Bhí bean bhocht ina cónaí timpeall na háite seo fadó shin. Baintreach ab ea í agus bhí lán tí de pháistí uirthi mar chúram tar éis a céile do chur.
Tháinig bacach a’ mhála chuici lá, mar a déarfá coicíos i ndiaidh na Nollag agus d’iarr sé déirc uirthi ar son Dé ‘s Mhuire.
“Níl sé agam le tabhairt duit,” a dúirt an bhean bhocht.
“Ná bhfuil pluais prátaí agat ins an ngairdín ag pinniúr a’ tí?” a dúirt an bacach.
“Tá,” a dúirt an bhean bhocht, “ach tá aimsir fhada romham chun iadsan a chaitheamh”.
“Goidé an aimsir atá romhat?” arsa an bacach.
“Tá, as seo go lár an Fhaoilligh,” a dúirt an bhean bhocht. “Agus seacht seachtaine an Charghais ‘na dhiaidh sin, tá ansan ó Dhomhnach Cásca go Lá Bealtaine agus ráithe fhada an tSamhraidh sara mbéarfaidh na prátaí nua arís orm, agus lán tí de pháistí mar chúram orm.”
“Go deimhin féin, a bhean bhocht,” a dúirt an bacach, “ach is dócha go bhfuil an ceart agat, ach mar sin féin tabhair dom, creideamh, dóchas agus carthanacht.”
D’éirigh an bhean bhocht ina seasamh agus do thóg sí trí prátaí ina láimh, agus do shín sí chuige iad. “Seo, a dúirt sí, “in ainm na Tríonóide, an tAthair, an Mac , agus an Spiorad Naomh.”
Do thóg sé uaithi iad, agus do thug sé a bheannacht di agus do bhuail sé an doras amach uaithi.
Seán Mac Cárthaigh, Achadh Tiobraide Mór, Cairbrigh, Co Chorcaí, a d’eachtraigh i Scoil Chill Macaibí
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Creideamh, dóchas agus carthanacht a raibh fágtha ag an mbaintreach'