Ó Clochartaigh éirithe as Sinn Féin de bharr ‘iompar nimhneach’ sa pháirtí

D’fhógair an Seanadóir Gaeltachta de chuid Shinn Féin ag preasócáid lasmuigh den Dáil tráthnóna go raibh sé ag fágáil an pháirtí mar nach raibh aon iarracht déanta acu déileáil le ‘fadhbanna tromchúiseacha’ agus mar go raibh coinbhinsiún toghcháin a bhí 'réamhshocraithe' beartaithe

Ó Clochartaigh éirithe as Sinn Féin de bharr ‘iompar nimhneach’ sa pháirtí

Tá sé fógartha ag an Seanadóir Gaeltachta Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil sé ag éirí as Sinn Féin. Dúirt an Seanadóir as Conamara gur chinn sé éirí as an bpáirtí mar “nár chloígh siad leis na caighdeáin ba chuí” i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar-Maigh Eo Theas. Dúirt sé go raibh coinbhinsiún toghcháin a bhí “réamhshocraithe” beartaithe don dáilcheantar.

Dúirt sé nár dhéileáil Sinn Féin le “deacrachtaí leanúnacha smachta” i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas agus chuir sé “sáruithe tromchúiseacha” ar chód eitice Shinn Féin i leith an pháirtí.

Luaigh sé chomh maith go raibh coinbhinsiún “réamhshocraithe” beartaithe don dáilcheantar.

Tá tuairimíocht le tamall ann faoin straitéis a bheadh ag Sinn Féin i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas don chéad olltoghchán eile. Sheas Ó Clochartaigh don pháirtí in Olltoghchán na bliana 2016.

Chaill Ó Clochartaigh a sheans ar shuíochán ar an 12ú comhaireamh agus ba í Hildegarde Naughton, ó Fhine Gael, a fuair an cúigiú suíochán sa dáilcheantar.

Dúirt sé go raibh súil aige go ndéanfadh ceannaireacht Shinn Féin “dianmhachnamh” ar a chinneadh éirí as agus go dtabharfaí isteach na “leasuithe cuí a theastaíonn”  chun déileáil le “hiompar nimhneach” agus chun cosaint a thabhairt “do bhaill an pháirtí atá ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh agus atá ag fulaingt de bharr mí-iompar mí-oiriúnach de chineál ar bith”.

Dúirt Ó Clochartaigh tráthnóna:

“Tá sáruithe tromchúiseacha ar Chód Eitice Shinn Féin tarlaithe i nGaillimh, nach ndearnadh tada fúthu agus iompar nach féidir glacadh leis i mo choinne-se agus in aghaidh baill eile go háitiúil, ó bhuíon bheag de dhaoine diongbháilte, uaillmhianacha agus neamhscrupallacha le blianta beaga anuas, nár cheart glacadh ar bith a bheith leis in aon pháirtí polaitíochta sa lá atá inniu ann.

“Thug mise, agus grúpa suntasach de bhaill eile atá míshásta, na heachtraí seo chun solais agus rinne muid iarrachtaí déileáil leo tríd na córais chuí  – go háitiúil, go réigiúnach agus go náisiúnta. Tá siad tugtha chomh fada leis an Ard-Chomhairle agus Oifig an Uachtaráin againn agus níl aon rogha eile fágtha againn chun déileáil leo taobh istigh den pháirtí. Bhí comhráití ar bun, suas go dtí maidin inniu fiú, ach is é an t-iarraidh a mharaigh an mhuc uilig, ná go bhfuil an páirtí dírithe go hiomlán, fiú inniu, ar thaobhú le lucht an mhí-iompair,breathnú an bealach eile agus treabhadh ar aghaidh le coinbhinsiún roghnúcháin an deireadh seachtaine seo, a bhfuil a thoradh leagtha amach roimh ré, dar liom, sula bhfuiltear tar éis déileáil mar is ceart leis na ceisteanna smachta atá ardaithe againn.”

Dúirt sé go raibh “an-ómós agus ardmheas” aige go fóill “ar fhormhór mór na bPoblachtánaithe dílse agus na n-ionadaithe tofa iontaofa sa bpáirtí, a oibríonn fíorchrua”.

“Ach, faraor, caithfidh mé a rá nach bhfuil na caighdeáin arda cleachtais a bhíonn muid ag éileamh lá i ndiaidh lae ó eagrais eile sa tír seo, dhá chleachtadh laistigh den pháirtí féin, in ainneoin ár gcuid iarrachtaí ar fad,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Ó Clochartaigh éirithe as Sinn Féin de bharr ‘iompar nimhneach’ sa pháirtí'

  • Eoin Ó Murchú

    Mar a tharla ní raibh Máiréad Farrell sa toghchán i 1916, agus sa deire chaill Sinn Féin suíochán tooisc nach raibh vótaí inaistrithe acu ó chathair na Gaillimhe. Da mbeadh ta seans maith ann go mbeadh suíochan ag Sinn Féin ach seans freisin gurbh í Mairéad a thógfadh é in ionad Threvor. Feicthear dhomsa go bhfuil se ag éirí as roimh an toghchán toisc go mbeidh Mairéad ar an tícéad an chéad bhabhta eile agus seans láidir aici ar shuíochán.

  • Seán Mag Leannáin

    Buille mór do SF é éirí as Trevor – ní hamháin i nGaillimh Thiar ach go náisiúnta. Ba ionadaí den scoth é agus Gaeilgeoir dílis. Guím gach rath air.

  • SÓB

    An bhfuil sé fíor le rá nach mbaineann Trevor leis an “eite Marxach” den phairtí agus go mbaineann Mairéad?

  • Eoin Ó Murchú

    Mar fhreagra ar SÓB: Is fíor a rá go bhfuil tacaíocht Uí Clochartaigh bunaithe i gConamara, ceantar a chuireann beirt theachta Dála ar aghaidh cheana (is go bhfuil sé deacair a shamhailt go bhféadfaí tríúr a chur). Baineann Mairéad le cathair na Gaillimhe, áit a bhfuil na hiarrthóirí eile níos laige. Mar sin tá seans níos fearr ag Mairéad le tacaíocht na cathrach – ráiteas nach mbaineann beag nó mór den sár-obair a rinne Trevor sa Seanad.