Síol coirce is ea mise. Táim istigh i mála mór leathan agus na mílte gráinníní eile in éineacht liom. Tá mo chroí briste ag cuimhneamh ar na laethanta breátha a bhíodh agam. Tá na laethanta aoibhne sin imithe agus ní thiocfaidh siad arís go deo.
Seanduine buí rocach atá ionam anois ach bhí mé óg glas úr lá dem shaol. Ar éigean atá mé in ann bogadh anois ach bhínn ag lúbadh is ag rince ar bharr na déise uair amháin. Faraor géar, d’imigh na laethanta sin mar ‘ní mhaireann aon rud ach seal’.
Chonaic mé teas agus báisteach, mhothaigh mé an t-earrach ag imeacht agus an samhradh ag teacht agus ansin mhothaigh mé an samhradh ag imeacht agus an fómhar ag teacht. Lá amháin tháinig fear a raibh speal aige. Bhain sé an gas agus thit an gas agus thit mise leis. Fágadh ansin ar an talamh mé go dtí an tráthnóna agus ansin cuireadh i stuca mé. B’éigean dom fanacht ansin ar feadh trí seachtaine agus i ndeireadh na haimsire sin bhí mé seargtha tuartha. Tugadh isteach chun na hiothlann mé agus cuireadh i stáca mé.
Lá amháin tháinig fear agus súiste aige agus thug sé léasadh maith dom. Bhí mé brúite tinn agus ní raibh mé in ann suí síos. Cuireadh isteach sa mála mé agus bhí an oiread gráinníní ann gur bheag nár plúchadh mé.
Oíche amháin nuair a bhí mé in mo chodladh tháinig luch agus d’ith sí cuid díom. Tá mé sa leaba ó shin agus sílim fhéin go bhfuil mo ré beagnach caite.
Caitlín Ní Ging, Doire an Daimh Dheirg, Baile an Tobair, Contae Mhaigh Eo, a scríobh an aiste seo Meán Fómhair 1938
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Tháinig fear agus súiste aige agus thug sé léasadh maith dom'