ó Dálaigh agus é ina laoch sa chluiche i gcoinne Thiobraid Árann coicís ó shin agus bhí sé ar fheabhas i ngach cluiche atá imeartha aige i mbliana. Níor thosaigh Ó Dálaigh i gcoinne na Gaillimhe an tseachtain seo caite agus ghlac fear nua eile an deis dul i gcion ar dhaoine –Adam English. Caithfidh go bhfuil Peter Casey imníoch ag an bpointe seo. Tá Fergal O Connor, Shane O’Brien, agus Cathal O’Neill i ndiaidh iad féin a raideadh isteach sa phlé a bheidh ar siúl ag John Kiely agus a roghnóirí faoin bhfoireann a thosóidh sa chraobh.

D’imir an captaen Declan Hannon i Staid an Phiarsaigh, a chéad chluiche ó fheachtas na Mumhan anuraidh agus feicfimid Sean Finn den chéad uair i mbliana inniu nuair a rachaidh Luimneach chun páirce i bPáirc Uí Chaoimh i gcoinne Chill Chainnigh.

Is deacair a rá cá seasann na Cait i mbliana. Bhí an-tréimhse fiche a cúig nóiméad acu i gcoinne Chorcaí níos luaithe sa tsraith. Bhí siad bocht go leor i gcoinne Uíbh Fhailí agus do thréimhse fhada i gcoinne Phort Láirge seachtain ó shin. Chailleadar Mikey Butler go luath sa cluiche sin agus beidh Derek Lyng ag súil go mbeidh Butler ullamh don chluiche inniu. Is deacair a shamhlú go mbuafaidh siad inniu ach níl aon dabht ach go bhfuil taispeántas maith ag teastáil ó na Cait, óna lucht bainistíochta agus óna lucht tacaíochta.

Sa chluiche leathcheannais eile i bPort Laoise amárach beidh Tiobraid Árann agus an Clár i gcoinne a chéile. Caithfidh go bhfuil bainisteoir an Chláir Brian Lohan an-sásta lena phainéal imreoirí i mbliana agus iad fós d’uireasa Shane O’Donnell agus Tony Kelly. Tá móiminteam acu agus imreoirí difriúla tagtha chun cinn sna cluichí go dtí seo.

An tseachtain seo caite, chuir Lohan foireann chun páirce i gcoinne Uíbh Fhailí a bhí gan mórán de na himreoirí is fearr atá aige, ach thug cuid mhaith de na fir nua taispeántais a thabharfadh le fios go bhfuil siad sách maith don phainéal craoibhe. Is iad an dara foireann is fearr sa tír iad i láthair na huaire, dar liom, agus iad sna sála ar Luimneach.

Cosúil le Cill Chainnigh, tá sé deacair a dhéanamh amach cá seasann Tiobraid Árann i láthair na huaire. Braithfidh siad uathu Séamus Kennedy, atá leagtha ag an diabhal de ghortú ballnasc croiseach. Ní fhacamar Cathal Barrett fós ach an oiread agus níl aon dabht ach go bhfuil sé ag teastáil, mar atá Barry Heffernan agus Mark Kehoe. Tá mórán tástála déanta ag Liam Cahill (38 imreoir go dtí seo) ach ní dóigh liom go bhfuil a chéad chúigear déag socraithe ina cheann fós aige. N’fheadar ar mhaith leis cluiche eile i gcoinne Luimnigh roimh thosach na craoibhe? Ní dóigh liom é.

Bheinn ag súil le cluiche ceannais sraithe idir an Clár agus Luimneach.

Fág freagra ar 'Obair fós le déanamh ag Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann chun breith ar Luimneach agus an Clár'