‘Ó, ba chóir an rud sin a choinneáil sa chlann – ach níl sé uaim féin’

Uaireanta ní bhíonn luach ar rudaí a shílfeá a mbeadh luach orthu ach bíonn ar rudaí eile a shílfeá nach mbeadh, mar a fuair ár gcolúnaí amach agus teach a mhuintire á fholmhú aige

‘Ó, ba chóir an rud sin a choinneáil sa chlann – ach níl sé uaim féin’

Agus teach ár muintire á fholmhú agam féin agus ag mo dheartháir óg bhí sé diabhalta deacair baile oiriúnach a aimsiú do roinnt giuirléidí a bhfuil luach mór ag baint leo ó thaobh na mothúchán de toisc go bhfuil siad i seilbh ár muintire leis na glúnta, ach nach mbeidh spás agam féin ná ag mo dheartháir óg fána gcoinne ceal spáis.

Ach oiread le hÉirinn, tá brú mór ar an margadh tithíochta san Ísiltír agus ní bhfaighfeá dhá árasáin fhairsinge ar luach seanteach amháin a dhíolfá.

Le cófra tarraiceán atá déanta as adhmad gallchnó a rinneadh i dtús an 19ú haois a thosaigh an chraic. Bhí sé i seilbh mhuintir m’athar ar feadh na nglúnta agus thug m’athair, a fuair le hoidhreacht óna mháthair féin é, dár máthair é mar bhronntanas pósta. Tá mealltacht ag baint leis, tá gach duine ar aon intinn faoi sin, ach chaithfeá dúil a bheith agat i dtroscán seanda agus tá sé chomh trom (agus chomh cuartha) le mamat lena chois.

‘Ó, ba chóir é sin a choinneáil sa chlann – ach níl sé uaim féin,’ a deir ár n-aintín, ár leathdheirfiúr agus ár leathdheartháir mór, na col ceathracha, na nianna agus na neachtanna, agus sin a deirimid féin, agus tá an diabhal rud fós san áit a raibh sé le breis agus leathchéad bliain anuas.

An scéal céanna leis an gcathaoir ard do leanaí atá breis agus céad bliain d’aois agus inar ith gach duine ar thaobh mo mháthar den mhuintir, muid féin san áireamh, ár gcéad béilte; le cathaoir ard ratáin i stíl Michel Thonet ón 19ú hAois; le seantrunca éadaí adhmaid agus miotail (mamat eile); le raidió mór as na 1950idí agus le dhá bhosca mór lán vásaí, bréagán seanda agus uirlisí ársa.

Gan coicís féin fágtha sula gcaithfimid an teach a thabhairt ar lámh do na húinéirí nua agus é folamh, thug muid cuireadh do ghaolta agus cairde teacht ar cuairt an deireadh seachtaine seo caite chun slán a fhágáil leis an teach (a bhí i seilbh ár muintire ar feadh breis agus leathchéad bliain) agus ‘cuimhneachán’ éigin a thabhairt leo dá mba mhaith leo.

Shaor mo nia agus a chailín ó chófra éadaí ard d’adhmad darach muid, bail ó dhéithe an deartha intí orthu, ach tá an cófra tarraiceán gallchnó, an seantrunca éadaí agus na mamait eile ar leagan Ísiltíreach den suíomh Ebay anois – €25 don chófra tarraiceán an tairiscint is airde go dtí seo – agus bhí muid ar tí na vásaí, na bréagáin agus na huirlisí ársa agus na giuirléidí eile ar fad a thabhairt chuig an siopa athláimhe nuair a bhéic col ceathrar dár gcuid:

‘Stad! An lampa sin, an féidir liom é sin a cheannach uaibh?’

Dhírigh sé a mhéar ar lampa miotail agus gloine a shamhlófá ar bord seanloinge paisinéirí nó an Orient Express.

‘A cheannach?’ a dúirt mé féin agus mo dheartháir óg. ‘Tabhair leat é, níl tada uainn ar a shon, má tá sé uait is leat é.’

‘Lampa i stíl Bauhaus de chuid Metalarte Valentino é sin. An bhfuil aon tuairim agaibh cén luach atá air?’

Chuaigh sé ar líne go sciobtha agus rinne cuardach. €1,050 an praghas meánach, agus ós rud é gur dhiúltaigh ár gcol ceathrar an lampa a thabhairt leis saor in aisce ghlac muid leis an gceathrú cuid.

Ar a laghad ar bith tá baile breá oiriúnach nua ag an lampa Bauhaus anois agus d’fhoghlaim mé féin agus mo dheartháir óg ceacht tábhachtach: ní bhíonn an luach ar nithe áirithe a gceapfá a mbeadh luach mór orthu ach ní bheadh a fhios agat cén luach a bheadh ar stuif a thabharfá chuig an siopa earraí athláimhe, agus is fiú an t-am a thógáil leis an difear a fháil amach.

Fág freagra ar '‘Ó, ba chóir an rud sin a choinneáil sa chlann – ach níl sé uaim féin’'