Ó Nua-Eabhrac go dtí na Forbacha ar na maidí rámha

Cuntas idir chraiceann agus chnámha ar thuras achrannach suaite trasna an Atlantaigh a bhí i ‘112 Days: Man vs Water’

Ó Nua-Eabhrac go dtí na Forbacha ar na maidí rámha

“A luaithe is go bhfuil tú ar do chompord leis an Atlantach leagfaidh sé thú,” a dúrt Damian Browne linn ag tús an chláir faisnéise 112 Days: Man vs Water (RTÉ1, Dé Céadaoin). Is aige siúd atá fios. Tá an fear seo gafa trasna an Atlantaigh ar mhaidí rámha dhá bhabhta. Sé an turas achrannach deireanach acu sin a bhí idir chamáin i gclár na Céadaoin. É féin agus a chompánach ag rámhaíocht ó Nua-Eabhrac chuig an bhfód dúchais sa Ghaillimh.

Turas 5,000 ciliméadar ar fharraigí suaite an Atlantaigh. Meabhraíodh dúinn gur mó daoine a chuaigh go barr Cnoc Everest nó amach sa spás ná mar a chuaigh ag iomramh trasna an Atlantaigh. Ní hamháin sin ach bhí siad ag iarraidh curiarracht domhanda a shárú fan na slí. Mise á rá leat nach aon iomramh ar do chompord a bhí anseo seo ach turas dainséarach a thug dúshlán acmhainn fhisiciúil agus aigneolaíoch na beirte ar leith a thug faoi.

Ní haon insint mhilis atá againn anseo ó Tomek Ciezki ach cuntas ná cuireann fiacail ann; cuntas idir chraiceann agus chnámha. Cairde saoil iad na Gaillimhigh Browne agus Fergus Farrell agus tá a scéal cúlra féin ag an mbeirt acu. B’imreoir rugbaí proifisiúnta é Browne a bhuaigh an Corn Heineken le Cúige Laighean agus is fear é atá gafa le spóirt ghuaisbheartaíochta le roinnt blianta.

D’admhaigh sé gur cadhan aonair é a shantaíonn a chomhluadar féin. Fágadh Fergus gan lúth na ngéag i ndiaidh timpiste oibre in 2018 agus léirigh sé ana-theacht aniar le dul ar a bhonnaibh in athuair. Len é sin a cheiliúradh shiúil sé an 208 ciliméadar trasna na hÉireann ar mhaithe na carthanachta.

I gcaitheamh an chláir deineadh tuilleadh scagadh ar scéal na beirte. An tionchar ar Dhamian agus ar a theaghlach é a bheith scartha uathu ar feadh i bhfad. Fergus ana-mhacánta faoi na fadhbanna meabhairshláinte a bhí aige. Tagann cúrsaí go cnámh na huillinne d’Fhergus agus gan ach dhá lá dhéag caite.

Theip ar a mheabhairshláinte agus a shláinte fhisiciúil ina dhiaidh sin. Bhí teannas le feiscint idir an bheirt sular fhág siad Nua-Eabhrac agus gach re sea acu lena chéile faoi rudaí fánacha. Is in olcas a chuaigh rudaí. D’admhaigh Damian go raibh beagán den olc air nuair a d’imigh a chompánach. Cuirtear in iúl nár chneasaigh cairdeas na beirte i gceart ó shin.

Do lean Damian leis go cróga, ceanndána ina bháidín beag. 100 lá leis féin ar an bhfarraige; é ag dul béal faoi, maidí rámha á mbriseadh agus an cócaireán beag ag imeacht le farraige. Ní diongbháilteacht go dtí é. Ar deireadh shroich sé ceann scríbe nuair a caitheadh é féin agus a bhád ar na clocha sna Forbacha.

Críoch shona de shaghas leis an aistear achrannach suaite seo.

Fág freagra ar 'Ó Nua-Eabhrac go dtí na Forbacha ar na maidí rámha'

  • WTF

    Curiarracht eile a bhriseadh? Do thóin a bhriseadh? Do chroí a bhriseadh? Do shláinte a bhriseadh? Do chlann a bhriseadh? Cén fáth?