Ó Cuív ag cliúsaíocht le Sinn Féin?

Maidir le Fianna Fáil a dhul i gcomhghuaillíocht le Sinn Féin, tá Éamon Ó Cuív agus Mícheál Martin ag easaontú go hiomlán le chéile, ach céard faoi Ó Cuív a dhul isteach i Sinn Féin ar fad?

Trevor Cuiv

Bean gheanúil a d’fhiafraigh díom an lá cheana cén leagan Gaeilge a chuirfinn ar an bhfocal Béarla “flirting”?

Sin é atá ar bun faoi láthair ag Éamonn Ó Cuív le Sinn Féin, arsa mise. Níorbh é an freagra é a bhí uaithi agus ní raibh de rogha agam ach a dhul i mbun taighde.

Focal maith é cliúsaíocht air ach d’fhéadfá a bheith ag cluanaíocht freisin, ag mealladh, ag spallaíocht, ag manaois nó ag caitheamh súile glasóige ar dhuine.

Is cuma cé acu leagan acu is fearr leat, tá sé ar bun go láidir le Sinn Féin ag Éamonn Ó Cuív ar na saolta seo.

Ní raibh am ar bith is fearr a léirigh sé é ná an lá a raibh an agóid mhór i mBleá Cliath faoi na táillí uisce. Bhí sé féin agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh as Sinn Féin i stiúideo na Dála ag Cormac ag a Cúig.

Is fiú cuid den chaint a rinne Ó Cuív an tráthnóna sin a chur síos anseo focal ar fhocal:

“Th’éis an lae inniu, ní dóichí go bhfuil bunús ar bith le táillí uisce a ghearradh – agus is cuma cén tuairim a bhí ag éinne cúpla mí ó shin – is dóigh liom go bhfuil an pobal th’éis a rá nach bhfuil glacadh acu le táillí uisce agus caithfidh tú cuimhniú an líon mór daoine a bhí ar na sráideanna inniu.

“Caithfidh tú a rá, agus is cuimhneach liomsa nuair a bhí an chead léirsiú ann i bhfad i bhfad siar, sula raibh an dara ceann ann fiú, fear críonna a rá liomsa i mo theach féin, dúirt sé ‘éist le[is] na daoine’ agus tá sé in am anois éisteacht le[is] na daoine agus tuiscint nach bhfuil táillí uisce ag gabháil ag oibriú.

“Chomh maith leis sin, tá olc ar dhaoine, agus fíorolc, ar an gcaoi ar bunaíodh Uisce Éireann agus an méid airigid a cuireadh amú i mbunú Uisce Éireann.

“…tá an pobal freisin ag rá ‘tá dóthain den déine, tá airgead sa tír aríst, tugadh airgead amach sa gcáinaisnéis’, ach is leir ón méid atá an Taoiseach a rá, fiú i dtaobh na cáinaisnéise ag deireadh na bliana seo – agus chuir sé an-iontas orm go raibh sé ag fógairt na cáinaisnéise deireadh 2015 cheana féin – go bhfuil sé ag díriú ar an bhfaoiseamh is mó a thabhairt don dream is saibhre agus gan díriú ar na daoine is mó atá faoi bhrú.”

Nuair a shocraigh Cormac a dhul chuig Trevor tharla an comhrá beag tábhachtach seo:

Cormac: “Tá mé ag iarraidh do chomhghleacaí Dála a thabhairt isteach ansin… ní ón bPáirtí céanna ar ndóigh… Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin”.

Ó Cuív : “Ah sure, níl mórán eadrainn.”

Sular chríochnaigh an díospóireacht ar fad rinne Ó Cuív rud nár chuala mé riamh cheana uaidh; d’admhaigh sé go bhféadfadh sé a bheith mícheart!

Seo mar a dúirt sé:

“Níl náire ormsa a rá go raibh muide ag glacadh le táillí uisce tá sé mhí ó shin. Níl aon cheist faoi sin. Ach d’éist muid le[is] na daoine, mar a d’éist Sinn Féin. Ach ar a laghad ar bith, tá muide oscailte go ndearna muid é sin.”

Ar ndóigh, is é comhdhéanamh an chéad Rialtais eile atá in intinn Uí Chuív agus an pháirt a bheadh aige féin sa rialtas sin — go háithrid an pháirt a bheadh aige féin ann.

Mar a léiríodh in alt Chathail Mhic Coille i dTuairisc.ie an lá cheana, ní bheidh sé éasca rialtas a chur le chéile, más cóir géilleadh don phobalbhreith is deireanaí a chonaic muid?

An Dáil Nua?

Neamhspleáigh/eile …..52

Fianna Fáil ………………..36

Sinn Féin ……………………36

Fine Gael ……………………32

Lucht Oibre …………………..0

Troidfidh Ó Cuív go láidir in aghaidh Fianna Fáil a dhul i gcomhrialtas le Fine Gael.

Tá sé sách meabhrach lena thuiscint gur beag atá idir Ceannasaíocht Fhianna Fáil agus Fine Gael ó thaobh polasaí de. Ach tuigeann sé freisin dá gcuirfí le chéile iad go slogfadh páirtí amháin an páirtí eile le himeacht aimsire.

Ina cheann sin aríst, d’éalódh an chuid is ionraice de lucht leanúna Fhianna Fáil chuig Sinn Féin chomh luath agus a d’fhógrófaí é.

Ach maidir le Fianna Fáil a dhul i gcomhghuaillíocht le Sinn Féin, tá sé féin agus Mícheál Martin ag easaontú go hiomlán le chéile faoi.

Cé a shocrós é sa deireadh?

Níl sé i bhfad ó dúirt Ó Cuív gur ag na baill a bheadh an focal deiridh—“rútaí an fhéir” mar a thabharfadh Joe Steve Ó Neachtain orthu – na “grassroots”.

Ní cuimhneach liomsa gurbh iad a shocraigh a dhul i gcomhrialtas leis an bPáirtí Daonlathach ná leis an Lucht Oibre!

Ach tá dóchas ag Ó Cuív gur féidir leis “velvet revolution” a chur ar bun i bhFianna Fáil faoin scéal an iarraidh seo. Sin é an fáth a bhfuil sé ag cur ré roilleacán air féin ag gabháil ó chruinniú go cruinniú ar fud na tíre, áit ar bith a mbíonn na fíréin bailithe le chéile.

Céard faoi Ó Cuív a dhul isteach i Sinn Féin ar fad?

An Páirtí a bhunaigh Daideo a thréigean?

Ní bheadh sé éasca aige ach cuimhnigh gur fhág De Valera Sinn Féin nuair a cheap sé nach mórán a bhí in ann dóibh, an chaoi a bhfuil Fianna Fáil anois.

Is fiú aird a thabhairt ar an méid seo a dúirt De Valera ag cruinniú bunaithe Fhianna Fáil i 1926:

“The duty of Republicans, to my mind, is clear. They must do their part to secure common action by getting into a position along the most likely line of the nation’s advance. If you want to know what the direction of that line of advance at the moment is, ask yourselves what line a young man would be likely to take— a young man, let us say, with strong national feelings, honest and courageous, but without set prejudices or any commitments of his past to hamper him—who aimed solely at serving the national cause and bringing it to a successful issue.”

Tabhair faoi deara gur ar an “young man” a bhí sé ag caint. Ní raibh caint ar bith ar an “young woman”.

An duine óg a bheadh lán le tírghrá inniu, ní dóigh liom gur isteach i bhFianna Fáil a ghabhfadh sé ná sí.

Ach tá ceist mhór eile le cur fós: an nglacfadh Sinn Féin le Ó Cuív.

Seans maith go nglacfadh. Nár ghlac siad le Sinéad O’Connor?

Fág freagra ar 'Ó Cuív ag cliúsaíocht le Sinn Féin?'