Ó DHÚCHAS: Mura mbeifeá pósta roimh Oíche na hInide, b’fhada an t-achar fanacht go mbeadh an Carghas caite

Sliocht faoin Inid a bailíodh do Choimisiún Béaloideasa Éireann

Ó DHÚCHAS: Mura mbeifeá pósta roimh Oíche na hInide, b’fhada an t-achar fanacht go mbeadh an Carghas caite

Sliocht faoin Inid a bailíodh do Choimisiún Béaloideasa Éireann

Bhíodh an-éirí in airde ann fadó ar feadh na hInide. Is corrdhuine an uair sin a théadh ag iarraidh mná mar gurb é an chaoi a n-imíodh an fear agus an bhean lena chéile. Ar aonach na Féile Brighde is mó a chastaí daoine ar a chéile agus sin é an áit is minicí a gcuireadh buachaill óg agus cailín óg aithne ar a chéile. Ansin is minic a d’iarradh an buachaill óg an cailín ar a hathair dá mba i ndán is go raibh an t-athair ar an aonach.

Dá n-eitíodh an t-athair ansin é, ní bhíodh níos mó ina thimpeall ach d’imíodh an bhean óg abhaile in éineacht leis. Thagaidís lá arna mhárach go dtí an sagart agus phósadh sé iad nó is minic go mbíodh siad seachtain nó tuilleadh imithe lena chéile sul má bhíodh aon deis acu a dhul chomh fada leis an sagart. Ní deireadh an sagart focal le lánúin ar bith a thagadh go dtí é mar sin.

Oíche na hInide is mó a bhíodh an réabadh ar fad ann. Is iomaí cúpla nach mbíodh aon deis acub éalú le chéile nó go dtí oíche Inide fhéin agus ar ndóigh mura mbeidís pósta roimh an oíche sin, b’fhada an an t-achar fanacht go mbeadh an Carghas caite. Bhíodh an sagart ins an séipéal ar feadh oíche Inide nó go nglaodh an coileach agus é ag pósadh cúplaí.

Stiofán Breathnach [60] as Coilleach sa Spidéal a d’inis ar an 28 Eanáir 1936

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Mura mbeifeá pósta roimh Oíche na hInide, b’fhada an t-achar fanacht go mbeadh an Carghas caite'