Ó Spidéal Pierce Brosnan go dtí ‘baile caillte’ Antonio García Sánchez…

Cuimhníonn ar gcolúnaí ar bhailte tréigthe in Éirinn aon uair a fheiceann sí baile tréigthe thar lear

Ó Spidéal Pierce Brosnan go dtí ‘baile caillte’ Antonio García Sánchez…

‘Baile tréigthe’ – nach minic a fheiceann muid a leithéid ar fud na tíre? Tá ceann cáiliúil in Acaill agus tá níos mó ná tuairim amháin ann faoin bhfáth ar tréigeadh é. Is cuimhin liom nuair a bhí mé ag obair ar an bpáipéar Amárach, fadó gur chuir an t-eagarthóir Pól Mac an Draoi, nach maireann, chuig baile tréigthe gar don Spidéal mé, ar thóir scéil.

Bhí sraith teilifíse The Manions of America á dhéanamh i gConamara ag an am agus bhíodar ag baint úsáid as baile taobh ó thuaidh de Loch Bhoth Loiscthe. Is cuimhin liom Pierce Brosnan ag marcaíocht thart ar a chapall ann in éindí le Kate Mulgrew (an cuimhin libh Mrs Colombo?).

Chuir an fhoireann scannánaíochta an-snas ar na seantithe i gcomhair an scannáin ach baineadh anuas gach rud ina ndiaidh.

Cuimhním ar bhailte tréigthe in Éirinn aon uair a fheicim baile tréigthe thar lear. Ní in Éirinn amháin a bhí stair chorrach, shuaite. Agus ar ár nós féin, bíonn níos mó ná tuairim amháin ann faoin gcúis gur fhág an pobal an baile.

‘An Baile Caillte’, nó ‘Baile na dTaibhsí’, a tugadh ar an mbaile beag El Acebuchal, ó thuaidh den bhaile Nerja i ndeisceart na Spáinne. Cé go raibh an baile ann ón 17ú aois, agus b’fhéidir roimhe sin, d’fhág muintir an bhaile gach rud ina ndiaidh i ndeireadh na 1940idí, agus ghlanadar amach as.

Ar feadh i bhfad roimhe sin, baile beag tábhachtach a bhí ann ó thaobh na trádála. Sula raibh bóithre cearta ann, bhí go leor cosáin ag dul ó bhaile go baile sa cheantar sléibhtiúil seo. Deirtear go mbíodh daoine ag tabhairt éisc ón gcósta go dtí na bailte móra intíre agus ag tabhairt glasraí agus táirgí feirme eile ar ais ó na ceantair sin, agus gurb é El Acebuchal an lárionad ar chosán na miúileanna.

I ndeireadh na 40idí, cé go raibh an Cogadh Cathartha sa Spáinn thart, bhí troid fós ar siúl in áiteacha, go háirithe sna sléibhte. Deirtear gur ar ordú ón nGinearál Franco a glanadh an baile – gur díbríodh gach duine den 200 áitritheoir amach as, chun go ndéanfaí garastún ann don Guardia Civil, ionas go mbeidís in ann dul i ngleic leis na trodairí sna cnoic.

De réir a chéile tháinig deireadh leis sin agus d’imigh an Guardia Civil amach as. Ach bhí an baile scriosta agus ar aon nós ní raibh aon bhóthar ceart isteach ann.

I ndeireadh na 90idí, 50 bliain tar éis bhánú an bhaile, tháinig athrú ar an scéal. Tháinig fear de bhunadh an bhaile, Antonio García Sánchez ar ais agus thosaigh ag cur caoi ar  sheanteach a mhuintire féin. Is cosúil gur thug fámairí agus rothaithe sléibhe faoi deara é agus bhídís ag rá leis gur chóir dó teach tábhairne nó teach lóistín a dhéanamh as, toisc an oiread sin turasóirí a bheith ag dul thart sa Pháirc Tejeda Almijara agus Alhama atá gar dó.

Chuir sé caoi ar chúpla teach, ag leanacht an phatrúin a bhí ar an mbaile ó thús ama. Thosaigh cúpla duine eile ansin ag déanamh an rud céanna. Tugadh uisce reatha agus leictreachas isteach. D’oscail Antonio teach tábhairne agus bialann agus d’éirigh go maith leis. Sa lá atá inniu ann, tá 36 teach athchóirithe agus séipéal ar an mbaile.

Tá an teach tábhairne go hálainn – é atógtha ar an tseanstíl agus é lán le pictiúir den bhaile mar a bhíodh. Taobh amuigh, tá áit suí faoin ngrian nó faoi scáth. Bunaithe ar bhia na háite atá an biachlár – coinín, uaineoil, torc fiáin agus a leithéidí. Déantar gach rud go háitiúil- an t-arán, an cháis, mil agus mar sin de.

Ní féidir a rá go cinnte go maireann an baile anois mar ghnáthbhaile arís. Bíonn turasóirí ag fanacht sna tithe nó á dtógáil ar cíos. Tá linnte snámha, fiú amháin, i gcuid díobh. Ach tá beocht arís ann nach mbeadh ann seachas iarrachtaí Antonio agus a bhean Virtudes. Is iad a gclann siúd a reáchtálann an gnó anois ach bíonn Antonio ag póirseáil thart ag iarraidh cáis agus cuimhneacháin bheaga ón gceantar a dhíol leo siúd a thagann ann le haghaidh béile.

Agus fós féin níl aon bhóthar ceart isteach chuig an áit. Sin cuid den mhistéir a bhaineann leis- is féidir dul ann cuid den bhealach ar an mbóthar mór ach ansin caithfidh tú casadh ar ‘sendero’ nó bóthar nach bhfuil aon chlúdach tarra air, le teacht go dtí Baile na dTaibhsí. Bíonn sé as amharc ar feadh i bhfad agus ceapfaidh tú cinnte go bhfuil tú imithe ar strae agus an chéad rud eile, casann tú coirnéal ar an mbealach, agus feiceann tú an baile beag bán gleoite suite i measc na gcrann agus na gcnoc.

Níl sé ach seacht gciliméadar siúil ó Frigiliana, baile a mbeadh trácht cloiste ag daoine go leor air. Ach is turas seacht gciliméadar réasúnta crua é toisc go mbeidh tú ag siúl ar fhána an t-am ar fad. Ar do bhealach feicfidh tú bláthanna fiáine – fiú amháin i lár mhí an Mhárta. Agus beidh bia agus deoch den scoth romhat ag deireadh d’aistir.

Ach cé gur thug Antonio an baile seo ar ais ón gcré – agus cé go bhfuil an Cogadh Cathartha i bhfad thart, tá taibhsí ón ré chorraitheach sin fós le brath i scéal na Spáinne inniu. Ach sin scéal eile.

Fág freagra ar 'Ó Spidéal Pierce Brosnan go dtí ‘baile caillte’ Antonio García Sánchez…'

  • Jim Mc Auley

    Grmma, scéal den chéad scoth ?