Ó DHÚCHAS: ‘Cosa fada, muineál cam, ceann beag, gan súil…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo, roinnfidh muid roinnt tomhas a bhaineann le tine libh…

Ó DHÚCHAS: ‘Cosa fada, muineál cam, ceann beag, gan súil…’
  1. Seanfhear ina sheasamh le balla, itheann sé gach a bhfaigheann sé ach ní ólann sé uisce.
  2. Tagann sé isteach ar dhroim na ndaoine agus imíonn sé amach chomh mín le síoda.
  3. Scata muca rua ag dul suas in aghaidh cnoic
  4. Cosa fada, muineál cam, ceann beag, gan súil.

Nóra Ní Chillcéir, an Srath Greadaithe, Co Mhaigh Eo.

Freagraí

  1. Tine
  2. Móin
  3. Drithleoga
  4. Tlú