Nuair atá tú ag tarraingt siar is léiriú don domhan mór é nach bhfuil tú ag buachan

Tá na hÚcránaigh amhrasach faoi chinneadh na Rúise tarraingt siar ó bhruach thiar abhainn an Dnipro agus chaithfeá na cúiseanna leis an gcinneadh sin a cheistiú

Nuair atá tú ag tarraingt siar is léiriú don domhan mór é nach bhfuil tú ag buachan

Tarraingt Siar

Is cinneadh thar a bheith suntasach é an cinneadh a d’fhógair na Rúisigh Dé Céadaoin tarraingt siar ó bhruach thiar abhainn an Dnipro mar léiríonn sé go bhfuil siad tar éis ceann droichid tábhachtach a ghéilleadh agus go bhfuil siad ag cur teorainneacha lena gcuid spriocanna sa chogadh. Ó thaobh an tsiombalachais de, nuair atá tú ag tarraingt siar is léiriú don domhan mór é nach bhfuil tú ag buachan. Ní gan dua a bheidh siad in ann thart ar 20,000 saighdiúir a athlonnú thar an abhainn.

Ag tús an chogaidh d’éirigh leo Kherson a bhaint amach go han-tapa agus tuairiscíodh go raibh siad in ann an droichead ar an Dnipro a thrasnú le cúnamh ó ghníomhaire de chuid fhórsaí slándála na hÚcráine. Briseadh ginearál de chuid seirbhís faisnéise agus slándála na hÚcráine as a phost in Kherson toisc gur cuireadh ina leith gur chomhoibrigh sé leis na Rúisigh roimh an ionradh.

D’éirigh leo seilbh a ghlacadh ar an gcathair agus díreach ina dhiaidh sin rinne siad roinnt iarrachtaí an t-aerfort atá lonnaithe taobh ó thuaidh den chathair a ghabháil. Chaill siad go leor saighdiúirí agus trealamh míleata sa chath agus tuairiscíodh gur maraíodh beirt Leifteanantghinearál sna hionsaithe freisin.

Tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar Kherson agus ar an aerfort thug siad a n-aghaidh ar Mykolaiv níos faide ó thuaidh chun an bealach chuig Odesa a oscailt. Ach d’éirigh leis na hÚcránaigh iad a stopadh agus an ruaig an chur orthu taobh amuigh de Mykolaiv.

Ceantar straitéiseach

Nuair a shocraigh na cathanna éagsúla sa cheantar síos ag tús an tsamhraidh bhí ceann droichid tábhachtach faoi sheilbh na Rúise ar bhruach thiar abhainn an Dnipro. Bhí sé thart ar 180 ciliméadar ar fad agus 60 ciliméadar ar leithead in áiteanna agus chiallaigh sin go raibh spás acu le fórsa láidir a chomhchruinniú agus ionsaithe a sheoladh ón gceantar. Ina theannta sin nuair a thrasnaigh siad an abhainn bhí smacht acu ar an soláthar uisce sa cheantar agus d’éirigh leo uisce a chur ar fáil díreach go dtí an Chrimé arís.

Mar gheall ar sheilbh na Rúiseach ar an gceann droichid bhí na hÚcránaigh i mbaol ionsaithe i dtreo Mykolaiv agus chalafort Odesa nó i dtreo chathair Kryvyi Rih agus lár na tíre. Anuas air sin dá n-éireodh leis na Rúisigh dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa Donbas bheadh siad in ann ionsaithe a sheoladh ar chúl na nÚcránach i dtreo chathair Dnipro. Bheadh an baol sin ann i gcónaí fiú dá dtiocfadh sos cogaidh fadtéarmach i bhfeidhm.

Ba léir do na hÚcránaigh dá mbeadh siad in ann an ceann droichid a athghabháil go mbeadh seans acu na buntáistí straitéiseacha a bhaineann leis a shéanadh ar na Rúisigh.

Frithionsaí na hÚcráine

Nuair a fuair na hÚcránaigh roicéid airtléire nua, ar a dtugtar HIMARS, ó na Meiriceánaigh bhí deis acu ionsaithe a dhéanamh ar armlanna agus ceanncheathrúna Rúiseacha a bhí lonnaithe i bhfad ón bhfronta. Bhí deis acu chomh maith ullmhú d’fhrithionsaithe.

Thosaigh siad ag déanamh ionsaithe cruinne ar dhroichid ar an abhainn ionas nach mbeadh na Rúisigh in ann trúpaí agus soláthairtí breise a thabhairt isteach sa cheann droichid. Mar gheall air seo bhí ar na Rúisigh báid farantóireachta, báirsí agus droichid phontúin a úsáid chun an abhainn a thrasnú agus a gcuid trúpaí a athsholáthar. Mar gheall ar na hionsaithe ar na ceanncheathrúna bhí ar na Rúisigh ceanncheathrú dá gcuid fórsaí sa cheann droichid a aistriú thar an abhainn chomh maith.

D’aithin na Rúisigh go raibh frithionsaí ar na bacáin agus d’aistrigh siad aonaid de scoth an airm ón Donbas agus ón oirthuaisceart chuig an gceantar mar ullmhúcháin chosanta, cinneadh a raibh tionchar nach beag aige ar chliseadh na Rúiseach san oirthuaisceart i gcúige Kharhiv.

Tar éis do na hÚcránaigh an frithionsaí a sheoladh ag deireadh mhí Lúnasa níor éirigh leo ach dul chun cinn teoranta a dhéanamh ar dtús toisc go raibh na Rúisigh ag súil leis, toisc go raibh fórsa láidir cosanta acu agus toisc go raibh cosaint ar doimhneacht eagraithe acu.

Ní dhearnadh mórán dul chun cinn ar feadh míosa ach ag tús mhí Dheireadh Fómhair d’éirigh leo briseadh trí línte cosanta na Rúise arís agus talamh breise a athghabháil.

Dúshlán na Rúiseach

Tar éis an dul chun cinn seo thosaigh na Rúisigh ag tarraingt siar riarthóirí, lucht tacaíochta agus daoine a raibh baint acu le húdaráis na Rúise i gcathair Kherson thar an abhainn go dtí an bruach thoir. Anuas air sin, thosaigh siad ag tochailt línte cosanta ar an mbruach thoir agus faoi láthair tá trí líne chosanta ar doimhneacht tógtha acu.

Tá tarraingt siar ar cheann de na hoibríochtaí míleata is deacra a bhaint amach agus ní bheidh na Rúisigh in ann 20,000 a athlonnú i gceann cúpla lá, seans go dtógfaidh sé roinnt seachtainí. Ar dtús caithfidh siad an fód a sheasamh ar an bhfronta is faide ón Dnipro ionas go mbeidh an príomhfhórsa in ann an abhainn a thrasnú go sábháilte. Ansin caithfidh siad na trúpaí cosanta ar an bhfronta a tharraingt siar gan na hÚcránaigh a bheith á gcoinneáil faoi shíorionsaí. Sa deireadh beidh ar an bhfórsa cosanta seo an abhainn a thrasnú agus iad faoi bhrú ó na hÚcránaigh.

Beidh na hÚcránaigh ag iarraidh an deis a thapú ionas go gclisfidh na Rúisigh go hiomlán ar an mbruach thiar gan ligean dóibh iad féin a mhealladh isteach i ngaiste a d’fhéadfadh a bheith ann.

Cúiseanna leis an tarraingt siar.

In ainneoin na socruithe daingne a rinne na Rúisigh chun an ceann droichid a chosaint, de réir dealraimh tá siad chun é a thréigean anois. Tá na hÚcránaigh amhrasach faoi chinneadh na Rúiseach agus caithfidh tú na cúiseanna leis an gcinneadh ag an am seo a cheistiú.

Gan amhras bhí tionchar nach beag ag an mbrú a cuireadh ar na línte soláthair mar gheall ar na hionsaithe HIMARS. Anuas air seo, nuair a fuair siad diúracáin frithradair, ar a dtugtar HARM, d’úsáid siad iad i gcoinne suíomhanna radair na Rúise rud a chiallaíonn go raibh na Rúisigh gan chosaint i gcoinne ionsaithe gnáth-airtléire agus ionsaithe ón aer in áiteanna. Gan amhras cuireadh leis an mbrú a bhí orthu mar gheall ar fhrithionsaithe na nÚcránach ar an talamh chomh maith.

Sa deireadh seans go raibh cinneadh le déanamh ag na Rúisigh: leanúint le cosaint an chinn droichid agus dul sa seans nach lagófaí a gcuid trúpaí a thuilleadh nó na trúpaí a tharraingt siar chun tús áite a thabhairt don chosaint ar an gcuid eile de chúige Kherson agus don chosaint ar an stráice talún idir an Rúis agus an Chrimé. De réir cosúlachta, tá siad tar éis an dara cinneadh acusan a roghnú.

Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'Nuair atá tú ag tarraingt siar is léiriú don domhan mór é nach bhfuil tú ag buachan'

  • Máirtín Ó Fainín

    Anailís chumasach thuisceanach mar is gnáth ó Mháirtín.

  • Owen

    Anailís an-spéisiúil.

  • Derry

    An-suimiúil, mar i gcónai.