Bhí fear ina chónaí i bparóiste thiar i gConamara fadó agus bhí sé an-bhocht. Ba é an t-ainm a bhí ar shagart an pharóiste a raibh sé ina chónaí ann ná Pádhraic. Bliain amháin ní raibh an fear bocht in ann airgead na Nollag a íoc leis an sagart. Dá bhrí sin d’iarr an sagart ar an bhfear rud éigin a thabhairt in áit an airgid.
Ní raibh aon cheo ag mo dhuine le tabhairt dó ach an t-aon bhó amháin, – an t-aon mhaoin a bhí sa saol aige – agus bhí leisce air scaradh léi sin. Ach nuair a labhair sé lena mhnaoi faoi dúirt sise: “Sílim go bhfuil sé chomh maith dhuit í a chasadh chuige amárach, b’fhéidir gurbh é ár leas é. Ar chuala tú ariamh ‘Is gaire cabhair Dé ná an doras’?”
An lá sin chas an fear bocht an bhó go dtí teach an tsagairt. Bhí buíochas mór ag an sagart ar an bhfear agus thug sé béile maith dhó. D’imigh an fear leis abhaile ansin agus chuaigh a chodladh sách brónach an oíche sin. … Maidin lá arna mhárach nuair a dhúisigh sé d’airigh sé géimneach beithíoch sa tsráid. Amach leis. Thug sé fá deara ar an bpointe a bhó féin agus seacht gcinn de bhulláin in éindí léi. Chuir sé isteach san iothlainn ar chúl an tí iad agus isteach leis abhaile.
D’inis sé dá mhnaoi gur tháinig an bhó abhaile agus seacht gcinn de bulláin an tsagairt in éineacht léi. Chuir an scéal áthas mór uirthi-se. Cheap an bheirt acu gurb é an chaoi ar chuir an sagart an bhó ar ais, agus na bulláin freisin, ag déanamh maith orthu, mar bhí a fhios ag an sagart go rabhadar an-bhocht.
An lá sin dhíol mo dhuine na bulláin agus fuair airgead maith orthu. Ach mo léan, is gearr a bhí sé sa mbaile nuair a shiúil an sagart isteach an doras chuige. “Go mbeannaí Dia anseo,” arsa’n sagart. “Go mba amhlaidh dhuit, a athair, agus do chéad míle fáilte,” arsa bean an tí.
Ní raibh an sagart i bhfad istigh gur fhiafraigh sé d’fhear an tí cén fáth gur dhíol sé a chuid bullán air. Tháinig iontas an domhain ar fhear an tí agus ar an mnaoi, mar ní raibh fhios acu nach é an sagart féin a sheol chucu iad. Bhí a fhios ag an sagart sin agus níor mhaith leis a bheith dian orthu agus dúirt sé: “Bhuel anois ó tharla nach raibh a fhios agaibh gurb amhlaidh a d’imigh na gamhna uaim ní chuirfidh mé aon mhilleán oraibh. Agus,” ar seisean leis an bhfear bocht, “tabharfaidh mé pardún anois duit ach ná déan a leithéid níos mó.”
“Go raibh míle maith agat, a athair,” arsa’n fear agus é ag léimnigh as a chraiceann le háthas. Tharla anois go raibh muc ag an sagart agus sé an t-ainm a bhí uirthi ‘Pardún’. Cheap an fear bocht gurb í sin an pardún a bhí i gceist ag an sagart agus dá bhrí sin d’imigh leis lá arna mhárach go dtí teach an tsagairt. Thiomáin sé leis an mhuc amach as an gcró agus thug leis abhaile í. Ansin fuair sé búistéara a mharaigh an mhuc dhó agus chuir siad i dtobán an fheoil.
Nuair a fuair an sagart amach go raibh an mhuc imithe ag an bhfear bocht seo chuaigh sé ar an bpointe chuig a theach. D’fhiafraigh sé den fhear cén fáth gur ghoid sé agus gur mharaigh sé an mhuc air. Ansin dúirt fear an tí: “Muise, a athair, nár dhúirt tú féin liom go dtabharfá ‘Pardún’ dom agus choinnigh mise d’fhocal.”
Ansin a thuig an sagart an cleas a d’imir an fear eile air agus bhí a dhóthain feirge air. “Anois,” ar seisean leis an bhfear bocht, “ó tharla gur chuir tú cuid mhaith as dom, cuirim iallach ort trí thuras a thabhairt ar Chruach Phádhraic mar geall ar do pheacaí.”
“Déanfaidh sin a athair,” arsa mo dhuine go fonnmhar. “Ach féach an mbeidh orm a dhul ar a barr?” “Beidh cinnte,” arsa an sagart.
Maidin lá arna mhárach nuair a chuaigh an sagart amach céard a d’fheicfeadh sé ach mo dhuine agus é ag siúl síos suas ar a chruach mhóna, agus an chruach bhreá i ngar a bheith ina caoráin aige.
Nuair a chonaic an sagart é bhí sé oibrithe.
“Tá mo chruach mhóna millte agat,” a deir sé, “nó cén chiall atá leis an obair seo?”
Labhair an fear: “Dúirt tú liom, a athair trí thuras a thabhairt ar Chruach Phádhraic agus ní fhaca mise aon chruach Phádhraic ní ba ghaire dhom ná do chruach féin.”
“Sílim go bhfuil sé chomh maith agam éisteacht leat,” a deir an sagart. “Téirigh abhaile.”
Chuaigh an fear abhaile ríméadach go maith dhó féin agus é buíoch go leor don Athair Pádhraic.
Máirtín Ó Cúláin (13) as Cor na Rón i gConamara a thóg an scéal seo ó Phádhraic Ó Muireadhaigh (55) i 1937/8. Deirtear linn gur chaith Pádhraic tamall in Albain.
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Is deas mar a d’imreodh daibhir ar shaibhir'