Bhí leabhar faoi chéad abairtí agam tráth.
Samhlaigh, leabhar iomlán faoin gcaoi is fearr le tús a chur le píosa scríbhneoireachta.
Níl mé fiú amháin chun an teideal a lua anseo. Chaith mé an leabhar sin amach. Bhí sé lán téarmaí faiseanta ó thionscal na scannán agus lena chois sin chuir an nóisean go mbeadh ort do chuid féin a dhéanamh d’ualach teoiricí sula bhféadfá tús a chur le píosa ficsin cantal orm.
Cantal agus strus.
Ar ndóigh bíonn tábhacht ar leith leis an gcéad abairt – tá a fhios ag chuile scríbhneoir agus go deimhin ag chuile léitheoir an méid sin.
Go hiondúil is í an chéad abairt, ag barr an chéad leathanaigh, an chéad léargas a fhaigheann custaiméir a bheadh ag breathnú timpeall i siopa leabhar ar shaothar a bhainfeadh sé anuas den tseilf (mura mbíonn an custaiméir sin cosúil liomsa – osclaímse leabhair sa lár.)
Agus go hiondúil is í an chéad abairt an chéad léargas a gheobhaidh foilsitheoir ar na céadta scríbhinní a fhaigheann sé sa phost gach mí agus cá bhfios nach í an chéad abairt sin a shocróidh cinniúint na scríbhinne: conradh foilsitheoireachta nó an bosca bruscair. (Mar a tharlaíonn, tá sé de cháil ar go leor foilsitheoirí go dtéann siad ar thóir píosa comhrá sna saothair fhicsin a fhaigheann siad sa phost ó scríbhneoirí nua. Mura mbíonn aon mhaith leis an gcomhrá, ní bhíonn aon mhaith leis an saothar.)
Ar na cúiseanna sin (agus in ainneoin na n-aguisíní a luaigh mé idir na lúibíní) luíonn sé le réasún go mbíonn cuid mhaith scríbhneoirí cráite ag an gcéad abairt.
Dá mb’fhíor don leabhar úd a chaith mé amach, bhí ar an gcéad abairt míle rud a dhéanamh laistigh de 40 focal.
Bhí láthair an scéil le léiriú.
Bhí an príomhcharachtar le léiriú.
Bhí príomhdhúshlán an phríomhcharachtair le léiriú agus bhí blaiseadh le tabhairt de na dúshláin thánaisteacha a bheadh roimhe nó roimpi, gan dearmad a dhéanamh, ar ndóigh, ar na constaicí inmheánacha a bheadh le sárú aige nó aici.
Ar luaigh muid na carachtair thánaisteacha go fóill?
Ar chinntigh muid go léireodh an chéad abairt stíl, scóip agus téamaí an leabhair?
Ar éirigh linn tuar faoin deireadh a bheidh ar an scéal a chur i bhfolach sa chéad abairt?
Ní dhearna muid dearmad an píosa a thosú in media res – i lár an aicsin – an ndearna?
Den chomhairle ar fad a dháiltear go flaithiúil (agus ní hamháin sa leabhar sin a chaith mé amach) faoi chéad abairtí i bpíosaí ficsin, is é an ceann deireanach sin – gur chóir don scéal a bheith faoi lán seoil nuair a thosaíonn sé – an t-aon cheann amháin a gcreidim ann go láidir.
Is dóigh liom féin go gcaithfidh gníomh éigin a bheith ar siúl sa chéad abairt, gníomh a bheadh spéisiúil go leor le go meallfaí an léitheoir chun an dara habairt a léamh.
Agus leis sin táimid tagtha chuig an sainmhíniú is fearr, dar liom féin, ar céard ba chóir don chéad abairt a dhéanamh.
Déan dearmad ar phríomhdhúshláin agus ar dhúshláin thánaisteacha, ar théamaí, ar mhacallaí den deireadh agus den láthair féin: níl le déanamh ag an gcéad abairt ach fonn a chur ar an léitheoir an chéad abairt eile a léamh.
Fág freagra ar 'Bhí leabhar faoi chéad abairtí agam tráth – chaith mé amach é'