Bhí roinnt comhairle agam faoi chéad abairtí i bpíosaí ficsin an tseachtain seo caite.
Go hachomair: an t-aon jab amháin atá ag an gcéad abairt i bpíosa ficsin, dáiríre, ná an léitheoir a mhealladh chun an dara habairt a léamh.
Ach choinnigh mé an chomhairle is bunúsaí (agus, cá bhfios, is tábhachtaí) do cholún na seachtaine seo:
Gach seans nach mbeidh ar do chumas an chéad abairt a scríobh go dtí go mbeidh an píosa ficsin ar fad críochnaithe agat.
An chéad abairt a fheicfidh an léitheoir atá i gceist agam anois – seachas an chéad abairt a scríobh tú féin síos nuair a chuir tú tús leis an bpíosa.
Gach seans go mbeidh ort an abairt áirithe sin a scrios.
Ag dul ar mo thaithí féin atá mé anois.
Breis agus seacht mbliana ó shin a chuir mé tús leis an úrscéal atá á thabhairt chun críche agam faoi láthair.
Le trí nó ceithre bliana anuas agus eagarthóireacht á déanamh agam ar an saothar, níor tháinig athrú ar bith ar an gcéad abairt.
Bhí an abairt sin gearr agus mealltach (fiú más mé féin atá á rá.)
Bhí gníomh ar bun inti.
Léirigh sí gné lárnach de phearsantacht dhuine de na príomhcharachtair.
Ach b’iomaí athrú a tháinig ar an úrscéal ina iomláine in imeacht seacht mbliana. Tháinig forbairt mhór ar phearsantachtaí na bpríomhcharachtar le linn an ama sin agus rith sé liom le gairid nach í an ghné úd de phearsantacht an phríomhcharachtair a bhí á léiriú sa chéad abairt an ghné is tábhachtaí dá phearsantacht a thuilleadh.
Dá fhaide píosa ficsin (agus dá fhaide an t-am a chaitheann an scríbhneoir ina bhun) is ea is mó an seans, dar liom, nach ndéanfaidh an chéad abairt a shamhlaigh an scríbhneoir don phíosa nuair a chuir sé tús leis an bpíosa cúis faoin am a mbeidh an píosa críochnaithe aige.
Ach ar bhealach is maith an rud é sin.
Ciallaíonn sé nach bhfuil gá ar bith le strus agus imní agus tús á chur agat le píosa ficsin nua.
Cinnte, teastóidh an chéad abairt shealadach uait: caithfidh tú tosú in áit éigin.
Ach nach mór an faoiseamh gur féidir leat filleadh ar an gcéad abairt ag am ar bith agus abairt eile a chur ina hionad – chéad abairt a oirfidh don phíosa ina iomláine, na gnéithe nach raibh ar eolas agat féin nuair a chuir tú tús leis an bpíosa san áireamh?
Cá bhfios nach í chéad abairt an píosa an abairt dheireanach a scríobhfaidh tú sa phíosa sin.
Fág freagra ar 'Nuair atá tú i mbun pinn, caithfidh tú tosú in áit éigin…'