Ó ‘Bhóithrín Montague’ go dtí ‘Baile na Spúnóige’ – bailiúchán dhaltaí scoile na Ceathrún Rua curtha le logainm.ie

Tá bailiúchán de thart ar 100 mionlogainm a bhailigh daltaí Rang 6 Scoil Náisiúnta Mhic Dara ar an gCeathrú Rua curtha ar líne

Ó ‘Bhóithrín Montague’ go dtí ‘Baile na Spúnóige’ – bailiúchán dhaltaí scoile na Ceathrún Rua curtha le logainm.ie

Cuireadh bailiúchán nua le Logainm.ie le déanaí, bailiúchán de thart ar 100 mionlogainm a bhailigh daltaí Rang 6 Scoil Náisiúnta Mhic Dara ar an gCeathrú Rua.

Cuireadh an bailiúchán le chéile faoi stiúir Mháire Ní Chualáin agus i gcomhar le Stiofán de Bhailís, Pobal Rua.

Deir Máire Ní Chualáin gurb iontach an gaisce a rinne na daltaí ainmneacha garrantaí, bóithríní, carraigeacha, locha agus neart eile a bhailiú.

“Tá go leor athruithe ag tarlú agus go leor eolais maidir lenár gceantar agus ár dtraidisiún ag imeacht go sciobtha, agus sin an fáth ar tugadh faoin togra Mionlogainmneacha na Ceathrún Rua sula mbeadh sé ródheireanach.

“Cén bealach ab fhearr lena leithéid a dhéanamh ná gasúir scoile a chur ag tóraíocht agus ag seanchas lena muintir, a seanmhuintir agus a gcomharsana?”

Agus sin go díreach a rinne Rang 6 na bliana seo caite [2022 – 2023]. An rud céanna a rinne gasúir scoile ar fud na hÉireann idir 1937-1939, gasúir i Scoil Mhic Dara san áireamh, nuair a bhailigh siad eolas do Choimisiún Béaloideasa Éireann, atá ar fáil ar an suíomh Dúchas.ie.

“Chuaigh daltaí Rang 6 i mbun oibre i mBealtaine na bliana seo caite, agus bhailigh siad suas le 100 logainm. Bhí gasúir as bailte éagsúla sa rang, rud a chiallaíonn go bhfuil réimse leathan áitainmneacha ar fáil.”

Ar ndóigh, bhí cuid de na háitainmneacha seo ar eolas ag daoine cheana ach bhí cuid eile nach raibh.

“B’fhéidir nach raibh a fhios againn cén bunús go díreach a bhí leo. Tá daoine ann atá ina gcónaí sa gcuid thiar den Cheathrú Rua a chuala ‘Bóithrín Montague’, nó ‘Bóithrín Mountague’ mar a thugtaí air, ach tá go leor eile againn nár chuala trácht riamh air. Ach tá sé cloiste agus léite anois againn! Nó céard faoi Bhaile na Spúnóige, mar a thugtaí ar an mBaile Ard sa gCaorán Beag? Is cosúil nach raibh ach spúnóg amháin san áit agus go mbítí á cur ó theach go teach de réir mar a theastaigh sí!”

Rinne na daltaí an-obair, a deir Máire Ní Chualáin, agus tá toradh na hoibre le feiceáil ar an léarscáil dhigiteach a réitigh Stiofán de Bhailís agus atá ar an idirlíon le feiceáil ag an domhan mór.

“Beidh daoine a d’fhág an Cheathrú Rua na blianta fada ó shin in ann ainmneacha garrantaí, bóithríní, cnoic agus gleannta a raibh eolas acu orthu agus iad ina ngasúir, beidh siad in ann na háiteacha sin a fheiceáil ar an mapa, is cuma cén áit sa domhan ina bhfuil siad.

“Nuair a bhí na logainmneacha bailithe, ní raibh aon mhaith ann go dtiocfadh na daltaí ar thuras le go bhfeicfidís cá raibh cuid de na háiteacha seo a bhí luaite chomh maith le háiteacha stairiúla nach bhfaca cuid acu riamh cheana – an chéibh, an teach solais, Aill an Chlogáis, Oileán an tSionnaigh agus an Teaichín Faire ar an bPointe. Siar leo ansin go dtí an Diméin agus iad ag breathnú ar gach a bhfuil fágtha de theach mór an Diméin, síos ag an Damba agus scéalta faoi fhoghlaithe mara á gcíoradh, Gráinne Mhaol ina measc.

“Agus, ar ndóigh, Trá na Reilige, an reilig féin, Teampall Bharr an Doire/Teampall Inis Mhic Ádhaimh agus gach a raibh trasna an chuain – an battery [túr Martello], an stáisiún garda cósta – agus Lodge Chasla ó thuaidh.”

Bhí sé in am lóin faoin tráth sin agus in am filleadh ar an scoil, ach go ndearna siad am dóibh féin ar an mbealach le haghaidh uachtar reoite a ithe!

Tá Bailiúchán na Scol agus tionscadal Dúchas.ie ainmnithe do dhuais daonnachtaí digiteacha don tacar sonraí is fearr ag na Digital Humanities Awards.

Is féidir súil a chaitheamh ar na tionscadail spéisiúla uile agus vótáil roimh dheireadh an Mhárta anseo.

Fág freagra ar 'Ó ‘Bhóithrín Montague’ go dtí ‘Baile na Spúnóige’ – bailiúchán dhaltaí scoile na Ceathrún Rua curtha le logainm.ie'

  • WTF

    Fuinneog iontach eile ar an saol ‘sea an Ghaeilge.

  • Áine Ní Chonghaile

    Bail ó Dhia ar na gasúir agus an dream a stiúraigh iad ..an-obair