Ó DHÚCHAS: D’fhiafraigh Colmcille de Chríost, goidé leigheasfadh an rua?

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: D’fhiafraigh Colmcille de Chríost, goidé leigheasfadh an rua?

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Seo cuid de na horthaí a bhailigh daltaí scoile i ngach coirnéal den tír sna 1930idí. Ina measc bhí ortha an déididh, ortha an leonta, ortha an tromluí, ortha na fola, ortha an dóite, ortha an ghreama, ortha na péiste, ortha na breoiteachta, ortha an fhiabhrais, ortha an tinnis, ortha an rua, ortha an tachta, ortha an daigh bhuí, ortha an bhuile ceangail, ortha an dul amú agus ortha an dúlagáin.

Ortha an Tinnis Cinn: Shuigh Naomh Brighid agus Naomh Pádraic ar chlochán cloch. D’fhiafraigh Brighid de Phádraig – ‘Cad é an daigh sin ort?’. ‘Tá,’ arsa Pádruig, ‘Tinneas cinn deacrach agus fiabhras docht.’ ‘Cuirfeadsa triúr á scaipeadh,’ a deir Brighid.  ‘Muire agus a Mac, Brighid is a brat á scaipeadh ar fud na tíre agus an fharraige chaobach amach.’

Ortha an Ghreama: Fear caoimh ag mnaoi boirb, agus Mac Chríost ina luí sa cholg. Ortha a chuir Muire dá Mac, ortha a chuir Brighid ina brat, ortha a chuir Mícheál ina sciath agus ortha a chuir Dia le neart. Bain fíor na Croise den dealg agus imeoidh sé. In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Naomh. Ámén.

Ortha an fhiabhrais: Nuair a chonaic Críost an Chros, tháinig Air crith cos agus lámh. D’fhiafraigh na Giúdaigh de an fiabhras a bhí Air nó plá. D’fhreagair Chríost de ghuth agus dúirt Sé:- ‘níl fiabhras orm ná plá agus an té a choimeádfadh na focail, ní baol dó go mbeadh, anois ná go brách’.

Caitlín Ní Dhonnchadha (17) a fuair an t-eolas seo ó Mháire Bean Uí Raghallaigh (70), Gleann an gCoileach, Cill Orglan, Co Chiarraí

Ortha na ndaitheacha fiacla: Ortha a chur do Dhiarmaid, ortha gan iarraidh gan achainí, an phian atá thiar, i do ghiall go dté sí.

Mairéad Ní Niadh, Coill Sáile, Cill Chiaráin, Conamara a fuair an t-eolas óna máthair Bríghid.

Ortha an tinnis cinn: Ortha Pheadair, ortha Phóil, ortha a chuir dósan fá rún, ortha a chuir Críost ó Neamh, sileadh Muire, sileadh Dé, sileadh a chuir dósan dó féin, sileadh a chuir Críost ó Neamh, a slánú corp, ceann is cré, in ainm an Athar, agus an Mhic agus an Spiorad Naomh.

Ortha an tinnis croí: Ortha a chuir Críost le croí Mhuire a leigheas, an rud a leigheasfas croí Mhuire, leigheasfaidh sé croí duine.

Ortha an Rua (gríos ar an gcraiceann): Rua, rua rua ró-ramhar
Rua, rua rua chun ábhair
D’fhiafraigh Colmcille de Chríost
Goidé leigheasfadh an rua.
An nimh a chur ar gcúl
Agus an t-at a chur ar lár

Gan dochar a bheith san lot
Ach an oiread le bheith slán.

Ortha an leonta: Ortha ar líon, ar leonadh, ar at
Ar fhear sí Ó Conaill
Ar fhear na súl mbreac
Níor chuir Muire dá mac ach ortha a bhí go maith.

Ortha an choiscthe fola: Tar a athair le cabhair
Tar a Bhrigid agus fóir
Tar a Bhrighid, a bhan-naomh
’Gus an dá aspal déag
A chuir cosc leis an fhuil atá ag teacht go tréan.

Ortha an ghoirín: Cuimil do lámh don ghoirín agus mar a bheifeá á chaitheamh ar an talamh abair: ‘Nimh sa talamh, i gcrann agus ins na clocha’.

Ortha an dó/daigh bhoilg: Bean mhín is fear borb
Mac Dé a bhí ina luí sa cholg
An arraing sin a chur den dó boilg
Is ná raibh inti díth nó dochar.

Ortha an dul amú: A Mhic, an gcluin tú an gleo mór seo
Atá inár ndiaidh sa ghleann?
Ná bíodh faitíos ort, a mháthair
Sábhálfaidh ár nAthair sinn.
Go mba dún daingean an dún seo a bhfuilimid ann
Go mba slua dall an slua atá inár ndiaidh sa ghleann.
Ardrí an domhain, ós tú a fuair an eochair
Go scara tú do chochall tharainn.
Ámén.

(Bhí ár slánaitheoir ar a sheachnadh ó na Giúdaigh agus é féin agus a mháthair ag siúl sa ghleann. Chuala siad an tóir ina ndiaidh nuair a dúirt siad seo. Is minic a chuirtí an ortha seo ar na pílir agus iad ar lorg poitín.)

Ortha in aghaidh cogaidh nó in am contúirte: Soir, siar, ó dheas, ó thuaidh
Gaoth, grian, grinneall cruadhach
Gurb é an dún daingean an gleann seo a bhfuilimid
Gurb é an slua dall an slua seo chugainn.
Chríost, fuair an dochar
Go spré tú do bhrat beannaithe tharainn.

Laoi na mbua: Nuair a bheifí i ngéibheann nó ag súil le fios a fháil, déarfaí an laoi seo. Cuir i gcás go raibh an bunadh in Albain agus go bhfuair duine acu cuntas go raibh duine éigin sa baile i gcontúirt bháis déarfadh duine éigin ansin é go bhfeicfí goidé mar a rachadh sé leis an duine tinn.

Cathal Mac Fhíonntaigh a fuair an t-eolas ó Neans Ní Chealacháin (74) as Tamhnach Ghorm, Co Dhún na nGall

Ortha na drochshúile: Duine a chonaic mé, triúr nár bheannaigh mé, ar a chuid ba dronnach é, ar a chuid capall stoithneach é, ar a chuid caoirigh mullach é agus mar a bhfuil sin aige anuas faoina mhullach é.

Ortha an Rua: De réir an tseanchais is é Mac Dé é féin a leigheas an rua an chéad uair. Bhí sé féin is a Mháthair bheannaithe ag siúl lá amháin. Casadh bó orthu a raibh an rua uirthi. Ba í an bhó an chéad ainmhí a raibh sé uirthi.
‘Leigheas an bhó, a Mháthair,’ arsa an Mac.
‘Leigheas féin í, ós leat a thig,’ arsa an Mháthair.
‘Úr go raibh a húth agus críon go raibh a hat.’

Le him goirt a dhéantar an leigheas, ó tharla gur ar an bhó bhí sé an chéad uair.

Eoin Ó Gallchobhair a fuair an ortha ó Antoin Mac Garbhaigh, Baile na nGallóglach, Co Dhún na nGall.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: D’fhiafraigh Colmcille de Chríost, goidé leigheasfadh an rua?'

  • Seán Mac Bhriain

    An bhfuil cúpla focal fágtha ar lár in ortha na ndaitheacha fiacla? Tá leagan cloiste agam nach gcuirfeadh an múinteoir sa mbailiúchán.

  • Seán Mac Bhriain

    Malairt leagain: https://www.duchas.ie/en/cbes/4602698/4596174/4606540 (Ní hé an leagan grinn)