Nuair a bhí an ‘seat cíche’ riachtanach i gConamara

Ní raibh de locht ar an gclár breá 'Roger Corman i gConamara' ach a laghad Gaeilge a bhí ann

Roger Corman i gConamara --On set 'A Very Unlucky Leprechaun'

Laoch lena linn féin é Roger Corman agus tá a fhinscéalta agus a mhiotaseolaíocht féin á leanúint (Roger Corman i gConamara, TG4, Dé hAoine).

Is é a thug an chos isteach in iomaire na scannánaíochta do Francis Ford Coppola, Ron Howard, Martin Scorsese, James Cameron, Peter Fonda, Jack Nicholson agus Robert de Niro fad is a bhí sé ag soláthar barrshaothar cosúil le The Saga of the Viking Women and their Voyage to the Waters of the Great Sea Serpent (1957), Deathstalker and the Warriors from Hell (1988) agus Stripped to Kill (1987).

Is é draoi na scannán B agus an bhuiséid shuaraigh. Is déantóir scannán é a raibh/a bhfuil sé mar bharrshamhail aige go mbeadh seat cíche ann faoi leathanach a trí, faoi mar a deir stiúrthóir Éireannach amháin linn agus é cur síos ar an eagla bhí air go bhfaigheadh sé an bóthar nuair nár sholáthraigh sé an seat céanna.

Maítear gur athraigh sé tionscail na scannánaíochta agus dá bharr bronnadh duais Oscar oinigh air in 2009. Is geal le script ceann dá scannáin é an scéal faoina thréimshe i gConamara.

I lár na naochaidí, i bhfad roimh an Tíogar, bhíothas ag prapáil do theacht TG4. Bhí fonn ar Údarás na Gaeltachta an oiliúint chuí a chur ar dhaoine le go mbeadh an earnáil réidh agus, dá bharr sin, bhíodar breá sásta tuairim is milliún euro a infheistiú i stiúideo Corman, Concrode Anois.

Ba chúinsí gnó a spreag Corman le teacht agus sna blianta torthúla, mearbhlacha sin, deineadh 20 scannán a thaifeadadh sa stiúideo agus sa cheantar máguaird.

Ba é, dar leis an bhfear é féin, an léiritheoir ba bhisiúla in Éirinn ag an am agus ríthshaothair cosúil le Spacejacked (1997), Bloodfest VII (1996) agus Criminal Affairs (1998) ag teacht ó cheárta na Tulaí.

Labhraíonn na cloigne cainte go maoithneach faoi ‘Scoil Scannánaíochta Corman’ ach níl dearmad déanta acu ar na buiséid shuaracha, an sclábhaíocht dhian agus na scripteanna gan dealramh.

Tharraing alt de chuid an Sunday Times go leor conspóide i 1997 agus é ag maíomh go raibh na cáiníocóirí (an tÚdarás) ag maoiniú pornagrafaíochta.

Tá moladh ag dul do lucht déanta an chláir gur éirigh leo agallaimh a fháil le leithéidí James Brolin, a stiúraigh scannán sa Ghaillimh, mar aon le hionchur tomhaiste, macánta a fháil ón bhfear é féin.

Bhí an clár ag spraoi le seánra na scannán B agus baineadh gáire asam ag féachtaint ar na teidil chreidiúna agus na radharcanna tosaigh, mar a raibh radharcanna ós na scannáin (leis na seatanna cíche riachtanacha úd) measctha le radharcanna do thírdhreach suaimhneach Chonamara agus ceol Gaelach.

Rud amháin a rith liom, agus a chuir as dom, ná a laghad Gaeilge a bhí sa chlár. Ní raibh aon tráchtaireacht ann agus b’iad na cloigne cainte a d’iompar an clár. Ní raibh ach ceathrar acu seo a raibh Gaeilge acu, rud a d’fhág go raibh an teanga go hiomlán in áit na leathphingne.

Tá raidhse cláracha cócaireachta ar gach cainéal ar an saolta seo agus is deacair, dá réir, do chlár nua gort bhranair a aimsiú. Ach is cuid riachtanach den sceideal iad na cláracha seo agus is é Ó Cuisine (TG4, Dé Mairt) an táirge is déanaí ó Bhaile na hAbhann.

Is inmholta an mhaise é go bhfuil láithreoir nua aimsithe don tsraith agus déanann Veronica Ní Ghríofa cúrsaí a stiúradh go cumasach, nádúrtha. Stiofán & Veronica Ó Cuisine TG4

Chuir sí a aoi, Stiofán Mac Donnchadha, ar a shuaimhneas, thug deis dó dul i mbun a chúraimí gan cur as dó agus chuir sí na ceisteanna cuí ag na hamanna cuí.

An struchtúr a bheidh le gach clár ná go n-ullmhóidh an cócaire béile trí chúrsa. Sa ghála seo, thaispeáin Mac Donnchadha dúinn go heolgaiseach, soiléir conas Gravlax de Bhradán, Brollach Éanlaith Ghuine Rósta le Purée Soiliriac agus Pióg Mionra & Úll le custard Baileys a ullmhú.

 

Fág freagra ar 'Nuair a bhí an ‘seat cíche’ riachtanach i gConamara'