Ó DHÚCHAS: ‘Tá Ard na Caithne trí thine’ – púcaí i gCorca Dhuibhne

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Drochmhianach phúcaí Chorca Dhuibhne atá inniu againn…

Ó DHÚCHAS: ‘Tá Ard na Caithne trí thine’ – púcaí i gCorca Dhuibhne

Bhí bean ann fadó agus do chónaigh sí sa Daingean. Oíche amháin nuair do bhí sí ag airneál [airneán] do tháinig na púcaí chuici. Do chuireadar corcán síos sa tine agus do chuireadar an bhean síos go dtí an tobar chun uisce a thabhairt dóibh. Bhí faitíos a hanama ar an mhnaoi agus chuaigh sí síos.

Do tharraing sí an t-uisce agus nuair do bhí sí ag teacht aníos agus an buicéad uisce ar a ceann do chuala sí an guth a’ rá léi screadach os ard leis na púcaí agus a insint dóibh go raibh Ard na Caithne trí thine. Ansan nuair a bheadh na púcaí imithe amach cosa na gcearc do ghlanadh agus an tlú do chur isteach sa tine.

Do chuaigh an bhean suas go dtí an tigh agus chomh luath is do shroich sí an tairseach do ghlaoigh sí amach in ard a cinn is a gutha: ‘Tá Ard na Caithne trí thine.’
Níor fhan na púcaí lena thuilleadh, do ritheadar amach chomh tapaidh sin gur dhóbair dóibh a chéile do mharú ins an doras.

As go brách leo fé dhéin Ard na Caithne agus iad ag satailt ar a chéile leis an bhfuadar a bhí fúthu.
Chomh luath is do bhí an tigh fúithi féin arís ag an mnaoi do nigh sí cosa na gcearc, agus do chuir sí an tlú isteach sa tine fé mar a dúirt an guth léi. Do chuaigh na púcaí go dtí Ard na Caithne ach níorbh fhada gur fhilleadar arís go dtí tigh na mná.

Labhraíodar, agus ar siad:
‘A chearc lig dúinn dul isteach.’
‘Ní ligfidh mé,’ arsa an chearc. ‘Conas a bheinn ag sailiú mo chosa daoibh-se?’

Ansan labhradar leis an tlú.

‘A thlú. oscail an doras dúinn,’ ar siad.

‘Conas d’fhéadfainn teacht amach as an tine daoibh-se?’ arsa an tlú.

Ansan do chuaigh na púcaí suas go dtí barr an tí agus dheineadar poll mór ann. Bhíodar chun an bhean do bheiriú tar éis dul isteach dóibh nuair do ghlaoigh an coileach agus b’éigean dóibh dul abhaile go hArd na Caithne.

Brighid Bean Uí Chinnéide (82), as an Rinn i mBaile Ghóilín, siopadóir ar Shráid an Droichid, Daingean Uí Chúis a d’eachtraigh an scéal seo mí Eanáir 1936

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Tá Ard na Caithne trí thine’ – púcaí i gCorca Dhuibhne'