Nuair a bheidh na hispíní ceadaithe beidh rud éigin eile á gcrá…

Tá na hargóintí a bhaineann leis an  mBreatimeacht casta, ach éiríonn siad níos casta fós nuair nach mbítear iomlán macánta fúthu

Nuair a bheidh na hispíní ceadaithe beidh rud éigin eile á gcrá…

Thosaigh an Breatimeacht cúig bliana ó shin. Gráin ar imircigh, ciníochas agus maoithneachas faoin impireacht a bhí caillte acu a spreag go leor sa Bhreatain le tacú leis an reifreann. Cúig bliana dár gcionn agus tá muid i lár chogadh na n-ispíní agus ag faire ar fhógra sna laethanta seo romhainn go bhfuil sos comhraic le bheith ar an ábhar.

Ní hin deireadh an scéil, ar ndóigh. Nuair a bheidh na hispíní ceadaithe beidh rud éigin eile ina chrá croí ag lucht cáinte Phrótacal Thuaisceart Éireann. Tá sé an-simplí nuair a chuirtear i gcomhthéacs simplí é. Ni cheadaíonn an tAontas Eorpach feoil reoite ná feoil fhuar isteach sa mhargadh aonair. Tá Tuaisceart Éireann fós sa margadh aonair agus dá réir na rialacha céanna agus atá san Aontas Eorpach i bhfeidhm ann i gcónaí. Rinneadh sin lena chinntiú nach gcaithfí teorainn chustaim a chur i bhfeidhm in athuair ar an oileán seo. Ní miste a lua gur de bharr ballraíocht san Aontas Eorpach a tháinig deireadh le seiceálacha custaim. Ní mar thoradh ar phróiseas na síochána a tharla sé.

Tá na hargóintí a bhaineann leis an  mBreatimeacht casta. Éiríonn siad níos casta fós nuair nach mbítear iomlán macánta fúthu. An cuimhin libh an bus mór a bhí ag Boris Johnson le linn an fheachtais reifrinn agus é ag maíomh go mbeadh £350 milliún in aghaidh na seachtaine ag teacht ar ais chuig an NHS? Cén difríocht atá idir sin agus punt ispíní a bheith ina lámh aige le héagóir an phrótacail a léiriú?

I léacht a thug sé i rith na seachtaine dúirt Chris Patten, iarchoimisinéir Hong Cong agus Cathaoirleach an choimisiúin as ar eascair seirbhís póilíneachta Thuaisceart Éireann, go bhfuil sé in am ag rialtas na Breataine éirí as na “porkies”, dearmad a dhéanamh ar na hispíní, an fhírinne a insint agus an prótacal a chur i bhfeidhm. Tá muinín sa mBreatain á scrios dar le Patten agus dochar á dhéanamh dá seasamh go hidirnáisiúnta. Ach tá siadsan diongbháilte leanacht leo ar an mbealach céanna a raibh siad le cúig bliana.

Idir an dá linn níl tuairim againn go fóill cén tionchar fadtéarmach a bheidh ag cinneadh na Breataine i reifreann 2016 orainne. Tá sé níos tromchúisí ná na hispíní. Tá buille eile buailte ar thionscal na hiascaireachta. Tá rialacháin agus rialacha nua go leor eile ar dhéantúsóirí agus ar lucht iompair. Go dtí go mbeidh Covid-19 ceansaithe, ní bheidh léargas iomlán againn ar an tionchar a bheidh aige ar an tráchtáil agus ar chúrsaí gnó.

Tá rud amháin cinnte. Tá míshuaimhneas cothaithe ag an scéal ar fad i dTuaisceart Éireann. Tá na hinstitiúidí ansin i mbaol chuile lá. Tá cosa curtha i dtaca ag aontachtóirí agus iad ag fanacht le tacaíocht ó Shráid Downing. Tacaíocht nach mbeidh ar fáil ach amháin má dhéanann sé sin leas do na Caomhaigh agus Boris Johnson. Tá go leor de na geallúintí a tugadh do phobal na Breataine cúig bliana ó shin fós gan chomhlíonadh. Agus níl aon duine cinnte fós céard a chiallaíonn an nath ‘Brexit is Brexit’!

Fág freagra ar 'Nuair a bheidh na hispíní ceadaithe beidh rud éigin eile á gcrá…'

  • An Teanga Bheo

    Achran in áit ar bith is polasaí dí de shíor sin an plean agus fuath do dhaoine Dia linn.

  • An Teanga Bheo

    Bréaga faoi £350Milliún don chóras sláinte gach seachtain ag mealladh daoine agus an Roinn Sláinte faoi bhrú ag ionsaí marfacha le bliain go leith, ní tuar maith é.

  • Eoin Ó Murchú

    Is fiú a chuimhneamh go dtagann os cionn 90% dena hispíní a itear sa tuaisceart ón tuaisceart. Is beag éilimh atá ann ar ispíní Sasanacha (agus is lú an mhaith leo freisin).

  • tomás ó muireadhaigh

    bréag i ndiadh bréag atá ann, tá a fhios ag madadh baile nach bhfuil an dara rogha ag Boris na an prótócal a chur i bhféim, agus ag na haontachtóirí a adhmháil nach bhfuil aon fhadhb ann leis, seachas fadhbanna amaideacha a cruthaíonn siad féin. Tá Eorap ag déanamh a seacht ndícheall ach caithfidh gi bhfuil deireadh ag teacht le sin fosta. Tá muid ag léim ó éigeandáil go éigeandáil agus anois ag ceann eile fá choinne séasur na hord buí agus ispiní curtha leis. Tá sé in am fas suas agus glac leis go bhfuil an margadh déanta.
    Alt maith atá ann a Mhairín, tuigeann tusa an scéal go hiomlán mar is gnáth duit,