Nuair is crua don chailleach, caithfidh sí breathnú ar an gcruicéad…

Is mó i bhfad suim ár gcolúnaí i stair an chruicéid ná sa gcluiche féin

Nuair is crua don chailleach, caithfidh sí breathnú ar an gcruicéad…

Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

Níor cheap mé riamh go dtiocfadh an lá gur cruicéad a bheadh mar ábhar agam. ‘Nuair is crua don chailleach, caithfidh sí rith’ a deir tú agus séard a spreag anois mé ar ndóigh ná go bhfuil Éire ag imirt ‘mórchluiche’ den chéad uair faoi láthair.

Tá foirne cruicéid de chuid na hÉireann ag iomaíocht agus go deimhin ag dul thar lear ón mbliain 1879, ach go dtáinig an t-am seo anuraidh ba i ‘gcluichí aon-lae’ amháin a bhí cead imeartha acu de réir an leagain amach atá ag Comhairle Idirnáisiúnta an Chruicéid (ICC).

An Phacastáin atá tagtha chun imeartha go Mullach Íde an deireadh seachtaine seo sa gcluiche stairiúil agus ba bhua orthu siúd i gCorn an Domhain (aon-lae) in 2007 an chéad léargas a tugadh ar an bhfeabhas a bhí ar na himreoirí ab fhearr sa tír seo. Ceithre bliana dár gcionn chuir mé an teilifís ar siúl lá fuar fliuch i dtús an Mhárta, rud is annamh liom, agus trí sheans céard a thiocfadh os mo chomhair ach cluiche i gCorn 2011 – Éire chun cinn ar Shasana agus leath na himeartha déanta i Bangalore na hIndia.

Riamh roimhe ná ó shin níor chaith mé níos mó ná deich nóiméad ag breathnú ar chruicéad. An lá úd d’fhan mé leis gur bhuaigh Éirinn agus trí gheaitín le spáráil acu.

Ná fiafraigh díom! Ní fhaca mise, geaitín, bearna, fál, claí ná sconsa ach dúirt an tráchtaire gurbh iad na Páidíní a thug an lá leo agus ní raibh aon chall a dhul thairis sin. Ar aon dath ba ghaiscí mar sin a d’fhág gur fhógair an ICC anuraidh go raibh an t-ardú céime tuillte ag Éirinn agus iad anois ar cheann de dhosaen tír atá i dteideal ‘mórchluichí’ nó ‘test-cricket’ mar a deir an Béarla a imirt.

’Siad Sasana, an Astráil, an Afraic Theas, na hIndiacha Thiar, an Nua-Shéalainn, an India, an Phacastáin, Srí Lanca, an tSiombáib, an Bhanglaidéis agus an Afganastáin na cinn eile.

Ceathair nó cúig de laethanta a mhaireann na mórchluichí agus leis an mbreithiúnas atá mé in ann a bhaint as é casta go leor. Má tá an ceart agam bíonn sé i bhfad níos éasca meabhair a bhaint as an iomaíocht aon-lae .

Déanta na fírinne, is mó i bhfad mo shuim i stair an chruicéid ná sa gcluiche féin, go háirid sa gcuid sin de a bhaineann leis an gcaoi a raibh sé á imirt go forleathan i réimsí móra den tír seo go dtáinig tús an chéid seo caite.

Bunú Chumann Lúthchleas Gael agus Cogadh na Talún a chuir de dhroim seoil é, a chreideann go leor.

Bheadh dul amú ar an té a cheapfadh go mba sna cathracha agus sna bailte móra ba láidre a bhí an cluiche nó go mba iad an uasalaicme agus daoine gustalacha amháin a chleacht agus a d’imir an cruicéad.

Bhí tóir freisin air ag feirmeoirí, oibrithe feirme, oibrithe monarchan, buachaillí siopa agus ceardaithe.

Ní móide ach an oiread gur ábhar iontais go mba i gcuid de chontaetha móra iomána an lae inniu ba threise an cruicéad. Fiú nuair a bhí CLG roinnt blianta ar an bhfód agus cé go raibh an iománaíocht á himirt sa gcontae leis na céadta bliain roimhe, ba é an cruicéad an cluiche ba mhó a raibh tóir air i gContae Chill Chainnigh – beagnach 50 club ann in 1890.

Nuair a bunaíodh CLG sa bhliain 1884 bhí 130 cumann cruicéid i dTiobraid Árann.

Is le contae na hIarmhí a bhaineann an píosa taighde is suimiúla agus is críochnúla i dtaobh an chruicéid le linn an ama sin agus é curtha le chéile agus foilsithe ag Tom Hunt san iris History Ireland dornán blianta ó shin.

Cé go bhfuil scór contae in Éirinn níos mó ná an Iarmhí, fós sa mbliain 1900 bhí tuairiscí sna nuachtáin áitiúla ansiúd ar 64 cluiche cruicéid a d’imir cumainn de chuid na hIarmhí in aghaidh a chéile – 34 cumann ar fad.

Orthu siúd a chuir foirne chun páirce bhí Banna Práis Bhaile Átha Luain, Halla an Athar Maitiú, Clubanna Tráchtála Caitliceacha an Mhuilinn Chearr agus Bhaile na gCros, Clubanna Oibrithe na mbailte sin agus Chill Liúcainne (a raibh foireann ag stáisiún iarnróid an bhaile freisin), oibrithe Mhuilte Olla Átha Luain agus Theach na nGealt ar an Muileann Cearr.

Bailíodh an t-eolas atá san alt as staidéar a déanadh ar 170 imreoir cruicéid a chuaigh chun páirce do 17 club éagsúil san Iarmhí sna blianta 1900 -1901 agus tá sé treisithe ag foirmeacha Dhaonáireamh 1901.

Feirmeoirí agus a gclann mhac a bhí i gcroílár na himeartha (19%) agus ba iad siúd, seachas tiarnaí talún, a chuir páirceanna imeartha ar fáil. Ceardaithe ab ea 14% agus buachaillí siopa agus cléirigh 12%.

Caitlicigh óga singile ab ea a mbunáite – faoi bhun scór den 170 a bhí san áireamh a raibh cuing an phósta orthu.

In imeacht cúpla bliain chuile sheans go mba camáin i bhí i lámha na bhfear úd ar fad in áit bataí.

I mBaile Rinn a bhí ceann de na cumainn cruicéid ba láidre san Iarmhí – i 1903 déanadh cumann iománaíochta dó agus thréig na himreoirí ar fad an seanchluiche. Ba amhlaidh cás i mBaile na gCros, i nDealbhna agus i mBaile Shíomóin.

I mbaile mór an Mhuilinn Chearr atá an t-aon chumann cruicéid atá san Iarmhí inniu agus is ionann cás i ngach contae eile sna 26 contae.

Is i dtuaisceart Átha Cliath atá fáil ar an mbeagán foirne atá lonnaithe i mbailte beaga nó i gceantair thuaithe. Orthu sin tá cumann i mBaile an Ridire agus ceann eile ar an Ros.

Ba ansiúd a thosaigh Eoin Morgan ar a chuid imeartha agus bhí seisean ar fhoireann na hÉireann a bhuaigh ar an bPacastáin in 2007.

Go gairid ina dhiaidh sin thug sé a dhílseacht do Shasana mar go mba é mian a chroí cruicéad ag an leibhéal is airde a imirt go leanúnach.

Is é Eoin Morgan anois atá ina chaptaen ar fhoireann aon-lae na tíre sin agus is minic ráite aige é go mba mhór an cúnamh dó ar imir sé d’iománaíocht le linn a óige.

Fág freagra ar 'Nuair is crua don chailleach, caithfidh sí breathnú ar an gcruicéad…'

  • Des O Murchu

    Nios fearr na Zzzz cluichi sacar! Ar a laghad ta scorannna rialta! 0 0 nul points sacar! Des O Murchu