Ó DHÚCHAS: Níor stop Aoine an Chéasta an eascaine…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Gruaig gan cnapadh ná ceangal agus tae dubh ..

Ó DHÚCHAS: Níor stop Aoine an Chéasta an eascaine…

Bíonn go leor pisreog faoi Aoine an Chéasta. Ní chnapann na mná a gcuid gruaige agus baineann daoine eile trí ruainne dá gcuid gruaige agus ní chuireann siad biorán ar bith inti. Níl an nós sin ann anois ach bhí sé ag chuile dhuine fadó.

Bhíodh sé de nós fadó tae dubh a ól Aoine an Chéasta. Níl an nós sin ann anois ach oiread. Ní ólfadh duine ar bith bainne agus dá bhfeicfeadh duine duine eile ag ól bainne chuireadh sé eascaine air agus seo í an eascaine a chuireadh sé air:-

Aoine an Chéasta
Cnuimh agus péist
Go raibh i mbolg an té
A d’ólfadh bainne.

Bíonn sé de nós ag daoine freisin na huibheacha a bheirtear ar Aoine an Chéasta a choinneáil mar abraíonn siad go bhfuil leigheas iontu. Má bhíonn aoinne sa teach tinn ar feadh na bliana tugtar ceann des na huibheacha dó agus deirtear go leigheasann sí é.

Áine Ní Allmhúráin (12), An Chloch Bhreac, An Fhairche, Co na Gaillimhe, a fuair an t-eolas seo ó Mháire Ní Allmhúráin (56)

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Níor stop Aoine an Chéasta an eascaine…'