Ó DHÚCHAS: Mo sheacht mallacht don fhear a thosaigh an dlí a chuir na fir sin amach as a dtír féin…

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna as an mBailiúchán. Seanchas as Maigh Eo faoi thaoisigh Uladh atá againn an geábh seo..

Ó DHÚCHAS: Mo sheacht mallacht don fhear a thosaigh an dlí a chuir na fir sin amach as a dtír féin…

Bhí Ó Súilleabháin, Ó Néill agus Ó Dónaill comhairthe ar an triúr gaiscíoch ba mhó agus b’eoltaí bhí in Éirinn riamh.

Throid siad in Éirinn agus bhí lúth na gcos caillte ag Ó Néill – sílim gurb é Ó Néill é. Gortaíodh é nuair a bhí sé ag imeacht as príosún. Bhíodh sé ag troid leis an Sasanaigh agus bhíodh sé i gcónaí ar a chapall ag léadáil a chuid fear.

Bhí sé lá ag troid le captaen Sasanach agus cuireadh anuas dá bheithíoch é agus mhairbh sé an captaen Sasanach agus gan aige ach a dhá láimh.

Bhí siad ag troid gur bhuail Sasana iad agus chruinnigh siad leo go Cúige Uladh agus cuireadh an t-arm isteach i yard agus tugadh rogha dóibh dul in aon ríocht sa domhan a thogróidís nó fanacht sa bhaile. Osclaíodh an geata dóibh – an duine a bhíodh ag imeacht théadh sé amach an geata.

Chuaigh cuid acu amach.

Nuair a bhíodh braon ólta ag Ó Néill sa bhFrainc bheireadh sé ar a chlaíomh agus deireadh sé: “Beidh lá maith againn go fóill in Éirinn ag troid.” Agus bhíodh sé i gcónaí ag cruinniú fear dá nguí teacht leis go hÉirinn ach sháraigh air aon armáil a fháil.

Chuaigh an chuid is mó acu chun na Fraince – níor fhan sa mbaile ach na daoine a raibh faitíos orthu agus nach raibh aon mhaith iontu. Bhí ginearáil, captaein agus oifigigh ann agus rinne Rí na Fraince regiment díobh agus ní raibh regiment ba mhó ná iad sa bhFrainc agus bhí ardmheas go deo ag Rí na Fraince orthu.

Suim mhaith blianta ina dhiaidh sin chuir Sasana cogadh ar an bhFrainc agus an lá seo ansin sé an Rí a bhí ag léadáil na bhFrancach. Bhí an rí suas ar an gcnoc agus ghnóthaigh na Sasanaigh agus bhí sé díreach ag crochadh an flag nuair a tháinig an ginearál chuige: “A Rí agus a Phrionsa,” ar seisean, “Níl aon fhear de regiment na hÉireann caillte, lig chun cinn muid agus bainfidh muid sásamh astu.”

“Á bhuel, an regiment is fearr liom,” arsa an Rí ach lig sé chun cinn iad.

Bhris siad isteach ar na Sasanaigh ach bhí na Sasanaigh lódáilte agus chaith siad an trian díobh ach bhí na hÉireannaigh ag dul orthu, an dá thrian eile – agus bhris siad iad agus le luí gréine ní raibh fear fágtha a bhéarfadh an scéal go Sasana ar céard a d’éirigh dóibh.

Nuair a tháinig an cuntas go Sasana go dtí an Rí, ar seisean: “Mo sheacht mallacht don fhear a thosaigh an dlí a chuir na fir sin amach as a dtír féin.”

Bhí gaiscíoch eile ann – Charfield – bhí sé ina ghinearál agus an fear a bhí ag léadáil na nÉireannach an t-am sin, ní raibh maith an diabhail ann, an duine bocht. Séamus an Ch- [chaca] a thugaidís air agus an bhfuil a fhios agat céard a dúirt Charfield leis – “A Shéamuis, a Rí agus a Phrionsa, dá mba leat talamh an domhain, chaillfeá é.”

Seán Ó Roithleáin(70) as Cill Chomáin i Maigh Eo a roinn an seanchas seo le Annraoi Ó Corduibh i 1935

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Mo sheacht mallacht don fhear a thosaigh an dlí a chuir na fir sin amach as a dtír féin…'

  • Áine Ní Fhiannusa

    Scéal an shuimiúil – ní raibh mé cinnte cad as a dtáinig an cora cainte sin. Go raibh maith agat, agus as ucht na hailt bréa a scrítear ar Ó Dhúchas.