Ó DHÚCHAS…Ag gabháil thart leis an mBrídeog Lá Fhéile Bríde

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS…Ag gabháil thart leis an mBrídeog Lá Fhéile Bríde

Nuair a bhí mé fhéin agus Baibín Mháirtín ag teacht abhaile ón scoil an tráthnóna sin, chuir muid suas lena chéile go rachadh muid ag imeacht leis an mBrídeog. Nuair a tháinig mé fhéin abhaile ón scoil, ní dhearna mé tada ach mo dhinnéar a ithe, agus sula raibh mo dhinnéar ite agam, siúd isteach Baibín an doras againn, agus dornán mór tuí faoina hascaill aici. Nuair a chonaic mo mháthair an dornán aici, thosaigh ag gáirí agus dúirt sí:
“Go sábhála Dia sibh, beag an baol go dtiocfadh an oíche amú oraibh.”
“Ná bac leis an oíche anois,” a deir Baibín “ach bí réidh le slám breá airgid a thabhairt dúinn nuair a bheas an bhrídeog seo gléasta suas againn.”
Ghléas mé fhéin agus Baibín suas an Bhrídeog ansin. Nuair a bhí sí gléasta againn síos le Baibín go dtí mo mháthair.
“Anois,” a deir Baibín ag síneadh a láimhe chuig mo mháthair, “líon í seo le hairgead dom. Thug mo mháthair cúpla pingin di ansin agus dúirt Baibín léi, “Mo Dhia dhá dtarrtháil, agus go dtarrthaí Dia sibh, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.”
“Ámén,” a deir a raibh istigh againn fhéin.

Nuair a bhí muid ag imeacht dúirt mo mháthair, “Níor thug sibh broibh ar bith domsa, nó cá bhfuil siad?” “Níor bhain muid chor ar bith fós iad,” a deir Baibín, “nach mbeidh siad sách luath amárach agaibh.”
“Tá go maith,” a deir mo mháthair. Ní raibh ach an chaint sin ráite ag mo mháthair nuair a d’airigh muid m’athair ag rá: “Fainic nach bhfuil ciseán le haghaidh na n-uibheacha agaibh?”

Siúd isteach liom fhéin agus thug mé liom an ceaintín mór leathan a bhí ar an mbord.

Dimigh an bheirt againn linn agus muid go bródúil dúinn féin. Tigh Mhicil Bheachla an dara teach a chuaigh muid agus sheas muid sa doras agus dúirt mé fhéin. “Téigí ar bhur nglúine agus abraigí bhur gcuid paidreacha agus ligigí Naomh Bríd isteach.”

“Tar isteach,” a deir bean an tí linn fhéin. Isteach linn agus rug bean an tí ar an mBrídeog agus phóg sí í agus d’imigh léi agus thug sí anuas cúpla ubh againn agus leag sí síos sa gceaintín go cúramach iad. “Go raibh maith agus fad saoil agaibh,” a deir mé fhéin, “agus go mba seacht fearr a bheas sibh an t-am seo arís.” “Go mba é daoibh,” a deir bean an tí linn.

“Thug Baibín cúpla brobh di ansin agus d’imigh muid linn go bródúil agus bhí muid ag tabhairt corrshúil an an gceaintín ar fhaitíos go mbrisfeadh na huibheacha orainn. Bhí muid ag imeacht linn ó theach go teach mar sin nó go raibh gach teach sa mbaile siúlta againn, bhí leath an cheaintín mhóir d’uibheacha againn agus sparán maith airgid. ‘Sí Máire Choilm a thug an sparán dúinn leis an airgead a chur ann.

Chuaigh muid ag an siopa ansin leis na huibheacha agus fuair muid airgead orthu. Thug fear an tsiopa cúpla pingin eile le cois dúinn.

D’imigh muid abhaile ansin agus roinn muid an t-airgead cothrom eadrainn ag dul abhaile dúinn. Bhí an bheirt againn ag léimneach le teann áthais, mar gheall ar a raibh d’airgead againn. Nuair a tháinig mé abhaile bhí Máirtín istigh romham agus thosaigh sé ag iarraidh airgid orm, ach sin a raibh de mhaith dhó ann, mar is maith a bhí sé saothraithe agam fhéin ar feadh na hoíche ag imeacht ó theach go teach. Ach choinnigh an rógaire beag ag tuineadh liom agus de ghrá an réitigh, agus le gean do Bhríd, thug mé cúpla pingin dhó.

Scríbhneoir: Bairbre Ní Choistealbha,
14 bliain d’aois,
Caorán na gCearc,
Conamara

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS…Ag gabháil thart leis an mBrídeog Lá Fhéile Bríde'